Comharthaí an Bháis:
=========
Tá comharthaí an bháis chuile áit anois: i roinnt de na siopaí is le gnúsacht a fhreagraítear mé nuair a labhraím Gaeilge; sna
ollmhargaí áitiúla cloisim freastalaithe meánaosta ag labhairt Béarla le seandaoine nár chleacht Béarla riamh cé go labhrann siad Gaeilge liomsa agus le corrchancrán eile ar nós mé féin; tá roinnt de na foirne peile sa gceantar á dtraenáil trí Bhéarla, amhail is nach bhféadfaí duine le Gaeilge a fháil.