in ord agus in inneall
in working order, organised
"Beidh greim bí againn nuair atá achan rud
in ord agus in inneall.
mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol
if you don't put your life in some sort of order
"Ach
mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol, ní bhfaighidh tú réiteach den mheáchan.
Leis an ról sin a chomhlíonadh
in order to fulfill that role
Leis an ról sin a chomhlíonadh, níorbh féidir géilleadh agus admháil go raibh aon locht ar thaobh s'acusan.
a d'ordódh deoch as Gaeilge
who would order a drink in Irish
Bhí ráfla ann go bhfaigheadh aon duine
a d'ordódh deoch as Gaeilge ar leathphraghas í, rud nár dheimhnigh mé riamh.
i bhfach le dlí agus ceart
in favour of law and order
An UUP! An páirtí is mó atá
i bhfach le dlí agus ceart, dar leo féin.
in ord aibítreach
in alphabetic order
(Is maith le hÉamonn Ó Doornail - eagarthóir *Beo Ar Éigean *- an uaim a bheith
in ord aibítreach i gcónaí, agus éiríonn an fústaire rud beag fosaoideach agus fuadrach agus fuascrach fiú, mura ndéantar gníomh de réir a thola.
eagar ceart a chur ar a saol
to put their life in order
Tá na mílte leabhar le ceannach sna siopaí na laethanta seo a bhfuil sé mar sprioc acu cur ar chumas daoine
eagar ceart a chur ar a saol agus iad a chur ar bhealach a leasa.
grádaithe in ord deacrachta.
graded in order of difficulty.
Dá bharr sin tá na dlúthdhioscaí
grádaithe in ord deacrachta.
ar mhaithe le cluiche a bhuachaint.
in order to win a match.
Tá sé ráite ag iarimreoirí agus ag iarbhainisteoirí cáiliúla le déanaí go bhfuil na daoine thuasluaite go léir sásta rud ar bith a dhéanamh
ar mhaithe le cluiche a bhuachaint.
d'fhonn na milliúin a dhúnmharú.
in order to kill millions.
Níl a fhios agam arbh é nádúr mothálach ba chúis leis an ngol nó mothúchán tobann ciontachta a bhuail í nuair a chonaic sí an trealamh a chuir a comhthírigh chun feidhme
d'fhonn na milliúin a dhúnmharú.
ar mhaithe leo féin a chosaint,
in order to protect themselves,
Ina dhiaidh sin,
ar mhaithe leo féin a chosaint, dhún na *Tūhoe* na bealaí chun a gcuid tailte, agus chuir siad bac roimh shuirbhéanna na Coróine agus tógáil bóithre.
san ord tosaíochta
in the order of priority
Tá an Roinn Talmhaíochta imeallaithe i dtreo na gcliathán mar aireacht
san ord tosaíochta le blianta beag anuas.
in ord tábhachta:
in order of importance
*CMA: Ach cloisimid an méid sin faoi iomaíochas agus faoi chostais?*
DMW: Tá siad sin ann go cinnte ach is mar seo a chuirfinn fadhbanna na tíre
in ord tábhachta: ar dtús, margadh na tithíochta, na bainc agus na fiacha; ansin, pá san earnáil phoiblí; ar deireadh, na cuideachtaí ilnáisiúnta.
Le tosach a bhaint de
in order to forestall
Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh.
roghnófaí
in order to elect
Ó Bhearna go Carna
Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go
roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
fá eagar
in order
Sochaí ina gcoimeádann an Críost Liútarach agus an Kaiser Gearmánach fá riar,
fá eagar agus fá smacht phiúratánach iad.
d'fhonn
in order to
Déanfaidh an leanbh tástálacha ina thimpeall
d'fhonn eolas a chur ar an domhan.
d’fhonn
in order to
”
Ós rud é gur as na hOileáin Fhilipíneacha is Meiriceá Theas formhór na n-oibrithe baile sa Bheilg, téann siad ar an Aifreann agus
d’fhonn teagmháil a dhéanamh leo, chuaigh OR.
