Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
príomhchuspóir main objective
" Is é príomhchuspóir an mhargaidh áirithe seo brabús a dhéanamh - ní thugann sé faic ar ais don phobal! Cad é ba chúis le gníomhaíochtaí John Rusnak? Bród? Nó ar mhian leis a bheith ina réalt sa chomhlacht? Saint chun níos mó airgid a shaothrú agus a chaitheamh? Nó cúis éigin eile? Níl a fhios againn, mar, fearacht na mboc mór in Enron, tá a bhéal dúnta ag Rusnack.
cuspóirí objectives
" Is mian léi saghas plean gnó a leagan síos do scoileanna agus fostaithe a íoc de réir an líon uaireanta a oibríonn siad, an méid a tháirgíonn siad agus na cuspóirí a éiríonn leo a bhaint amach faoi dheireadh gach míosa.
cuspóir objective
" Is é an cuspóir atá acu ná daoine óga ó Shasana, na Sé Chontae agus an Phoblacht a thabhairt le chéile agus tuiscint agus cairdeas a chruthú eatarthu.
cuspóir objective
" Dúshraith an-solúbtha ======= Cad é an cuspóir atá ag an UUP? Tógadh an próiseas síochána seo ar dhúshraith an-solúbtha ó thaobh moráltachta de.
chuspóir objective
" Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
cuspóirí objectives
" Thar aon ní eile cáinim an cumann faoin fhaillí atá á déanamh aige san iománaíocht (shílfeá nach raibh dualgas ach ar chontaetha áirithe an iománaíocht a chur chun cinn), ach caithfear a admháil mar sin féin go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an gcumann chun an fhís agus na cuspóirí atá aige a chur chun cinn.
cuspóir objective
" Beidh glór na n-óg níos gliondraí fós má bhaintear an cuspóir sin amach.
leis an gcuspóir sin a bhaint amach to achieve that objective
" Teastaíonn obair - agus obair a bhfuil réimse scileanna ag baint léi - leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
cuspóir objective
" Bhuel, is rud maith é cuspóir a bheith ag duine, agus rinne mé féin an-iarracht ar an teanga a fhoghlaim.
chuspóir lárnach central objective
" Níl sé mar chuspóir lárnach ag de Paor an Ghaeilge a chur chun cinn, ach measann sé go n-éireoidh leis féin agus foireann an Ionaid an dearcadh diúltach a bhíonn ag go leor daoine i leith na teanga a athrú.
cuspóir objective
" An cuspóir atá aige ná oiliúint agus eolas a chur ar fáil, chomh maith le taispeántais gharraíodóireachta orgánacha, fáis agus feirmeoireachta.
cuspóir objective
" Is é an cuspóir atá ag an taispeántas seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad, chultúr agus stair na tíre agus ag an am céanna turasóirí agus daoine áitiúla a mhealladh chun na ba sainiúla seo a fheiceáil.
oibiachtiúil objective
" " "De dheasca an mhéid a thit amach san am a chuaigh thart, tá sé deacair ag daoine i dTuaisceart Éireann plé le hábhair áirithe go fuarchúiseach, agus sílim go raibh mise ábalta a theacht isteach gan an bágaiste sin, le súil eile mar a déarfá, agus a bheith oibiachtiúil.
cuspóir objective
" Agus, cé gur maith an rud é comparáid a dhéanamh, b'fhéidir, cén cuspóir atá agat agus tú ag déanamh na comparáide sin?" Ghoill sé ar Lillis go raibh lucht an tsean-nóis i nGaeltachtaí eile na tíre, go háirithe i gConamara, claonta i gcoinne stíl Dhún na nGall ar feadh i bhfad.
chuspóir objective
" Tá comhghuaillíocht láidir curtha le chéile faoi scáth na heagraíochta nua aonaidhme, STÁDAS, agus feachtas á thionscnamh a bhfuil sé mar chuspóir aige dul i bhfeidhm ar an Rialtas faoi seo.
chuspóir objective
" Tá sé molta i gcáinaisnéis Bush go gcuirfí $270 milliún ar fáil do chláracha a bhfuil sé mar chuspóir acu cur ina luí ar dhéagóirí gur cheart dóibh staonadh ó ghnéas - sin dhá oiread is a cuireadh ar fáil do na cláracha seo anuraidh.
chuspóir objective
" Ba chóir díriú ar aon chuspóir amháin, is é sin cur chun cinn na gcluichí Gaelacha.
