Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi chomaoin obliged to
" Tá muid faoi chomaoin acu sin a throid ar son Raidió na Gaeltachta, ansin Gaeilge ar an teilifís agus, ina dhiaidh sin, bealach teilifíse Gaeilge.
bheinn faoi chomaoin agat I'd be greatly obliged to you
" "A Bhean Mhic an tSaoi," a dúirt sé, "níl d'fhear céile á *hire*áil agam, ach do bheinn faoi chomaoin agat muna mbraithfeá go gcaithfeá an scéal ar fad a insint do na tuismitheoirí!" Seal san ollscoil ======= Tar éis na scoile, chuaigh Máire go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí an Léann Ceilteach agus nuatheangacha - Gaeilge, Béarla agus Fraincis.
go mór faoi chomaoin ag much obliged to
" Táimid go léir go mór faoi chomaoin ag an múinteoir Fraincise sin a spreag é le dul leis an scannánaíocht! *Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin.
faoi chomaoin greatly obliged
" Táimid go mór faoi chomaoin ag Deirdre Davitt i bhForas na Gaeilge.
faoi chomaoin greatly obliged
" Táimid go mór faoi chomaoin ag Deirdre Davitt i bhForas na Gaeilge.
go mór faoi chomaoin ag Michael greatly obliged to Michael
" “Tá mé go mór faoi chomaoin ag Michael mar gur thug sé isteach sa bhuíon mé, agus chuir sé ina luí orm go dtiocfadh liom roinnt airgid a dhéanamh ag an ealaín seo.
go mór faoi chomaoin aige. greatly obliged to him.
" Krauss le caoga bliain anuas agus tá muid go mór faoi chomaoin aige.
go mór faoi chomaoin ag Colmcille greatly obliged to Colmcille
" Táimid go mór faoi chomaoin ag Colmcille mar gheall ar an tacaíocht leanúnach a chuireann siad ar fáil don sparánacht, ar bhain breis is 100 mac léinn a tháinig go hÍle buntáiste aisti le cúig bliana anuas.
go mór faoi chomaoin ag greatly obliged to
" Tá Críostaithe den eite dheis go mór faoi chomaoin ag airgead Moon chomh maith.
faoi chomaoin obliged
" Tá CLG faoi chomaoin ag TG4 as ucht an mhéid sin.
mo chúramsa I’m obliged
" Is é cuid mhór de mo chúramsa daoine a chur ar an eolas faoi theicneolaíocht agus faoi na féidearachtaí a bhaineann léi i gcomhthéacs gnó agus fiontraíochta.
tánn sé mar dhualgas orainn we are obliged
" Tá poll ollmhór mar sin, i bpolaitíocht na heite clé agus ins na blianta atá amach romhainn, tánn sé mar dhualgas orainn, mar fhreagracht tromchúiseach ar an eite chlé fíor, gluaiseachtaí nua a chur chun cinn a thabharfaidh ionadaíocht mhacánta radacach le malairt pholaitíocht, malairt eacnamaíochta a chur chun cinn.
agus fad saoil agat I'm much obliged
" **SMM: Go raibh míle maith agat a Bhríd agus fad saoil agat.
tá dualgas ar Éirinn Ireland is obliged
" Lena chois sin, tá dualgas ar Éirinn faoin sprioc atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach gearradh siar ar na hastaíochtaí CO2 idir seo agus 2020.
mar dhualgas ar obliged
" Mheabhraigh sé go raibh sé mar dhualgas ar Aire na Gaeltachta a chinntiú san am a bhí le teacht go mbeadh *“the viability of new firms is much more thoroughly established by the Údarás before State funds are invested and that the Údarás, through better monitoring of the performance of existing firms, should identify at an early stage, before large amounts of scarce exchequer resources have been wasted, (on) projects lacking viability.
bhí dualgas orm I was obliged
" ** BNN: Bhí cáil ar an leabhar, ceann de mhórshaothair an fhichiú céad agus dá bhrí sin bhí dualgas orm mar aisteoir is mar bhean as Conamara é a fháil i gceart.
de dhualgas orainn we’re obliged
" Labhair sé ar dtús le Bullaí Buí Mac an tSiúlaigh: **Balor: Inis dom, a Bhullaí, cad tuige gur gá daoibh an mórshiúl a chleachtadh fríd an cheantar áirithe seo? Nach iomaí áit eile a dtiocfadh libh siúl, áiteanna a mbeadh na múrtha fáilte romhaibh?** Bullaí: An ag magadh atá tú, a Bhaloir? Nach dtuigeann tú a dhath ar bith? Ar léigh tú do Bhíobla riamh? Tá sé scríofa sa Bhíobla, i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar, go bhfuil sé de chead againn, agus de dhualgas orainn, mórshiúl a bheith againn fríd Ard Eoin.
go mór faoi chomaoin greatly obliged to
" Tá lucht na Gaeilge san Astráil go mór faoi chomaoin ag Noone as a shaothar éachtach a thugann léargas dúinn ar chuid dár stair a bhí dofheicthe le fada.
