Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dualgas obligation
" Smaoiním féin gurb é an dualgas atá orainn mar oideachasóirí ná na scoláirí a ullmhú don saol mór trí a dtuiscint, a gcuid eolais agus a ndearcadh a fhorbairt.
iachall obligation
" Is é an príomh-mholadh a rinne Abid Hussain ná go n-athrófaí an dlí le go mbeadh ar an gcúiseoir a chruthú gur bréag an méid a foilsíodh faoi, seachas go mbeadh iachall ar an bhfoilsitheoir a chruthú go raibh an méid a foilsíodh fíor.
dualgas morálta agus dleathúil moral and legal obligation
" Más amhlaidh go bhfuil an fhianaise i dtuarascáil Barron chomh láidir agus atáthar ag tuar, beidh dualgas morálta agus dleathúil ar an rialtas muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint agus fiosrúchán ceart a chur ar bun, macasamhail fhiosrúchán Saville.
a ndualgais a chomhlíonadh to fulfil their obligations
" Le tamall beag anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí agus go bhfuil comhlachtaí sásta a ndualgais a chomhlíonadh - go mór mhór toisc go bhfuil Rialtas Mheiriceá anois den tuairim gur fadhb shlándála don tír sin atá i víris ar ríomhairí.
Oibleagáid Seirbhíse Poiblí Public Service Obligation
" Is iad conarthaí Oibleagáid Seirbhíse Poiblí, nó OSP, atá mar bhonn faoi fhormhór na seirbhísí atá ag na haerfoirt réigiúnacha, agus a ghineann cuid mhaith d'ioncam Aer Arann.
Oibleagáide Seirbhíse Poiblí Public Service Obligation
" Cinneadh eile a fhoilseofar i rith mhí na Bealtaine ná toradh na n-iarratas Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (OSP) is déanaí.
faoi chomaoin ag under obligation to
" Gabhann fórsaí na Stát Aontaithe (SAM) daoine a bhfuiltear in amhras fúthu gur sceimhlitheoirí Ioslamacha iad agus cuirtear iad faoi bhráid tíortha brúidiúla atá go mór faoi chomaoin ag SAM.
dualgas obligation
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
dualgas obligation
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
dualgas obligation
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
oibleagáid shóisialta social obligation
" Ceann de na cúiseanna go bhfuil an tseirbhís chomh heasnamhach sin ná nuair a rinneadh príobháidiú ar Eircom, agus nuair a tugadh ar lámh é d’úinéirí a raibh níos mó spéise acu sa bhrabús ná i soláthar seirbhíse, cailleadh an deis oibleagáid shóisialta a choinneáil san áireamh.
go mairfeadh an ceangal that the obligation would last
" Bheachtaigh an Bord Pleanála feidhm agus paraiméadair an choinníll i gcásanna éagsúla ó shin i leith agus socraíodh go mairfeadh an ceangal ar feadh cúig bliana déag.
an dualgas the obligation
" Ach bhí McCreevy ag iarraidh an dualgas a fhágáil ar an Bhanc Cheannais, ach amháin go mbeadh rialacha nua agus struchtúr nua i gceist.
dualgas obligation
" Sa chéad áit (agus na cluichí idir chontae is mó atá i gceist agam mar bheadh sé deacair ag leibhéal na gclubanna é a dhéanamh), ba mhaith liom féin go mbeadh dualgas níos tromchúisí ar na maoir shleasa agus chúil, agus go mbeadh ról níos gníomhaí acu, maidir le feallanna agus calaoisí a chur in iúl don réiteoir a thúisce a tharlaíonn siad.
chuing throm a heavy obligation
" Aimsir scrúdaithe is ea é freisin do dhaltaí na hArdteistiméireachta, ar ndóigh, agus bíonn teannas na scrúduithe ina chuing throm anuas orthu agus ar a muintir ar feadh cúpla seachtaine.
dualgas obligation
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
dualgas obligation
" Nuair a éiríonn na daoine seo an-tinn ámh, ar ndóigh, bíonn dualgas ar otharlanna na tíre iad a thógáil isteach, agus is é an cáiníocóir a íocas astu.
dualgas obligation
" Agus is é dualgas an stiúrthóra i leith a chuid aisteoirí ná pé rud atá ar siúl istigh iontu a aithint is a tharraingt amach astu tré sholas an lionsa.
dualgas obligations
" Elaine Byrne ag agóid go tréan ar son athruithe bunúsacha bunreachtúla a chuirfeadh, dar léi, cuma úrnua ar fhorais pholaitiúla na tíre agus a thabharfadh ar oifigigh an stáit a bheith ionraic, freagrach agus iad i mbun a gcuid dualgas.
dualgas obligation
" Ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm sa bhliain 2003, tá dualgas ar an stát agus ar chomhlachtaí poiblí cásanna cúirte sibhialta a riaradh i nGaeilge más í sin rogha teanga an pháirtí eile.