dhá chuspóir two objectives
" An t-údar a roghnaíonn na focail a chuirtear os comhair an léitheora, agus cuireann friotal pearsanta sin an údair dhá chuspóir i gcrích ag aon am amháin.
chuspóir objectives
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí dhá chuspóir i gceist: pobal na Gaeilge a mhéadú i gceantar Leath Chathail, Contae an Dúin; freastal a dhéanamh ar riachtanaisí phobal na Gaeilge.
phríomhchuspóir main objective
" Ní raibh riamh oiread gá ag an tír seo le díospóireacht, a scrúdódh buncheisteanna ar nós, ar chóir leanúint ag príobháidiú comhlachtaí Stáit; ar chóir go mbeadh ísliú cánach mar phríomhchuspóir i gcónaí; an bhfuil seasamh na tíre seo i leith chogadh na hIaráice mar ba cheart, agus mar sin de.
cuspóir objective
" Bhí thart fá thríocha againn ar an bhád agus an cuspóir a bhí ann ná amharc ar éin agus ar ainmhithe na mara.
cuspóir objective
" Is é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.
sprioc objective
" “Ba é an t-aon sprioc a bhíodh ag na Bráithre ná muid a chur i dtreo na hollscoile.
cuspóirí objectives
" Bhí simplíocht ag baint lena gcuspóirí go pointe, mar is léir ó na díospóireachtaí a tharla sa phríosún agus a ndéantar cur síos orthu sa leabhar.
oibiachtúil objective
" Ní féidir linn bheith go hiomlán oibiachtúil.
mar chuspóir an uile dhuine as the objective for everyone
" Cuirtear an tomhaltóireacht gan staonadh chun tosaigh mar chuspóir an uile dhuine.
spriocanna targets, objectives
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá cuid mhaith de na spriocanna a bhí leagtha amach ag an tús bainte amach.
chuspóir objective
" Cén fáth ar bunaíodh é? Tá sé mar chuspóir ag an Acadamh cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus tabhairt faoi thaighde a threiseoidh forás na bpobal sin.
chuspóir objective
" Bhí an t-aerfort ar cheann de thrí aerfort a bhí luaite go sonrach sa tuarascáil – chomh maith le haerfort Frankfurt agus Mallorca – a mbaintear úsáid astu go rialta don chuspóir seo.
go gcuirfeadh an chéad cheann i gcrích an cuspóir that the first one would fulfill an objective
" Leoga, b’fhéidir go gcuirfeadh an chéad cheann i gcrích an cuspóir nach dtiocfadh leis an dara ceann a chur i gcrích.
cuspóir objective
" Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.
oibiachtúil objective
" Ach, as seo amach ba chuma liom léiritheoir eile a thabhairt isteach, duine a bheadh oibiachtúil agus a mbeadh smaointe eile aige.
spriocanna targets, objectives
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ba é ceann de na chéad aidhmeanna a bhí ag Na Gaeil Óga ag an tús ná stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach tríd an fheachtas a d'eagraigh Stádas, rud a tharla.
chuspóir objective
" D’fhógair Rialtas na Sualainne roinnt míonna ó shin go raibh sé mar chuspóir aige deireadh a chur le spleáchas na tíre ar an ola roimh an bhliain 2020.
chuspóir objective
" Agus lá amháin tar éis óráid an Uachtaráin faoin chuspóir seo, bhí a Rúnaí Fuinnimh féin ag rá, “Ní sin an rud a bhí i gceist aige go liteartha.
an mhórsprioc the big objective
" Is í an mhórsprioc atá againn ná go mbeidh an Ghaeilge níos láidre, níos treise, níos suntasaí ag na leibhéil éagsúla.
spriocanna objectives
" Ós rud é go bhfuil na billiúin dollar geallta don fhearas míleata anois, díreoidh an plean ar spriocanna eile, ar nós an earcaithe is na traenála.
sprioc objective
" Tá na mílte leabhar le ceannach sna siopaí na laethanta seo a bhfuil sé mar sprioc acu cur ar chumas daoine eagar ceart a chur ar a saol agus iad a chur ar bhealach a leasa.
sprioc objective
" Is ball an-ghníomhach í de le Chraobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall de bhlianta agus, mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin (agus Chraobh West Region), tá sé mar sprioc aici cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
cuspóir objective
" Is é an cuspóir atá ag an ghrúpa ná taithí idirghníomhach a chur ar fáil do lucht leanúna na healaíne.