d’fhonn
in order
Bhí McGorry, arbh as Baile Átha Cliath dó, i láthair ag an searmanas ar an lá náisiúnta
d’fhonn tréaslú lena chomarba, agus bhí an méid seo le rá aige ina dhiaidh nuair a cuireadh ceist air faoi ráiteas Ausflag:
*It's time Australia grew up.
fá choinne
in order to
Tuigeann muintir na hÉireann anois go raibh siad i bhfad níb fhearr as faoi mo thaoiseacht ná faoi cheannasaíocht … á… á… Ach, ní
fá choinne mé féin a chur chun cinn atá mé anseo, a Bhaloir.
d’fhonn
in order to
Bhí an tOifigeach Ceannais ag iarraidh iad a sheoladh chuig cúrsa traenála
d’fhonn iad a ullmhú roimh An Iaráic agus bhí ar an príomhoide litir a chur a fhad leis ag impí air gan é seo a dhéanamh go dtí go mbeadh a gcúrsa oideachais sa choláiste críochnaithe.
ionas go
in order that
Sula dtéann siad ar ais, cuirtear clibeanna ar a n-eireaball,
ionas go bhfuilimid ábalta gluaiseacht nó taisteal na rónta a thaifeadadh.
d’fhonn
in order to
Ní rabhas féin ann, ar ndóigh, ach is mór agam go raibh garmhac liom i láthair,
d’fhonn an ciorcal spioradálta a iomlánú.
d’fhonn a leigheas
in order to cure them
Bíonn an-chuid smuga ina gcuid scamhóg freisin agus de réir a chéile éiríonn sé níos deacra do na frithbheathaigh a fháil a fhad leis na hionfhabhtuithe
d’fhonn a leigheas.
Ar mhaithe le béasa
in order to be good mannered
Ar mhaithe le béasa, lig me orm go raibh siad ag cuidiú liom nuair a bheirinn greim láimhe orthu chun iad a tharraingt aníos.
le haghaidh coimhlintí a chur ar bun
in order to initiate conflicts
Ag cur síos ar an tír mar “drong” a bhaineann leas as cosaint mionlach
le haghaidh coimhlintí a chur ar bun, dúirt sé gur chóir gach ambasáid Iosraelach a dhúnadh ar fud na hilchríche.
d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil
in order to save his humanity
Do thagair an tUachtarán do James Joyce in aitheasc amháin, ach níor thagair sé don iomarbhá idir *Leopold Bloom* agus an *Cyclops* anróiteach in *Ulysses*, nuair a thugann Bloom droim láimhe don stair
d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil.
le chéinne a choinneáil leat
in order to keep your audience
Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh
le chéinne a choinneáil leat.
chun an scéal a bhogadh chun tosaigh
in order to move matters forward
Chas feidhmeannaigh ón dá eagraíocht le chéile ar Lá Bríde agus leagadh amach spriocanna áirithe
chun an scéal a bhogadh chun tosaigh.
d’fhonn
in order
Is é an trua go mbeadh tíortha eile ag baint leas as daoine mar iad le huisce faoi thalamh a dhéanamh in aghaidh daoine in Éirinn, nó leis na seanfhaltanais a shocrú thar lear, faoi náisiúnú BP i Libia fágaim, le rialtais a chur de dhroim seoil i dtíortha thar lear
d’fhonn teacht ar thoibreacha ola agus mar sin de.
d’fhonn iad a dhíbirt
in order to expel them
Ní hamháin go staonfaidh na húdaráis inimirce de na hinimircigh seo a ghabháil
d’fhonn iad a dhíbirt, ach féadfaidh na hinimircigh iarraidh ar na húdaráis inimirce a ndíbirt as an tír a iarchur ar feadh dhá bhliain agus cead oibre a thabhairt dóibh ar feadh na tréimshe sin.
le toirmeasc a chur ar
in order to ban
Ritheadh an Immigration Restriction Act sa bhliain 1901
le toirmeasc a chur ar “aicmí éagsúla” teacht chun na hAstráile ar inimirce, muintir na hÁise chun tosaigh i measc na n-aicmí seo.
ar son a bheith béasach
in order to be polite
Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach
ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.
