Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
altra nurse
" Cheannaigh sise árasán ag tús na nóchaidí agus tá post aici mar altra.
altraí nurses
" Ach an mbeidh na haltraí sásta filleadh ar na seanphostanna a thréig siad - postanna ar thuarastail ísle agus le leibhéal ard struis? An mbeidh an Rialtas in ann tacaíocht na ndochtúirí comhairleacha a fháil nuair a laghdófar an méid ama agus an méid acmhainní is féidir leo a chaitheamh lena gcliaint phríobháideacha.
dteach banaltrais nursing home
" Ba dheacair liom amharc mo shúl a chreidiúint mar go raibh sé socraithe i m'intinn agam nach bhfeicfí sa Lodge arís go brách é ó d'éirigh le Helen is le Dónal a theacht ar shocrú leis agus é a ruaigeadh isteach i dteach banaltrais as a mbealach.
altraí nurses
" Nuair a scaip an drochscéala bhí an-bhrón, ar ndóigh, ar a chuid cairde ceoil, ach de réir a chéile, faoi chúram sciliúil na ndochtúirí agus na n-altraí in Ospidéal Naomh Lúcás i mBaile Átha Cliath, tháinig Séan tríd.
banaltracht nursing
" Ba le múinteoireacht, banaltracht agus leis na gardaí a chuaigh mórán de mhuintir na háite a chuir fúthu in Éirinn go dtí seo.
teach altranais nursing home
" Tá na rataí fáiscthe anois ar an teach altranais nua do dhaoine aosta an cheantair.
tithe altranais nursing homes
" Cé go bhfuil tithe altranais do sheandaoine le fáil in Éirinn, agus grúpaí gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar riachtanais daoine níos sine, níl an bhéim chéanna ar phobail lánaimseartha cónaithe atá cruthaithe go speisialta do lucht scoir.
bhanaltra nurse
" " Ceiliúradh ======= Agus tá ceiliúradh déanta ar dhaoine mar seo ar an tSlí Oidhreachta, mar shampla Agnes Jones as Dún na nGall, a d'oibir mar bhanaltra le Florence Nightingale agus a rinne sárobair anseo i dteach na mbocht; agus Kitty Wilkinson as Doire a bhí ina ceannródaí san fheachtas le feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí.
Ionad Altranais nursing home
" Mí na Bealtaine seo caite, ghlac sí páirt i dtrí mharatón siúil trí lá as a chéile, 26 míle gach lá, d'Ospís an Fheabhail i nDoire agus don Ionad Altranais atá á thógáil faoi láthair i nGaoth Dobhair.
thithe banaltrais nursing homes
" Thug mé cuairt ar thithe banaltrais agus bhuail mé le daoine deasa ansin, ach ní raibh Gaeilgeoir ar bith ina measc.
seanionad banaltrais an old nursing centre
" Nuair a d'fhógair méara Chontae Laoise, Joe Digan, an mhí seo caite, go raibh súil aige seanionad banaltrais in aice Chúl an tSúdaire a chóiriú ina ionad d'fhir gan dídean, chuir ní hamháin ionadaithe ó na páirtithe polaitiúla eile ina choinne ach chuir go leor óna pháirtí féin leis.
bhuime nurse
" D'imigh sé go dtí an Astráil i 1971 agus chuaigh sé go Goa i 1974, an bhliain a théaltaigh an Tiarna Lucan as Sasana tar éis dhúnmharú a bhuime agus ionsaí fíochmhar ar a bhean chéile.
i dteach altranais in a nursing home
" Deirtear go bhfuil Henrietta Wilkins, a d'oibir uaireanta fada i monarcha milseán i mBrooklyn agus Wilkins ag éirí aníos, ina cónaí i dteach altranais i Queens.
banaltra as na hOileáin Fhilipíneacha a nurse from the Philipines
" Na cainteoirí is mó a chuaigh i gcion orm ná Armie Cerezo, banaltra as na hOileáin Fhilipíneacha, agus Jamal Iweida, uachtarán an Ionaid Ioslamaigh i mBéal Feirste.