cuspóir na féile the objective of the festival
" Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.
an chéad chuspóir the first objective
" “D’éirigh linn an chéad chuspóir a bhí againn a bhaint amach: coirmeacha ceoil d’ardchaighdeán a chur ar siúl i suíomh a thugann urraim don cheol agus don cheoltóir.
a bhfuil sé mar chuspóir aige which has as its objective
" Tá taighde Eorpach ar siúl faoi láthair a bhfuil sé mar chuspóir aige teicneolaíocht a fhorbairt d’aerlinéar hipearsonach a dhéanfadh an turas ó Londain go Sydney i gceithre huaire.
mar chuspóir as an objective
" (Cuimhnigh ar ár gcairde as deisceart Chill Chainnigh agus cé chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas de bharr iad a bheith beagán os cionn na sprice an mhaidin i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc le hiad a thabhairt cúpla míle slí abhaile!) Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag na Gardaí nósmhaireacht úr a chruthú – is é sin, go bhfágfadh daoine an carr sa bhaile nuair a bheadh fonn dí orthu.
go mbainfeadh siad a gcuspóir amach that they would achieve their objective
" ” Thug an páirtí ról do na fir chrua ina measc, chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart agus go mbainfeadh siad a gcuspóir amach trí mheán na polaitíochta.
ár gcuspóirí our objectives
" ” “Táimid ag baint feidhme as teicneolaíocht nua ár n-aoise féin chun ár gcuspóirí a bhaint amach,” a deir Séamas Ó Neachtain, stiúrthóir gréasáin Chumann Carad na Gaeilge, “go díreach mar a bhain ár mbunaitheoir feidhm as teicneolaíocht a aoise siúd.
cuma, cuspóirí agus cur chuige the appearance, objectives and approach
" Caithfidh mé a rá go gcuireann cuma, cuspóirí agus cur chuige* An Ród seo Romham *leabhar a scríobh mé féin ar Sheosamh Mac Grianna, *A Flight From Shadow*, i gcuimhne dom.
spriocanna poblachtánacha republican objectives
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
sprioc objective
" Is beag de Williamsburg, taobh amuigh de teach an phobail, atá chomh sean sin, ach cheannaigh fondúireacht phríobháideach an baile suas ó na 1920í amach, agus é mar sprioc acu an baile a chaomhnú mar mhúsaem.
chomh hoibiachtúil as objective
" Thug sin misneach dúinn mar thuig muid ansin go raibh muid ag leanúint na bpróiseas ar fad agus go raibh muid ag déanamh iarrachta bheith chomh hoibiachtúil agus ab fhéidir.
mar chuspóir as an objective
" Agus figiúirí den chineál sin i gceist, bheadh sé ionann is dodhéanta d’Albain neamhspleách dul i bpáirt leis an Euro mar atá mar chuspóir ag an SNP.
na spriocanna the objectives
" ’ Cailleann tú na spriocanna a bhí agat agus tosaíonn tú ag troid le daoine mar gheall ar rudaí seafóideacha.
mar chuspóir as an objective
" Bhí Hirst bainteach leis an ghrúpa YBAs (Young British Artists), grúpa a raibh sé mar chuspóir aige ealaín gháifeach a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar an phobal trí chéile.
sprioc objective
" Ainneoin go ndúirt Moon go raibh sé mar sprioc aige rialtas agus muintir SAM a chur faoina smacht, is cosúil nár chuir dearcadh frithdhaonlathach Moon isteach ar bhealach ar bith ar cheachtar den bheirt uachtarán.
bunsprioc an ealaíontóra the artist's basic objective
" Measaim féin gur bunsprioc an ealaíontóra is ea a leithéid a bhaint amach.
ár gcuid spriocanna a bhaint amach to achieve our objectives
" Ach ní féidir linne ár gcuid spriocanna a bhaint amach a fhad is a bheidh muid lonnaithe ansin – níl sé oiriúnach a thuilleadh do na rudaí is mian linn a dhéanamh sa todhchaí.
a gcuid spriocanna féin their own objectives
" ” Agus is é is mian leis a dhéanamh san am atá romhainn – an mórphlean uaillmhianach seo – ná lárionad Gaeilge a bhunú i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a dtiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile – idir dhaoine aonair a bhfuil spéis acu sa teanga agus eagraíochtaí a bhfuil a gcuid spriocanna féin acu, ach arb í a gcomhchuspóir ná cur chun cinn na Gaeilge agus an traidisiúin Ghaelaigh.
