Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu:
- A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na cúinsí agus iad féin a ‘
oiriúnú chun maireachtála; nó
- B) Rachaidh siad ar imirce; nó
- C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó
- D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.