Is billiúnaí é an bailitheoir ealaíne Freidrich Christian Flick, agus garmhac agus oidhre Friedrich Flick (1883-1972), duine de phríomhdhéantóirí arm na Naitsithe, ar gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana air i 1947 as coireanna éagsúla a dhéanamh, ina measc sclábhaithe a úsáid ina chuid monarchana, agus seilbh a ghlacadh ar mhaoin Ghiúdach.
Tugann an cnuasach léargas cruinn fairsing ar oidhreacht liteartha an dá phobal Gael, ó fhilíocht Sean-Ghaeilge an 6ú haois go dtí filíocht Ghaeilge an 21ú haois.
Sa deireadh lonnaíodh an bailiúchán i Músaem Belvedere i Vín, áit ar fhan sé go dtí gur chuir neacht leis na Bloch-Bauers, Maria Altmann (90), a tháinig slán ó chinedhíothú na Naitsithe í féin agus atá ina cónaí i Meiriceá ó shin, gur chuir sí tús le cás gan fasach sa Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe chun go dtabharfaí an bailiúchán ar ais do na hoidhrí dlisteanacha.
Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe ó shin i leith.