cúraimí obligations
" Údarás na Gaeltachta BD: An bhfuil sé i gceist agat cúraimí fiontraíochta a bhaint de Údarás na Gaeltachta agus cad faoi bhunú Údarás na Gaeilge mar atá molta sa dréachtstraitéis? PÓC: Arís, agus nílim ag iarraidh tú a chur ó dhoras anseo a Bhreandáin, beidh freagraí na gceisteanna seo i bhfad níos soiléire faoi cheann cúpla mí eile nuair a bheidh na moltaí deireanacha agam.
dualgais obligations
" Seo é mo mholadh ina bhfuil dhá chuid: (i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic agus (ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.
dualgas Bunreachta constitutional obligation
" Rialaigh an Chúirt ar an 6 Bealtaine nach bhfuil aon dualgas Bunreachta ann, go ginearálta, ionstraimí reachtúla a bheith ar fáil i nGaeilge.
dualgas obligation
" ) Cnap Gael ag Féile na nGael ============ Ar scor ar bith, bhí dea-spionnadh ar Éamó agus bhí sé ag cur in iúl don domhan is dá mháthair nach raibh dualgas ar bith ní ba mhó air, cionn is nach raibh sé ina Aire Gaeltachta ní ba mhó, dul fá scread asail de Ghaeltacht Milwaukee.
dualgas obligation
" In áit an chamchleachtais seo a cháineadh agus tabhairt faoi mhí-ionracas aigneolaithe a chur teastais mhíchumais ar fáil do dhaltaí saibhre áirithe a bhí ag iarraidh éalú ón dualgas staidéar a déanamh ar an Ghaeilge, b'amhlaidh gur mhaígh Hayes gur léiriú eile a bhí ann nár cheart go mbeadh iachall ar dhaoine an teanga a staidéar don Ardteist! Díbirt Hayes ==== Bhí Hayes ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí an Teachta Kenny a dhíbirt as ceannaireacht an pháirtí agus chaill sé a phost san atheagar a tharla tar éis do fhear Mhaigh Eo na cosa a thabhairt leis.
dualgas reachtúil constitutional obligation
" ” Rinne Údarás na Gaeltachta fíor-dhrochjab den dualgas reachtúil a bhí is atá ar an eagraíocht maidir le caomhnú na Gaeilge sa nGaeltacht go dtí seo.
cuingeacha obligations
" An dtiocfadh?”** Enda: “Is léir nach bhfuil tuiscint dá laghad agatsa ar an modus operandi atá agamsa agus ar na cuingeacha a chuir mé orm féin le bheith i mo Thaoiseach.
príomhdhualgas major obligation, concern
" Cad é príomhdhualgas an réiteora?** A.
an dualgas the obligation
" Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú.
an dualgas the obligation
" Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú.
dualgaisí reachtúla legal obligations
" ” An toradh tubaisteach a bhí ar na hathruithe is ea nach bhfuil an státchóras in acmhainn na dualgaisí reachtúla agus bunreachtúla atá orthu, i dtaobh na Gaeilge, a chomhlíonadh.
comhlíonadh a ndualgas reachtúil fulfilling their legislative obligations
" Locht ar an mBord ========== Mura raibh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge, tá cuid mhaith den locht ar Bhord an Udaráis.
dualgas an obligation
" Leagann na deiseanna úra seo, deiseanna an eolais, dualgas as úr orainn thar mar a bhíodh ar an nglúin a chuaigh romhainn.
dualgaisí teaghlaigh family obligations
" Ach leis na dualgaisí teaghlaigh atá anois air, níl ag éirí go rómhaith leis só ná sonas an tsaoil a sholáthar dá chlann.
ag comhlíonadh a shainchúraim fulfilling its special obligations
" Tá Conrad Atkinson, chomh maith le léirmheastóirí éagsúla eile, den tuairim nach bhfuil an t-aitheantas seo tuillte mar nach bhfuil an Iarsmalann ag comhlíonadh a shainchúraim maidir le healaín chonspóideach a chur i láthair an phobail ar mhaithe le díospóireacht agus le hathbhreithniú ar mhórcheisteanna náisiúnta.
chun cloí lena ndualgais reachtúla to comply with their statutory obligations
" Tharraing sé aird ar seo siocair go raibh comhlachtaí stáit áirithe ag maíomh go raibh deacrachtaí acu daoine le líofacht Ghaeilge a earcú chun cloí lena ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.
bundhualgaisí na tíre the basic national obligations
" Cheap Mac Gearailt go raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh.
dualgas an obligation
"dualgas ar an Roinn cheana féin scéimeanna teanga a aontú le heagraíochtaí stáit.
bheith cinnte faoi na dualgaisí atá orainn being sure of our obligations
" Ní raibh fadhb ar bith ag an Roinn le sin ach scríobh Stiúrthóir Ginearálta Oifig an Ombudsman, Pat Whelan, ar an 13 Bealtaine 2009 chuig Príomhoifigeach na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag meabhrú dó gur cuireadh an dréachtscéim faoi bhráid na Roinne sé mhí roimhe sin: “Cruthaíonn an mhoill seo deacrachtaí dúinn ó thaobh bheith cinnte faoi na dualgaisí atá orainn faoi láthair,” a scríobh an tUasal Whelan.
