Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beathúil nourishing
" "Rud éigin éadrom agus beathúil.
thaoisleannach nourishing
" Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia? Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
chothú to nourish
" Is cinnte go gcabhródh sé seo go mór chun stádas Brú Ború a chothú agus forbairt bhreise a dhéanamh air a bheadh ar leas na Gaeilge san timpeallacht,” a scríobh Ard-Stiúrthóir Chomhaltais, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú ina iarratas chuig an Aire Ó Cuív ar an 12 Eanáir 2008.
gcothaítear is nourished
" Ní spéis leis aon ní lasmuigh den fiche míle inar tógadh é, inar beathaíodh é, ina gcothaítear é.
chothaíonn nourishes
"chothaíonn an samhradh an cholainn, cothaíonn an geimhreadh anam.
ina gcothaítear an gamhain in which the young is nourished
" Is mac sparáin, nó marsúipiach é tharla go bhfuil sparán ina gcothaítear an gamhain, nó an *‘joey’*, ag an gcóálaí baineann, fearacht na n-ainmhithe marsúipiacha eile.
cothaíonn nourishes
" Agus cothaíonn an traidisiún sin an chéad ghlúin eile fós inár measc.
Má chothaítear spraoi agus greann if fun and humour are nourished
" Má chothaítear spraoi agus greann sa saol, b’fhéidir go gcuideodh sé leis an duine nuair a iompaíonn cúrsaí an tsaoil ina éadan.
spreacadh a chothú sa duine nourish encouragement
" Más féidir linn spreacadh a chothú sa duine eile, nach bhfuil sé chomh maith againn a dhéanamh amhlaidh agus amharc amach don duine nach bhfuil an spreacadh agus fuinneamh ann mar ba cheart.
an dóchas a chothú arís to nourish hope again
" Ach cuideoidh sé linn an dóchas a chothú arís – fríd an ealaíon, fríd an comhoibriú, fríd an charthanacht, agus fríd an daonnacht.