a héide banaltra her nurse's uniform
" Bhuail sí le cara dá cuid a bhí díreach i ndiaidh a seal oibre san otharlann a chríochnú agus a raibh a héide banaltra uirthi go fóill.
breathnaítear ar bhanaltraí nurses are regarded as
" "Sa bhaile sna hOileáin Fhilipíneacha breathnaítear ar bhanaltraí mar oibrithe uaisle, mar gheall ar na cúraimí troma a bhíonn orainn agus an aire a thugann muid do na hothair.
altracht nursing
" Thug Michael Schiavo, fear céile Terri agus a caomhnóir dlíthiúil, cead do na dochtúirí córacha leighis de chineálacha éagsúla a thriail, agus chuaigh sé ar ais chun na hollscoile le staidéar a dhéanamh ar an altracht sa dóigh is go bhféadfadh sé aire níos fearr a thabhairt di.
altraí rialaithe ionfhabhtaithe infection management nurses
" Ba cheart go mbeadh sé mar thosaíocht aici an srian seo a bhaint le go bhféadfaí speisialtóirí ar nós micreabitheolaithe, altraí rialaithe ionfhabhtaithe, eolaithe saotharlainne, ceimiceoirí agus speisialtóirí sláinte poiblí a fhostú.
mac léinn altrachta nursing student
" Is mac léinn altrachta í Isobel Ann, atá 18 mbliana d’aois.
teach altranais nursing home
" ” Tá dhá dlúthdhiosca salm eisithe ag muintir Back Free Church agus an brabús ag dul chuig teach altranais agus ospís darb ainm Bethesda.
bogadh isteach i dteach altranais to move into a nursing home
" Tá sé i gceist réimse seirbhísí a chur ar fáil chun nach gá dóibh bogadh isteach i dteach altranais ach gur féidir aire a thabhairt dóibh ina mbaile féin.
ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, on care in private nursing homes,
" In ainneoin go n-íocann teaghlaigh suas le €800 ar an mheán sa tseachtain ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, is minic a bhíonn an cúram sin ar chaighdeán an-mhíshásúil.
i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais in the case of a large share of the nursing home patients
" Tá sé riachtanach, mar sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil don dream seo agus pleanáil cheart fhadtéarmach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, mar atá ag tarlú i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais faoi láthair.
i dtithe altranais. in nursing homes.
" Bhí leabhar clúiteach ceoil Captain O’Neill aige agus ba ghnách leis a dheirfiúracha a thionlacan nuair a bhíodh siad ag déanamh damhsaí Gaelacha sna hionaid siopadóireachta nó i dtithe altranais.
an bhanaltracht nursing
" Chuaigh Maighread leis an bhanaltracht i ndiaidh di an Ardteistiméireacht a chur di agus chuaigh na baill eile den ghrúpa leis an cheol i ndiaidh dóibh a gcuid oideachais a fháil.
mic léinn altranais nursing students
" ” Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
altraí nurses
" Caithfidh muid an Carghas a chaitheamh mar a chaitheann na múinteoirí bochta agus na altraí bochta agus na gardaí bochta é.
altranas nursing
" Aoine an Chéasta achan seachtain sa tír sin!! As seo a thagann na traidisiúin “vorspiel” agus an “nachspiel” – is é sin, an mhuc a dhéanamh sa teach sula dtéann tú amach, nó nuair a philleann tú, agus altranas a dhéanamh ar phionta amháin ‘fhad is atá tú amuigh.
bunteastas altramais a basic nursing cert
" Ainneoin seo, agus nach raibh ach bunteastas altramais ag a máthair, leagadh an-bhéim ar oideachas sa teach, agus bailíodh airgead go leor chun í a sheoladh go dtí scoileanna Caitliceacha sa cheantar.
altraí nurses
" I Lockdown, mar shampla, tá Jean Kenny ag déanamh staidéir ar an leigheas, tá roinnt de na cailíní ina n-altraí, agus mar a dúirt mé cheana, táim féin ag gabháil don staidéar gnó.
