Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ba léir it was obvious
" "Am amú," a dúirt sé agus ba léir go raibh sé go hiomlán in aghaidh ár gcultúir dhúchais.
gur léir that it's obvious
" "Dúirt an cathaoirleach gur léir nach bhfuil cás ar bith acu, nach fiú éisteacht lena dtaobh siúd den scéal," arsa sí.
níos soiléire more obvious
" Tá an pholaitíocht idirnáisiúnta mar chuid níos soiléire den saol laethúil na laethanta seo.
an-soiléir very obvious
" Cé go bhfuil mé i mBéal Feirste le deich mbliana anois, téann sé dian orm go fóill déanamh amach cé acu grúpa lena mbaineann duine, ach amháin má tá sé an-soiléir, mar shampla más Wesley nó Seamus an t-ainm atá air.
ba léir it was obvious
" Le mo Ghearmáinis, bhíos in ann iad a thuiscint anois agus arís, ach ba léir go raibh an chanúint an-fhada ón chaighdeán.
ba léir gur bhraith sé sa mbaile ann. it was obvious he felt at home there.
" Cuireadh an-fháilte roimhe, mar a thuigfeá, agus ba léir gur bhraith sé sa mbaile ann.
ba léir óna iompar it was obvious from his behaviour
" Chuala mé óna bhean Maureen go raibh imní air faoin bhia sa phríosún – shíl sé go raibh nimh ann agus stad sé ag ithe go rialta agus ba léir óna iompar go raibh fadhb mheabhrach aige.
ba léir gur ghoill sé go mór uirthi it was obvious that it bothered her a lot
" “Eagla” a dúirt bean amháin agus ba léir gur ghoill sé go mór uirthi go mbeadh áit thábhachtach i bpolaitíocht a tíre ag an drong tuaisceartach seo.
mionlaigh shofheicthe, obvious minorities
" Deir Mind fosta go bhfuil saol na nÉireannach thall chomh deacair is atá sé do na mionlaigh shofheicthe, is é sin, na daoine gorma agus daoine ón Áis.
Is léir go ndeachaigh an eachtra go mór i bhfeidhm air It is obvious that the whole affair affected him greatly
"Is léir go ndeachaigh an eachtra go mór i bhfeidhm air – bhí sé uaigneach agus bhraith sé go raibh sé fágtha ar an trá fholamh ag an *Irish Times*.
siombail phaiteanta obvious symbol
" Níl aon dabht faoi ach gur siombail phaiteanta den tíorántacht agus den ansmacht é an Tóirse Oilimpeach anois.
ba ríléir it was perfectly clear/ obvious
" Ghlac foirne as 56 tír páirt sa chomórtas agus, i gcodarsnacht ghéar le comórtais spóirt go leor eile, ba ríléir go raibh rannpháirtíocht i bhfad ní ba thábhachtaí ná buachan.
ba léir it was obvious
" ba léir an méid sin ar an duilleog páipéir a bhí marcáilte buí ina glaic aici, an bhéim leagtha ar phointe thall is abhus.
Ba léir it was obvious
" Ba léir an méid sin ar an duilleog páipéir a bhí marcáilte buí ina glaic aici, an bhéim leagtha ar phointe thall is abhus.
ba léir was obvious
" Nuair ba léir i 2008 nach raibh sa chuid is mó de na hidirbheartanna ach airgead samhailteach, thit an tóin as an tionscal, agus thit an domhan airgeadais leis.
Ba léir dom it was obvious to me
" Ba léir dom go raibh na páistí ag baint taitnimh as an naíonra.
Is ríléir it is blatantly obvious
" Is ríléir go raibh na coinníollacha aimsire ar 7 Feabhra i bhfad ní ba mheasa ná a bhí siad in Canberra sé bliana ó shin, nuair nach raibh an teocht ach timpeall ar 40 céim Celsius.
Is léir it's obvious
" Is léir don saol mór is don domhan donn go bhfuil an cultúr gaelach go mór faoi bhláth in Éirinn faoi láthair, go bhfuil spreacadh úr éigin ann.