thitfeadh an cúram cigilteach seo this sensitive obligation would fall on
" Ní shílim gur cheart gur faoin Chomhdháil ar an Bhunreacht a thitfeadh an cúram cigilteach seo.
an dualgas sin comhlíonta that obligation (is) fulfilled
" Is léir ón dtuarascáil go gceaptar go forleathan in RTÉ go bhfuil an dualgas sin comhlíonta ag an eagraíocht tré uair an chloig in aghaidh an lae teilifíse a chur ar fáil do TG4 agus nach gá a thuilleadh do RTÉ aon chlár Ghaeilge a dhéanamh le craoladh ar a chuid bealaí teilifíse féin.
thug sé ar an iallach he described the obligation
" ‘Uirlis mhaol,’ a thug sé ar an iallach a bhíonn ar dhaltaí scoile céad teanga an stáit a fhoghlaim don Ardteist.
dualgais obligations
" An iad sonuachair agus leanaí faoi bhun 18 amháin atá in ann teacht go hÉirinn sa chomhthéacs seo, nó an féidir baill teaghlaigh eile a thabhairt isteach? Fiú nuair a éiríonn le daoine baill dá dteaghlaigh a thabhairt go dtí an tír, bíonn éiginnteacht ag baint leis na cearta atá acu is na dualgais atá orthu.
dualgas an Stáit the State’s obligation
" Chuir na breithimh dhá rud ar leith fé scrúdú, ’sé sin fulaingt gan fuascailt na mná féin, fulaingt leanúnach gan stad gan staonadh dar léi féin, agus os a choinne sin, dualgas an Stáit an saol daonna a chosaint trí choscanna a chuireann bac os comhair iad san a dhéanann iarracht lámh a chur ina mbás féin.
dualgas’ leagtha ar an obligation placed on
" De bharr Alt 10 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá ‘dualgas’ leagtha ar ‘comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla’.
an dualgas reachtúil seo this legal obligation
" Ar an gcuid is mó, is airgead amú an caiteachas stáit a eascraíonn as an dualgas reachtúil seo.
níl aon dualgas dlíthiúil there’s no legal obligation
" Is próiseas neamhfhoirmiúil é an FDIF, áfach, atá lasmuigh de struchtúir na NA is níl aon dualgas dlíthiúil ag baint leis na cinntí a thógtar mar chuid den phróiseas seo.
i bhfianaise an dualgas reachtúil in light of the legal obligation
" Is dócha go bhfeictear sa státseirbhís gur ‘dul chun cinn’ an méid sin i bhfianaise an dualgas reachtúil atá le 10 mbliain anuas ar na Ranna agus Oifigí Rialtais céanna, seirbhís tré Ghaeilge a chur ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla! Pleanáil Teanga ===== Chuireas spéis faoi leith sa ‘dul chun cinn’ a bhí le tuairisciú maidir le Pleanáil Teanga, an maide draíochta atá ceaptha an taoille a chasadh sa Ghaeltacht.
I measc na gcúram amongst the obligations
" I measc na gcúram atá ar rialtas an lae inniu níl aon cheann acu chomh tábhachtach leis an fhreagracht atá orthu i réimse an gheilleagair.
a dhualgas reachtála agus a dhualgas bunreachtúil its legal and constitutional obligations
" Creidim féin go mba cheart go mbeadh 20% ar a laghad in ann a gcuid oibre a dhéanamh gan stró liomsa nó leatsa tré Ghaeilge ionas go mbeadh an stát in ann a dhualgas reachtála agus a dhualgas bunreachtúil a chomhlíonadh.
caithfear cloí leis na dualgais dlíthiúla the legal obligations must be adhered to
" Fiú má tá ceart ag an AE a theorainneacha a rialú, caithfear cloí leis na dualgais dlíthiúla atá aige i leith na ndaoine a iarrann a theorainneacha a shroichint.
ina gcuid dualgais i leith in their obligations in regard to
" Chonaic mé léiriú eile de shiléig Roinn na Gaeltachta ina gcuid dualgais i leith nochtadh faisnéise i mí na Nollag seo caite nuair a bhí mé ag obair sa Chartlann Náisiúnta ag scrúdú cáipéisí stáit a bhain le 30 bliain ó shin.
dá gcuid dualgais reachtúla their legislative obligations
" ” Ar ndóigh ní hé an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-aon roinn stáit a ghlac le cúraimí nua le dornán blianta anuas agus is bocht an leithscéal é sin le droim láimhe a thabhairt dá gcuid dualgais reachtúla.
dualgas reachtúil a legal obligation
" ” Deir siad go bhfuil dualgas reachtúil orthu scrúdaithe Gaeilge a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann, ach nach bhfuil an ceangal sin orthu i Sasana.
cúram obligation
" Tá sé fógartha ag Rialtas, nach mbeidh gá le toghchán as seo amach le hionadaithe ón bpobal a roghnú ar Bhord Údarás na Gaeltachta is go bhfágfar an cúram faoin gComhairle Chontae, duine a ainmniú ar bhord an Údaráis.