d’fhonn a oileadh
in order to train the child
Cheap siad gur chóir a bheith fíordhian ar pháistí,
d’fhonn a oileadh i gcomhair an tsaoil chrua a bhí roimhe.
ar mhaithe le costaisí móra cothabhála a ghlanadh
in order to clear large maintanence costs
Thosaigh an Veinéis ag díol spásanna fógraíochta roinnt blianta ó shin
ar mhaithe le costaisí móra cothabhála a ghlanadh agus feictear toradh an chinnidh sin inniu sna fógraí móra, ag díol só-earraí atá le feiceáil fud fad Piazza San Marco.
d’fhonn
in order to
*‘A lonely murmur of abandonment’* ab ea an second inaugural dar le Guelzo, ‘death like in the leafless trees’, óráid stáit a chuireann riocht polaitiúil síoraí ar féinfhuath Duncan tar éis dó fuil a dhoirteadh
d’fhonn ‘athbreith nua na saoirse’ eile a bhaint amach dá ghlúin féin.
d’fhonn an fhadhb a fhuascailt
in order to overcome the matter
Ní hamháin sin, ach
d’fhonn an fhadhb a fhuascailt – agus is mar fhadhb a thréithrigh rialtas an lae na cúrsaí seo – eagraíodh reifreann chun Bunreacht na hÉireann a leasú.
d’fhonn
in order
Is é atá i gceist le gáinneáil ar dhaoine ná iallach a chur ar dhuine, trí chomhéigean nó trí chalaois, rud éigin a dhéanamh i gcoinne a thola
d’fhonn brabús a thuilleamh.
d’fhonn tús a chur leis
in order to start
Agus sinn ag iomrascáil leis an dtraidisiún ársa caillte seo, scríobh sé mar gheall ar “coimcne” nó *“a shared universe of Irish cultural discourse and identification”*, ré chaillte a chuireann iachall orainn *“selective construction”* a dhéanamh
d’fhonn tús a chur leis an staidéar stairiúil ex post facto.
ar mhaithe le cosaint chearta daonna
in order to defend human rights
Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad
ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
le go laghdófaí costais riartha an stáit
in order to pull back the costs of running the state
Táthar i gcónaí a rá go bhfuil barraíocht daoine ag obair san earnáil phoiblí ó thuaidh agus go gcaithfidh an earnáil phríobháideach jabanna a chruthú dóibh
le go laghdófaí costais riartha an stáit, ach níor fhás an earnáil phríobháideach le 58 mí anuas.
d’fhonn
in order (to)
Ag deireadh 2005,
d’fhonn stádas níos socra a fháil, rinne an tUasal Mallak iarratas ar dheimhniú eadóirseachta, rud a dhéanfadh saoránach Éireannach de.
d’fhonn
in order to
Ó bhunaigh James Whelton Coderdojo i gcomhpháirt leis an bhfiontraí idirlín Bill Liao i mí Meithimh 2011, tá breis agus 130 club nó dojo mar thugtar orthu oscailte ó Árainn Mhór go *St Petersburg*,
d’fhonn scileanna ríomhchlárúcháin a mhúineadh don aos óg faoi bhun sé bliana déag d’aois.
leis an mhilleán a chur orthu
in order to blame them
Rinne siad untermenschen scáfara den phobal Chaitliceach
leis an mhilleán a chur orthu agus maireann a oidhreacht sin.
D’fhonn an cuspóir seo a chur i gcrích
in order to achieve this aim
D’fhonn an cuspóir seo a chur i gcrích tá roinnt beartas sriantach á gcur i bhfeidhm atá chun aimhleasa, ní amháin daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad, ach sciar maith Briotanach, leis.
D’fhonn deireadh a chur le calaois
in order to end abuse
D’fhonn deireadh a chur le calaois den sórt seo, teastaíonn ó Theresa May córas nua a thabhairt isteach ina gcuirfí daoine faoi agallamh i gcomhair víosa mac léinn.
D’fhonn cur i gcoinne teoiric
in order to oppose K’s theory
D’fhonn cur i gcoinne teoiric Kopernik agus an status quo cosmeolaíochta a chosaint .
d’fhonn
in order to
Ós rud é nach bhfuil aon sásra achomharc neamhspleách chun cinntí inimirce a athbhreithniú, téann daoine nach n-éiríonn lena n-iarratais chun na gcúirteanna
d’fhonn cead isteach chun na tíre a fháil dá ndaoine muinteartha.
d’fhonn obair a fháil
in order to get work
Scéal Samplach
======
I ndiaidh dá thuismitheoirí bás a fháil, shocraigh Eric Tabo go dtréigfeadh sé a thír dhúchais ar son na hEorpa
d’fhonn obair a fháil a ligfeadh dó soláthar dá dheartháireacha is deirfiúracha.
le scríobh faoi alt ar bith
in order to write about any article
ie) nach mbeadh ar an éinne sa phobal clárú isteach
le scríobh faoi alt ar bith a fhoilseofaí ar an iris, nuair a athchóiríodh an suíomh idirlín achar gairid blianta ó shin.
d’fhonn
in order (to)
Ach os a choinne sin, taispeánann Simon an daonnacht i lár an uaignis, an daonnacht a fheictear i riocht sean-nósanna na cathrach: caitheamh an luaithrigh amach sa teiscinn tar éis bhás duine muirneach le linn Mardi Gras, béilí ollmhóra cáiliúla an Quarter, an comhoibriú díograiseach idir na ceoltóirí
d’fhonn na dauphins sóisearacha ina measc a chosaint le linn am an ghátair
leis an méar a shíniú i gcoinne
in order to point the finger (of accusation)
Ní hé nach raibh treibheachas ag sní tríd an tír le linn na ngníomhaíochtaí uafáis a thit amach ansin le blianta beaga, ná ó ré King Idris, ach tá sé in am anois ráiteas uafáis de chineál an bhuama sin a dhéanamh
leis an méar a shíniú i gcoinne Mhuintir Warfalla.
d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach
in order to obtain political aims
Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú,
d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
chun díospóireachtaí a sheachaint
in order to avoid debates
Ligeann daoine áirithe orthu gur Ceanadaigh iad nuair a théann siad ar saoire,
chun díospóireachtaí a sheachaint.
ní le ciall a bhaint as a bhfuil ag titim amach
not in order to make sense of what’s happening
Is gá a leithéid a dhéanamh,
ní le ciall a bhaint as a bhfuil ag titim amach i dtuaisceart na hÉireann ach le fail amach cad é chomh hamaideach is atá sé.
coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint
it wasn’t produced in order to protect national security
Níos measa fós, sceith Ian Cunliffe, iarfheidhmeannach i Roinn an Phríomh-Aire in Canberra, an rún go raibh faisnéis ag seirbhís rúnda na hAstráile a léirigh go raibh na fir neamhchiontach, ach gur
coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint.
ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith
in order that no demo would succeed
Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin,
ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh.
chun an daonlathas a chosaint
in order to defend democracy
Ceapann siad gurb ionann agus coinsias a bheith ag glacadh le rialacha ó eaglais éigin agus,
chun an daonlathas a chosaint, go gcaithfidh tú diúltú dó sin.
le seasamh i gcoinne
in order to stand against
Cé gur thaitin sé go mór leis a bheith ag bualadh le ceannairí mór le rá agus é ag taisteal fud fad na cruinne, d’éirigh sé as an aireacht tar éis bliain go leith
le seasamh i gcoinne Gillard don cheannaireacht.
nach millfí ceantair ard áilleachta
in order that places of great beauty would not be ruined
D'fhéadfadh an Bord seo a bheith i mbun beartas náisiúnta a dhréachtadh lena chinntiú go gcuirfí áiteanna faoi leith ar leataobh d'fhorbairt agus
nach millfí ceantair ard áilleachta.
d’fhonn
in order to
Iarrachtaí Idirnáisiúnta chun Cúrsaí Imirce is Forbartha a Chomhordú
=======================
Mar thoradh ar iarrachtaí ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe, eagraíodh an chéad Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA i 2006
d’fhonn gnéithe ilchineálacha den imirce is an fhorbairt a chíoradh.
d’fhonn
in order to
Tá an-chuid déanta ó na nóchaidí ar aghaidh
d’fhonn teorainneacha an Aontais a dhaingniú agus daoine nach bhfuil cuireadh tugtha againn dóibh a choimeád amach.