Is soiléire more obvious
" Is soiléire é seo i rith Seachtain na Gaeilge atá buailte linn.
is léir it's obvious
" Agus na léirsithe in aghaidh la vie chère a chonachtas le roinnt seachtainí anuas i Martainíc agus i nGuadalúip ar éigean thart, is léir go bhfuil na seirbhísí póilíneachta san airdeall ar aon chorraíl shibhialta.
is léir it's obvious
" Ach ar aghaidh leis na ceisteanna! Balor: Dá mbeifeá i do Thaoiseach ar an tír seo, cad é a dhéanfá chun muid a tharraingt amach as an phuiteach ina bhfuil muid? Beairic: Bhuel, is léir domsa, agus mé ag féachaint isteach ón taobh amuigh, go bhfuil an tUasal Cowen ag dul an bealach ceart; agus go bhfuil an Tánaiste ag cuidiú go mór leis ar an aistear aisteach gáifeach seo.
ba léir it was obvious
" Lá deas geal a bhí ann agus bhí aoibh mhaith orainn uilig, ach ba léir go raibh seisean fós trína chéile faoin tubaiste.
ba léir it was obvious
" Chuir na dúnmharuithe déistin ar an phobal - agus ní abraim an dá phobal, mar ba léir gur labhair idir náisiúnaithe agus aontachtaithe d'aon ghuth an iarraidh seo.
gur léir it's obvious
" Tá ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin.
ba léir obvious
" Baineadh siar as Balor, mar ba léir nuair a tháinig sé chuige féin, nó thosaigh sé ag caint faoi rún Fatima nár scaoileadh fós agus faoin Apacailipsis.
Is léir it's obvious
" Is léir ó na coinníollacha seo nach raibh aon fháilte roimh an lucht dídine ar na víosaí cosanta sealadacha cur fúthu sa tír seo.
ba léir it was obvious
" Nuair ba léir do rialtas George W.
Is léir it's obvious
" Is léir nach mbeidh sé éasca na hainmhithe seo a dhíothú, cé go bhfuil airgead go leor ar fáil don scéim.
soiléir obvious, clear
" Bíonn sé soiléir ón gcéad chomhairimh, de ghnáth, cé thógfas an chéad is an tarna suíochán.
Ba léir it was obvious
" Ba léir dom ag an am go mbeadh an bhróg ag teannadh ar chúrsaí Gaeilge ach go háirithe.
Is soiléire it's more obvious
" Is soiléire ná riamh, áfach, nach amhlaidh atá an scéal.
léir obvious
" Níl mé i dtaithí ar dhá cheist a fhreagairt in aon abairt amháin, ach ós léir do chách an meas atá agam ort mar iriseoir agus mar dhuine – más féidir duine a thabhairt ar do leithéid – freagróidh mé do chuid ceisteanna mar seo: is féidir agus ní déarfaidh.
starógach glaring, obvious
" Measann siad dís, de réir dealraimh, go bhfuil ag éirí léi, cé nach bhfuil ach fianaise starógach ar fáil le tacú a thabhairt dá dtuairim.
Ba léir it was obvious
" Ba léir gur mheas na húdaráis sa dá thír go raibh ábhar ceiliúrtha ann, ach ba ríléir go raibh cúiseanna buartha – fiú náire - ann freisin i dtaca leis an méid a tharla sa Tíomór Thoir, ní hamháin deich mbliana ó shin ach le 34 bliain anuas.
ríléir very obvious
" Ba léir gur mheas na húdaráis sa dá thír go raibh ábhar ceiliúrtha ann, ach ba ríléir go raibh cúiseanna buartha – fiú náire - ann freisin i dtaca leis an méid a tharla sa Tíomór Thoir, ní hamháin deich mbliana ó shin ach le 34 bliain anuas.
ba léir it was obvious
" Cé go bhfuil an-mheas agam ar thiomantas agus ar thionscantach an ghrúpa Tonntóirí, ba léir nach raibh mórán clú acu conas an fheidhm is fearr a bhaint as.
is léir it's obvious
" ’ Agus deir Máirín Nic Eoin: ‘Cé nach raibh sna cainteoirí Gaeilge ach an cheathrú cuid den líon daoine a sholáthair eolas faoin nGorta do Choimisiún Béaloideasa Éireann sna tríochaidí agus sna daichidí, is díol spéise gur i nGaeilge atá daichead faoin gcéad den ábhar a bailíodh an uair sin agus mar a deir Cormac Ó Gráda: ' Má thugtar sracfhéachaint ar na freagraí, is léir go raibh caighdeán eolais an ábhair i nGaeilge i bhfad nios saibhre ná mar a bhí sa Bhéarla'.
Ba léir it was obvious
" Ba léir ón tús go raibh deighilt i measc an fhreasúra i dtaca leis an idirbheartú.
Ba léir it was obvious
" " Ba léir dom gur shíl sé go raibh sé ag dul sa treo ceart, d'ainneoin ar léirigh an compás.
Is léir it’s obvious
" Is léir nach bhfuil pobal labhartha na Gàidhlige ag maireachtáil ach ar an ghannchuid le hais na suáilcí atá ag pobalteanga na Gaeilge.
is soiléire it’s more obvious
" Ach is ar an talamh is soiléire atá dul chun cinn na Síneach le feiceáil.
is léir it’s obvious
" Ach nuair a bhreathnaítear ar na huimhreachaí do na haoisghrúpaí éagsúla, is léir gur beag duine fásta faoi bhun 50 bhliain d’aois a bhí in ann a éileamh go raibh Gaeilge acu, ar Chliara ceithre scór bliain ó shin.
Ba léir it was obvious
" Ar Son na Príomhchathrach ======== Ba léir cúig bliana déag ó shin go raibh ag teip ar Bhaile Átha Cliath soláthar ar mhuintir na cathrach ar mhórán bealaí.
Is léir it’s obvious
" ‘Ag Machnamh ar Imeall Dhún Chaoin' (Ó Ríordáin) ============ Is léir go ndeachaigh na cluichí Gaelacha i bhfeidhm go mór ar Anna.
is follasach it’s obvious
" Aon trian amháin den ghás aiceanta atá le haimsiú ar domhan fós, tá sé anseo, agus nuair a chuirtear san áireamh gurb í an Rúis an t-onnmhaireoir is mó de ghás aiceanta dá bhfuil ann faoi láthair, is follasach gur mian leo an ról sin a dhaingniú.
feiceálach obvious
" Bhí luas lasrach faoi troid Chraoibhe le Dong chomh maith agus cruinneas thar na bearta glan feiceálach ann.
Is léir don dall it’s so obvious
" Is léir don dall, áfach, nach bhfuil aon cheangal ginealaigh, polaitiúil ná cultúir ag an Bhard leis an tír seo ach bhí Healey sásta tabhairt faoin teoiric ar aon nós.
Is léir it’s obvious
" Is léir ar a tuin chainte ar an nguthán nach gcuireann nuacht bhás a hiníne isteach ar an seanlady.
léir clear, obvious
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
Óir is léir because it’s obvious
" Óir is léir gur theip go tubaisteach ar an sprioc a leag an tAire amach sa Dáil an lá úd.
Ba léir it was obvious
" Ba léir óna chuid cainte nár chreid sé gur eisceacht a bhí sa Roinn Oideachais agus gurb amhlaidh an scéal i gcuid mhaith ranna rialtais agus eagrais stáit eile.
Is ríléir it’s more than obvious
" Is ríléir don té atá eolach ar an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael go bhfaigheann “stát na nGiúdach” an lámh in uachtar beagnach i gcónaí.
is léir it’s obvious
" Dá iontaí é an dul chun cinn atá déanta ó thuaidh, is léir gur sochaí leithscartha a bheas againn go cionn fada go leor eile.
Ba léir it was obvious
" Ba léir i lár na míosa seo caite go ndeachaigh cúrsaí airgeadais in olcas arís.
Is léir it’s obvious
" Is léir ón leagan críochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge nach bhfaca ach dornán beag acu sin solas an lae.
Tá sé soiléir it’s obvious
ba leid shoiléir was an obvious hint
" Ciallaíonn sé “bréagach uasal”, agus ba leid shoiléir é faoin dearcadh a bhí ag Assange.
is soiléir it’s obvious
" Cibé tréithe eile atá ag Assange, is soiléir go seasann sé go dlúth lena chuid prionsabal.
Is léir it’s obvious
" Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta.
Ba léir it was obvious
" Ba léir gur shíl McGuinness nach raibh a chomhghleacaí inchurtha leis an dúshlán agus sin an fáth gur ghlac sé freagracht don Fheidhmeannas sa ghéarchéim.
ba ríléir it was more than obvious
" Nuair a labhair an feisire Bandt sa díospóireacht ba ríléir a láidre a chreideann sé gur chóir pósadh comhghnéis a cheadú.