altraí nurses
" “Agus tarlóidh i samhradh na bliana sin go ndéanfar caitheamh anuas ar sheirbhísigh dhílse an Stáit, idir mhúinteoirí agus ghardaí agus altraí agus eile; agus déarfar os ard agus os íseal nach bhfuil sa chaitheamh anuas sin ach an méid atá ag dul dóibh.
altraí nurses
" Agus chuala mé daoine mar fhír an phoist, altraí, oibrí ar pá iseal, ag caint faoin imní a bhí orthu dá mbeadh rialtas Coimeádach ann.
altraí nurses
" ” **Balor: “Comhaontú Pháirc an Chrócaigh atá i gceist agam! Ní bheidh múinteoirí ná gardaí ná altraí in innimh maireachtáil ar aon cheathrú den tuarastal beag laghdaithe atá acu faoi láthair!”** Enda: “Thig leo dul thar lear más maith leo.
altra a nurse
" Míshásamh ===== Roimh na ciréibeacha, scríobh altra as an cheantar seo litir chuig an nuachtán áitiuil, chun aird a tharraingt ar an fhíric gur ghearr sí féin agus a comhoibrí an liosta feithimh san otharlann, is é sin, bhain siad a sprioc amach, ach ní bhfaighidh siad aon ardú tuarastail i mbliana agus tá siad ag cailleadh poist, ach na baincéirí, a rinne meancóga móra agus dochar as cuimse don gheilleagar, le gearradh siar sna seirbhisí poiblí dá bharr, tá siad ag fáil bónas mór, mar is ghnách.
mar altra as a nurse
" Bean Chabhrach Walton ============ Thosaigh Mary Mohin cúrsa oiliúna mar altra i 1923, ag aois 14 bliana agus ag aois 24 bliana, tháinig sí amach ina bean ghlúine.
ina culaith altra in her nurse’s costume
" Rinne Michael díolam dar teideal *"Woman*" i 1972 le grianghraf de Mary ina culaith altra le feiceáil ar an chlúdach.
altra ceanntair agus scoile district and school nurse
" Tá a fhios agam gur oibrigh tú mar altra i Nua-Eabhrac sna caogaoidí, ach abair liom ar dtúis, conas a tharla sé gur bhain tú jab mar altra ceanntair agus scoile amach in iarthar Bhéal Feirste agus conas gur fhan tú ag obair ar feadh seacht mbliana déag, ag obair i measc an phobail le linn na mblianta is deacra i dTuaisceart Éireann?** PNC: Tháinig m’fhear céile, Seosamh Mac Parthaláin, ó Bhéal Feirste.
bata agus bóthar garbh don altra (sends) the nurse packing unceremoniously
" Agus nuair a thugann Georges bata agus bóthar garbh don altra (tá feidhm phlota le seo nach léir dúinn san am), tá an lámh shantach sínte amach arís eile.
dúirt altra a nurse said
" Suimiúil go leor, dúirt altra Cheiro gur bhuail an clog lasmuigh dá sheomra an oíche a fuair an fáidh Éireannach bás.
Sinn faoi Chúram Altra Mhór Mhíofar we being watched over by a large ugly nurse
" Sinn faoi Chúram Altra Mhór Mhíofar ============ Le coicís anuas, bhí níos mo clár faoi Gerry Adams ar an teilifís ná cláir chócaireachta.
dteach altranais nursing home
" Léirigh clár faisnéise ar RTÉ an mhí seo caite go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, ach ní haon eisceacht é an cás seo – tá a leithéid an-choitianta ar fud na tíre.
ag cur fúthu i dtithe altranais. living in nursing homes.
" Tá an Rialtas chun ardú sa phinsean a thabhairt do sheanóirí na hÉireann ach tá faillí déanta i go leor acu, go háirithe iad siúd atá ag cur fúthu i dtithe altranais.
ag déanamh cúraim nursing, taking care of
" Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”.
d’oibir mar altra worked as a nurse
" Bhuail Catherine Foley isteach chun cainte le Pauline Nic Craith i Rinn Ua gCuanach, bean a bhí lonnaithe i mBéal Feirste agus a d’oibir mar altra ann i rith na mblianta ba mheasa a raibh an dortadh fola agus an scaoileadh luaidhe, rubair is plaistigh ina reacht.