Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eagraithe organizers
" Bhí cruinniú ag taobh an bhóthair - Mount Pleasant - idir na heagraithe, ceannairí ó na deich mbanna ceoil a bhí i láthair agus an bheirt chigirí.
eagraithe organizers
" Dá mbeadh muinín ar bith ag na heagraithe san ealaín féin, ní bheadh sé chomh tábhachtach sin cleasanna mar seo a imirt chun aird a tharraingt ar na saothair.
timire organizer
" Ceapaimse gur easpa foirne cuid mhaith den fhadhb, áfach, mar dá mbeadh an timire agam le dul amach ansin le labhairt leis na daoine seo, ceapaim go ndíolfadh muid ár gcás.
Thimire Irish language organizer
" Cé mhéad duine atá fostaithe sa Chonradh i nGaillimh faoi láthair? Táim féin lonnaithe i gCathair na Gaillimhe, cé go bhfuil dualgais eile orm i mo phost mar Thimire Náisiúnta an Chonartha.
lucht eagraithe organizers
" Ní raibh lucht eagraithe na gcluichí ceannais ag dréim ach le 25,000 duine, agus bhí orthu na geataí a oscailt ar mhaithe le sábháilteacht nuair a tháinig breis agus 38,000 duine.
eagraithe organizers
" Ní hamháin sin ach tá teagascóirí, bainisteoirí agus lucht eagraithe foirne faoi bhagairt agus faoi bhrú le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach, cuma cé chomh beag.
an lucht eagraithe the organizers
" Na laethanta seo, tá an lucht eagraithe ag ullmhú don chéad ócáid eile, a bheas ar siúl an mhí seo chugainn.
eagraí organizer
" Tá meascán foirfe den chultúr Gaelach agat ansin agus (rud atá an-tábhachtach domsa mar eagraí!) tá dóthain seirbhísí poiblí ann: lóistíní, hallaí poiblí, óstáin, agus mar sin de.
eagraithe organizers
" Tháinig breis is 70% de na himeachtaí a bheidh le feiceáil i mbliana ón fheachtas poiblí a eagraíodh chun ábhar tionscadal nua a mhealladh isteach agus tá na heagraithe dóchasach go léireofar spiorad agus meanma na hEorpa ar bhealach an-dearfach in éagsúlacht agus i bhfuinneamh na dtionscadal a fuarthas.
thimire Irish language organizer
" Bhí sé ag obair mar thimire do Chonradh na Gaeilge agus bhí ranganna ar siúl aige gach seachtain sna blianta 1904-1905.
neach-eagrachaidh organizer
" Tha e an urra ris an neach-eagrachaidh, Brian Ó h-Eadhra, fear-ciùil agus co-chomhairliche ealain a tha stèidhte ann an Inbhir Nis, a' phròiseact a stiùireadh às leth goEvents.
t-eagraí organizer
" Mar sin, nuair a d’fhill mé ar Learpholl faoi Nollaig, chuaigh mé leis an AIL Bhí cara anseo i Walton, Helena Hardigan, ina ball cheana féin agus d’inis sí dom go raibh an t-eagraí, Alan Lenton, ina chónaí cóngarach dúinn i Bootle agus fuair mé cóipeanna den iris a d’eisíodh siad *‘Ireland Bulletin’* uaidh.
lucht eagraithe organizers
" (Tá lucht eagraithe na leachtaí seo le moladh go hard.
lucht eagair organizers
" Deir an lucht eagair agus cairde an chomórtais go bhfuil sé ag dul ó neart go neart agus go bhfuil an imirt ag treisiú leis.
lucht a eagraithe the organizers
" D’fhéadfaí áitiú ar lucht a eagraithe go bhfuil gach duine de na daltaí scoile i bPoblacht na hÉireann a bhfuil an comórtas dírithe orthu ag foghlaim na Gaeilge agus má tá €5,000 ar fáil don bhuaiteoir, ní bhrisfeadh sé an banc dá mbeadh €1,000 breise ar fáil ach an iarracht a bheith i nGaeilge nó dátheangach.
aisling lucht turasóireachta tourist organizers vision
" Bhí aisling lucht turasóireachta anois ina thromluí.
gnó-eagraí rathúil a successful business organizer
" Is gnó-eagraí rathúil é Brim agus is ceannaire é ar mhuintir dhúchais an cheantair.
lucht a heagruithe its organizers
" Cé go raibh tinreamh maith ar an gcomhdháil sin, ba bheag a tháinig aisti agus lucht a heagruithe fillte ar Éirinn ina diaidh.
lucht eagair the organizers
" Inné agus Inniu ======= Ach ag breathnú siar ar stair na 26 Chontae, cé a dearfadh go raibh lucht eagair an Chúnaint contráilte fá Riail Dúchais agus Riail na Róimhe? Nach bhfuil an stát ó dheas ag caitheamh uathu le scor bliain anuas na laincisí a chuir Eaglais na Róimhe orthu leis na céadta bliain? Nach raibh an ceart ag Carson agus Craig sa mhéid sin? Sin an fáth go bhfuil na cuimhneacháin atá romhainn ó thuaidh chomh tábhachtach céanna ó dheas is a bheas siad ó thuaidh mar, tá súil agam, fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid i dtreo tuigse níos doimhne as an stair agus go mbeidh muid ag breathnú ar imeachtaí iaróige, mar a déarfadh TG4, le súil eile.
don lucht eagair to the organizers
" 30am mar d'inis na poilíní don lucht eagair go mbeadh a lán oifigeach de dhíth ag an chluiche sacar *Everton v Sunderland* ag 12.
lucht eagair na himeachta the organizers of the event
" Dar le lucht eagair na himeachta, comharthaíonn an 'bazh-eilan' (baitín sealaíochta) an nasc atá idir na glúinte, idir ceantair, bailte agus bailte fearainn, agus idir spórt agus saíocht.
lucht eagair an chomórtais the competition organizers
" Ba iontach an lá peile é, agus is mór an chreidiúint atá ag dul do lucht eagair an chomórtais, chomh maith leis na foirne a thug orthu féin an t-aistear fada chun an chúinne seo den tír a dhéanamh.
lucht eagraithe organizers
" Má tá sé trom, tá aghaidh an bhuachalla óig air, agus go cinnte shíl lucht eagraithe an choinbhinsiúin go ngríosfadh sé an slua lena reacaireacht chroíúil.
lucht eagraithe organizers
" An amhlaidh go bhfuil dílseorí ag úradh tréasa s’acu féin in éadan stát na Breataine mar thréas a bheadh ann da gcuirfeadh siad in éadan a stáit féin le fórsaí airm; go bhfuil siad ag ceiliúradh bua bhagairt an fhoréigin; ag ceiliúradh an spreagadh a thug siad d’Arm Saoránach na hÉireann agus do lucht eagraithe Éirí Amach 1916? Ba é ceannlíne an News Letter Déardaoin seo caite *"A hundred years on, we’re still British"* – agus ar cén costas?
thig le lucht eagraithe an dúshláin the challenge organizers can
" Ins an dóigh seo thig le lucht eagraithe an dúshláin (Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) súil ghéar a choinneáil ar dhul chun cinn gach iomaitheora - nó a mhalairt.
ar intinn lucht a eagraithe in the mind(s) of the organizers
" Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.
duine de lucht eagraithe na féile one of the organizers of the festival
" Déanann duine de lucht eagraithe na féile, Liam Carson, cur síos ar chuid de na himeachtaí atá ar chlár na bliana seo.