Is léir it’s obvious
" Is léir go raibh sé ag smaoineamh mar fhear geilleagair agus ní mar eolaí polaitíochta.
léir obvious
" Má tháinig sí agus roinnt daoine eile slán ón longbhriseadh, tá a deartháir, Sebastian, caillte agus is léir faitíos uirthi faoi céard atá i ndán di sa tír iasachta seo darb ainm Illyria.
ba léir it was obvious
" Is léir gur thuig bunaitheoirí Quora go raibh daoine ag úsáid an idirlín chun ceisteanna a fhreagairt agus ba léir ó leithéidí *Twitter* agus *Facebook* go raibh siad ag cur níos mó muinín i bhfreagraí ó dhaoine in ionad a chur sna freagraí a fuair siad ó chuardach Google.
chodarsnacht soiléir obvious contradiction
" Caithfidh an Lucht Oibre an chodarsnacht soiléir a láimhseáil idir a bheith ag caint faoi Éamonn Gilmore a bheith ina Thaoiseach agus a bheith ag diúltú ag an am céanna aon iarracht a dhéanamh tacaíocht a lorg ó Shinn Féin agus ó iarrthóirí ar an eite chlé ar nós Joe Higgins, Finian Mc Grath, Catherine Murphy agus Séamas Healy, a mbeadh fonn orthu vótáil do Gilmore dá mbeadh An Lucht Oibre dáiríre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
Ba léir it was obvious
" Ba léir go raibh siad scantraithe go dtitfeadh an rialtas nuair a tharraing na Glasaigh amach mar go bhfágfaí an fhreagracht ar an Lucht Oibre i gcomhrialtas le Fine Gael an Bille Airgeadais a threorú tríd an Oireachtas.
Ba léir it was obvious
"Ba léir oíche an léirithe i Scoil Sailearna nach bhfuil deireadh leis an scéal seo go fóill.
Is léir it’s obvious
" An dtiocfadh?”** Enda: “Is léir nach bhfuil tuiscint dá laghad agatsa ar an modus operandi atá agamsa agus ar na cuingeacha a chuir mé orm féin le bheith i mo Thaoiseach.
is léir it’s obvious
" Tá na héin tosaithe ar na saolta beaga seo ag déanamh neadacha agus is léir go bhfuil siad fós misniúil deimhneach go mbrisfidh a n-ál as an mblaosc an ráithe úrnua seo.
is léir don té it’s obvious to anyone
" D’ainneoin cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.
níor léir wasn’t obvious
" In ainneoin simplíocht agus iargúltacht an oileáin féin, níor léir go raibh bochtanas millteanach ag cur isteach ar bhunadh na háite in aon chor.
Ba léir it was obvious
" Buail an Ceann is Seachain an Muineál ====================== Ba léir gur beag difríocht atá idir na príomhpháirtithe ó thaobh na hidé-eolaíochta de.
Ba léir it was obvious
" Ba léir go raibh an t-oideachas ar na clocha ba mhó ar phaidrín na Sandanistas.
ba léir was obvious
" Faoi dheireadh an fheachtais, bhí na postaeirí céanna ag breathnú beagáinín seafóideach, de réir mar ba léir go raibh tacaíocht Fhine Gael ag neartú.
is léir it’s obvious
" Bhíodh fógra i nGaeilge, i bhfad níos lú, ann blianta ó shin ach tá an ceann nua feiceálach agus is léir go bhfuil na hAlbannaigh mórtasach as a dteanga féin agus iad faoi bhealach chun an neamhspleáchais.
Is ríléir it’s very obvious
"Is ríléir go ndeachaigh an dúthracht sin i bhfeidhm go mór ar mhuintir an oileáin.
ba léir was obvious
" Faoi dheireadh an fheachtais, bhí na postaeirí céanna ag breathnú beagáinín seafóideach, de réir mar ba léir go raibh tacaíocht Fhine Gael ag neartú.
an-soiléir very obvious
" Imirt an Ama ======= **SMM: Caithfidh sé go bhfuil na hathruithe sa mbaile an-soiléir duitse thar dhuine ar bith eile.
Ba léir it was obvious
" Ba léir nach raibh Frainc róthógtha leo mar smaoineamh.
Is follas it’s obvious
" Aoibhinn beatha an scoláire Bhíos ag déanamh a léighinn; Is follas daoibh, a dhaoine, Gurab dó is aoibhne in Éirinn.
Ba léir it was obvious
" Ba léir do chách ó Dhomhnach na Fola ar aghaidh gur beartas amaideach a bhí ann agus i 1981 bhí mé féin sa *Troops Out Movement*, buíon a bhí ar son réiteach polaitiúil agus in aghaidh chos ar bolg Arm Shasana.