Chun dul i ngleic leis
in order to deal with
Chun dul i ngleic leis an ngné seo, tá córas isteach / amach molta ag an gCoimisiún Eorpach mar chuid de bheartas a dtugtar “teorainneacha cliste” air.
Le obair an rialtais seo a mheas
in order to estimate the work of this government
Le obair an rialtais seo a mheas is fiú go mór an comhthéacs a bhreathnú.
le freastal ar chúrsaí oiliúna
in order to attend a training course
Tá an ASTI ag seasamh astu féin in aghaidh glacadh le socrú a chiallódh nach laghdófaí pá an chuid is mó de na múinteoirí (iadsan faoi bhun €65,000 sa mbliain) ach go mbeadh ar gach múinteoir a bheith ar fáil sa scoil ar feadh uair a’ chloig breise
le freastal ar chúrsaí oiliúna agus ar chruinnithe éagsúla, idir chruinnithe foirne, cruinnithe le tuismitheoirí agus cruinnithe pleanála.
ar mhaithe le
in order to
Déisigh na Breataine Bige
===========
An tríú seachtain de mhí Lúnasa bíonn geallta dá gcuid féin acu i gCill Chiaráin, rud ar scigmhagadh é ar ndóigh, mar is
ar mhaithe le codladh mín a dhéanamh ar an uisce a tógadh na báidíní beaga seo an chéad uair agus ní le siúl ná deifir.
Ní d’fhonn
not in order
Ní d’fhonn an rochtain seo a leathnú is a fheabhsú a oibríonn an mheitheal seo, ar ndóigh.
ionas go
in order that
Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún
ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
ar mhaithe leis an chogadh a sheachaint
in order to avoid a war
An bhfágfaidh siad an mhangaireacht polaitíochta ar leataobh
ar mhaithe leis an chogadh a sheachaint? An bhfuil sé de mhisneach acu a bhunreacht a chosaint, nó mar a dúirt Des Ó Máille blianta ó sin, an seasfaidh siad an fód ar son na Poblachta? Beidh súile na hEorpa – agus na Rúise – ag faire orthu go géar.
le mo rothar a chosaint
in order to protect my bike
Sin ráite muna n-éiríonn liom uirlis nasctha níos saoire ná guthán cliste a aimsiú
le mo rothar a chosaint, beidh an rothar á ghoid mar gheall ar luach na huirlise in ionad luach an rothair…!
Ach samhlaigh dá mbeinn in ann slisín beag GPS a cheangal de mo rothar bheadh an tseirbhís nua seo ó Bug Labs foirfe chun an rothar a leanúint.
ar an ord geilleagair idirnáisiúnta
in the international financial order
Ní hamháin go bhfuil athrú ó bhun go barr
ar an ord geilleagair idirnáisiúnta ach tá cuid mhaith de thíortha daonlathacha an iarthair tite chun mífheidhme.
chun cur ina luí ar dhaoine
in order to convince people
Measann Robert McMillen go bhfuil líomhaintí á ndéanamh i gcoinne Shinn Féin le tamall anuas
chun cur ina luí ar dhaoine nár cheart leasuithe móra a dhéanamh ar an tseirbhís phóilíneachta sna Sé Chontae.
d’fhonn gnó a chur i gcrích
in order to do business
Míníonn Roseanne Smith dúinn san alt seo nach gá a thuilleadh, buíochas do Dhia, do chárta creidmheasa a nascadh le *Paypal* ná lena leithbhreac
d’fhonn gnó a chur i gcrích ar an idirlíon.
d’fhonn cúpla pingin a dhéanamh
in order to make a few coppers
Is cosúil gur díoladh áilleacht roinnt de shéadchomharthaí na Veinéise
d’fhonn cúpla pingin a dhéanamh.
le blaiseadh de shaol na seanimirce
in order to taste the emigrant life some time back
Bhí John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí leabhar Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí,
le blaiseadh de shaol na seanimirce as Éirinn ó dhuine a d’fhág cuntas foirfe ina dhiaidh.