Gach uile bhliain nach mór tar éis Chraobh na hÉireann cloisimid faoi na híobairtí dochreidte a rinne na buaiteoirí, na sléibhte a dhreapadar, na locha a shnámhadar, na míle a ritheadar agus na comharthaí osnádúrtha a chonaiceadar i gcaitheamh na bliana.
Is é Robert Quinn a stiúir an scéinscéal comhaimseartha osnádúrtha seo a taispeánadh níos túisce sa bhliain mar shraith theilifíse ar TG4 agus mar scannán lánfhada ag Film Fleadh na Gaillimhe le déanaí.