a gcomhchuspóir their joint objective
" ” Agus is é is mian leis a dhéanamh san am atá romhainn – an mórphlean uaillmhianach seo – ná lárionad Gaeilge a bhunú i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a dtiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile – idir dhaoine aonair a bhfuil spéis acu sa teanga agus eagraíochtaí a bhfuil a gcuid spriocanna féin acu, ach arb í a gcomhchuspóir ná cur chun cinn na Gaeilge agus an traidisiúin Ghaelaigh.
leis an sprioc seo a bhaint amach to achieve the objective
" Mhol na rannpháirtithe sa ghrúpa áirithe a bhí ag plé cúrsaí rialachais gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim leis an sprioc seo a bhaint amach.
Cuimsean agus Amasan aims and objectives
" Cuimsean agus Amasan: - Sgrìobhadh ùr àrachadh am measg luchd-cìuil aig diofar aoisean anns na cànanan Ceilteach agus Albais- Ceangalaichean agus còmhradh a leasachadh eadar luchd-ciùil agus gnìomhachasan cruthachail air taobh siar na Roinn Eòrpa- Turasachd cultarach a bhrosnachadh agus a neartachadh far an tèid an fharpais a chumail- Cleachdadh mion-chananan dhùthchasach a chur air adhart agus a bhrosnachadh- Iomhaigh agus fèin-luach luchd-bruidhinn nam mion-chànanan a neartachadh- Cothroman agus leasachaidhean eaconomach a sholarachadh do luchd-ciùil agus grìomhachasan cruthachail- An sgìre a chur fo shealladh a' mhòr-shluaigh tro na meadhanan agus ùidh bhon roinn phoblach/phrìobhaidch- Co-obrachadh agus eadar-obrachadh a leasachadh eadar na h-ionadan acadaimigeach agus na coimhearsnachdan le mion-chànananEòlas agus sgilean a' neartachadh ann a bhith a' cur air dòigh tachartasan ionadail agus eadar-nàiseanta anns na roinnean poblach agus prìobhaideach Riaghailtean agus Ceistean Bitheanta Dè a th' ann?'S e a' chiad Farpais Òran ann an Cànanan Ceilteach agus Albais a th' ann an Nòs Ùr.
oibiachtúil objective
" Chomh maith leis sin, tá na ceantair Ghaeltachta ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste faoi aon chritéar oibiachtúil a d’fhéadfaí a lua: Bonneagar fisiciúil agus sóisialta, dífhostaíocht, seirbhísí.
oibiachtúil objective
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
réadacha realistic/objective
" Ta gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós mhodh na eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthceangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla.
phriomhchuspóir prime objective
" Dúirt sé fosta gur deis a bhi ann ceiliúradh a dhéanamh ar na traidisiúin éagsúla a mhaireann ar oileán na hÉireann agus go raibh sé ag súil go mbeadh sé seo ina phriomhchuspóir ag an Fhleadh i nDoire.
Aidhm Luachmhar Tráth a precious objective once upon a time
" Aidhm Luachmhar Tráth ========== De réir an chórais atá ann san am i láthair, is iad comhaltaí na Dála nuathofa, comhaltaí an iar-Sheanaid agus comhaltaí na gComhairlí Contae agus Cathrach ó cheann ceann na tíre a dhéanann an 43 Seanadóir ó na painéil ghairmiúla a thoghadh.
sprioc dhearfach dhéanasach a positive and effective objective
" Tuigeann an suíomh seo go bhfuil sé níos deise obair ar son sprioc dhearfach dhéanasach in ionad a bheith in ísle brí faoi mhéad do rian coise a chaithfidh tú a laghdú.
spriocanna ardaidhmeannacha ambitious objectives
" Tá acadamh nua bunaithe i nDoire a bhfuil spriocanna ardaidhmeannacha leagtha amach aige.
cuspóir objective
" Mhínigh an péintéir Eamonn McAteer as Doire do Chiara Nic Gabhann cad é an cuspóir a bhíonn aige agus é ag dul i mbun na péintéireachta.
cuspóirí objectives
" Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Ruairí Ó Néill, faoi na cuspóirí atá acu.
sprioc objective
" Féachann Breandán Delap ar na constaicí atá sa bhealach ar neamhspleáchas na hAlban, sprioc atá ag Alex Salamond agus a pháirtí, an SNP.