Tá dualgas ormsa I’m obliged
" Tá dualgas ormsa mar Rí ar an chreag seo i lár na farraige mo phobal a choinneáil saor ó chathú agus ó cháim.
mbíonn dualgas orthusan they’re obliged
" De réir mo bharúlasa, níor cheart go mbeadh an Taoiseach agus an Tánaiste mar bhaill den Chomhairle mar go mbíonn dualgas orthusan a gcuid reachtaíochta a chosaint.
tá dualgas ar an Stát the state’s obliged
" Chuala muid go léir leithéidí: “De réir an Acht Teanga tá dualgas ar an Stát gach uile doiciméad oifigiúil a aistriú go Gaeilge agus caitear na milliúin Euro ar an chúram seo gach bliain” nó “gheobhaidh tú pointí breise san Ardteist má dhéanann tú do chuid scrúduithe i nGaeilge.
is é cúram an ealaíontora the artist is obliged
" Agus seo: ‘nuair atá an mhiotaseolaíocht imithe as an saol, is é cúram an ealaíontora an athmhiotaseolaíocht a chumadh leis an ábhar ar fad atá ar fáil dó’.
de dhualgas ar na Sasanaigh the English were obliged
" Ba chomhartha é go raibh de dhualgas ar na Sasanaigh sinn a smachtú agus a bhéasú.
mar chúram air be obliged
" Trí dul i gcomhairle le Comhaltas na Mac Léinn sna coláistí éagsúla, d’fhéadfaí pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chuirfeadh ar chumas chuile coláiste Oifigeach Siamsaíochta Ghaeilge a earcú, ar a mbeadh sé mar chúram air/uirthi ócáidí sóisialta is siamsaíochta a eagrú go rialta do chainteoirí Gaeilge sa choláiste, faoi choimirce Chomhaltas na Mac Léinn.
bhí dualgas orainne we were obliged
" **Balor: Más fíor sin, a Richie, cén fáth gur thug sibhse morgáistí dóibh – mura raibh seans ann go n-íocfaidís ar ais iad?** Richie: Arú, a Bhaloir, bhí dualgas orainne airgead a dhéanamh do na bainc chun ár gcuid scairshealbhóirí a choinneáil sásta; agus nach maith a bhí a fhios againn go dtiocfadh duine éigin i gcabhair orainn.
ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn by which Ireland was obliged
" ’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC).
Bíonn siad an-gharach do they’re very obliging to
" Bíonn siad an-gharach do dhaoine thart orthu agus, suntasach go leor, ní bhíonn aon súil acu, ar chor ar bith ’chor ar bith, le cúiteamh.
bhfuil sé de dhualgas ar is obliged
" Mhaígh sise go bhfuil ‘an tsíleáil ghloine’ fós le sonrú i gcúrsaí rialtais na tíre cé go bhfuil sé de dhualgas ar an bPríomh-Aire dea-shampla de chomhionannas inscne a thabhairt do na hearnálacha eile abhus.
tá sé de dhualgas orainn we are obliged
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
ní raibh dualgas ar aon duine no one was obliged
" Bhí frustrachas uafásach ag baint leis an obair sin mar ní raibh dualgas ar aon duine aird a thabhairt ar na treoirlínte.
go mór faoi chomaoin ag greatly obliged to
" Tá sibhialtacht an iarthair go mór faoi chomaoin ag cultúr na Gréige ar an ábhar gur uaidh a tháinig daonlathas, an eolaíocht, ealaín, ailtireacht chomh maith leis na Cluichí Oilimpeacha.
a bhfuil sé de dhualgas orthu who are obliged
" Is léir go gcruthaíonn an leagan Gaeilge deacrachtaí do na húdaráis áitiúla a bhfuil sé de dhualgas orthu leagan dátheangach a chur ar fáil mar is fíormhinic a fheicimid an leagan Gaeilge loite uilig ar chomharthaí.
Is acusan atá an dualgas smachta they’re the ones obliged to discipline
" Is acusan atá an dualgas smachta agus tá baint lárnach ag comhoibriú an teaghlaigh le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an fhadhb nó chun a chinntiú nach mbeidh an fhadhb ann i dtosach.
nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo no one alive shall be obliged to work
" Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach.