B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas?
Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann!
Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.