Is léir it’s obvious
" Is léir go bhfuil móramh mhuintir na hÉireann sásta an líne mheafarach sin sa ghaineamh ar a raibh gach tráchtaire teilifíse ag caint le linn chuairt Bhanríon Shasana, a tharraingt.
ba léir it was obvious
" Cé go gcreideann go leor daoine gur tháinig na muirthéachtaí sa taobh sin domhain aniar aduaidh ar na Stáit Aontaithe, ba léir óna chuid cainte gur ócáid cheiliúrtha a bhí ann.
is léir it’s obvious
" Anuas ar sin, is léir go bhfuil na meáin úra ag feidhmiú lasmuigh den chomhthéacs eitice agus dlíthiúil atá leagtha síos do na meáin sheanbhunaithe le fada.
deighilteanna soiléire obvious divisions
"deighilteanna soiléire eile le haireachtáil in ardscoileanna Mheiriceá freisin - sna ciníocha.
Ba léir it was obvious
"Ba léir nach raibh a fhios ag Collins óg cad é an tslí bheatha a bhí de dhíobháil air.
Ba léir seo this was obvious
" Ba léir seo nuair a bhris bó amháin ar shiúl ón tréad.
Is léir it’s obvious
" Saibhreas na Gaeilge ar Ghoirt an Óir ================== Is léir ón taighde atá déanta ag Noone agus Doyle, chomh maith le staraithe eile, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de na hinimircigh Éireannacha sa naoú haois déag: tá fianaise ann go raibh Gaeilge ag daoine a bhí gar don choirpeach aitheanta Ned Kelly.
is léir it’s obvious
" Ní raibh dlí na Róimhe ach ina thús, ach is léir gur mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí ó shin.
léir obvious
" Ní hamháin gur léir gur cuma le muintir na hÉireann ar chruinnigh siad le hallas a malacha a bheith á ghoid uathu, ach is cuma le daoine chomh maith a maslú.
is léir it’s obvious
" Cé mhéad cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge a bhí i Meiriceá Thuaidh? Agus, ó is léir go bhfuil líon na bhfoghlaimeoirí ag titim le tamall, cad is féidir a dhéanamh chun seo a athrú? Cérbh é an réalta eolais ab fhearr i Meiriceá Thuaidh ab fhéidir a léiriú mar mhúnla d'athshlánú teanga? Mar a tharla, bhí an chomhdháil ar siúl i gceantar inár chas cainteoirí Fraincise sruth an Bhéarla ar ais ó sheachtóidí an chéid seo caite anuas.
ba léir it was obvious
" ”* Nuair a thug an nádúraí táscmhar, Charles Darwin, cuairt ar an Astráil sa bhliain 1836 ba léir nach ndeachaigh an mhuintir dhúchais i bhfeidhm air ón méid seo a scríobh sé fúthu ina leabhar aistir: *“… harmless savages wandering about not knowing where they shall sleep at night and gaining their livelihood by hunting in the woods.
ba léir it was obvious
" Bhí mo chroí im bhéal agam mar ba léir gur gadhar an-speisialta a bhí anseo agam agus bhí plean rúnda agam é a ghoid agus é a thabhairt liom ar camchuairt an domhain.
Ba léir do chách it was obvious to all
" Ba léir do chách go raibh tallann eisceachtúil peile aige ach, ní ar fhoireann shinsir Átha Cliath a thug Jim aghaidh, ach ar Astráil na gréine agus na *Melbourne Demons*.
ba léir it obvious
" Coláiste é seo inar féidir le daoine freastal air len iad a ullmhú le dul ag obair mar shaorálaithe sa tríú domhan ach ba léir trí iniúchadh an *BBC* go raibh míchleachtais go leor ar siúl ann, faraor.
Ba léir it was obvious
" Ba léir go raibh naisc idir an coláiste agus an líonra Tvind (nó *The Teacher’s Group* atá mar chuid de) atá lonnaithe sa Danmhairg.
Ba léir it was obvious
" Ba léir go raibh a lán suime ag muintir na háite san ábhar, mar bhí orm ticéad a fháil don chruinniú roimh ré agus bhí an halla mór lán go doras.
is léir go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ann it’s obvious that the place is a mess
" Nuair a bhreathnaím ar bhunchuspóirí an mhisin agus ar na cúinsí míchuí ar an talamh in Uruzgan, is léir go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ann.
Is léir dúinn fosta it’s obvious to us also
" Is léir dúinn fosta go raibh lochtanna móra ar dhearadh an Aontais Airgeadais.
ba léir go it was obvious that
" Cé nach bhfacthas í, dúradh linn go raibh díthreabhach ina chónaí áit éigin sa díseart! Ar ndóigh, baineann turasóireacht le Deiridh Seachtaine Gaeltachta freisin, agus ba léir go raibh áthas ar phobal Keswick an slua seo as Toronto a fheiceáil ag cur fúthu agus ag ceannach a n-earraí sna siopaí áitiúla.