Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Caith do shoc amach Stick your nose (front of car) out
" "'Dhia a mhic, cén mhoill atá ort? Caith do shoc amach ansin anois, nó beidh muid anseo go dtiocfaidh thiar aniar," arsa a athair agus iad ag iarraidh fáil ón fhobhóthar go dtí an príomhbhóthar agus ghluaisteáin ag siosarnaigh thart leis mar a bheadh an diabhal ann.
a shoc a sháitheadh amach to stick the nose of the car out
" ” Stad siad den chaint tamall nó bhí Ruairí ag iarraidh a shoc a sháitheadh amach sa scuaine tráchta agus bhí a aird uilig air sin.
a ladar amach as his nose out of
" D’fhostaigh sé daoine den scoth leis an bpáipéar a fhoilsiú agus bhí an chuma ar an scéal gur choinnigh sé a ladar amach as an eagarthóireacht.
A ladar a choinneáil as to keep his nose out
" A ladar a choinneáil as an scéal uile agus cead a chinn ag an IRFU a rogha rud a dhéanamh maidir le cén craoltóir a thaispeánfadh na cluichí a bhaineann le foirne Éireannacha.