Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ainmnithe nominated
" Tá Mundy ainmnithe le haghaidh dhá cheann de na gradaim seo: an tAmhránaí Fir Éireannach is Fearr agus an tAlbam Éireannach is Fearr (*24 Star Hotel*).
ainmnithe nominated
" Rinneadh athsheoladh air i 1991 agus cuireadh teorainn aoise (50 bliain) i bhfeidhm i gcás na n-ainmnitheach.
na saothair ainmnithe the nominated works
" “Seolann an tAcadamh breis is 30 scannán chugam sa bhliain ar eagla nach bhfuil na saothair ainmnithe feicthe agam,” a deir sé.
ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú the person whom the party is expected to nominate will not be nominated
" Ligfear do Callely rith arís agus ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú, Deirdre Heaney.
ainmnithe nominated
" D’fhéadfaí, cuir i gcás, na himreoirí a bheadh ainmnithe ina n-ábhair Réalta a roghnú le himirt ar na foirne cúige agus go roghnófaí na Réalta díreach i ndiaidh na gcluichí idirchúige, a d’imreofaí thar dhá dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, coicís nó mí, abair, i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann.
a ainmniú. nominate
" Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
duine amháin a ainmniú to nominate one person
" Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar – bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.
hiarrthóirí ceaptha nominated candidates
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
ainmníodh were nominated
" Tuigim fiú go pointe, go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair fostaí a fháil a bhfuil a leathchos i saol na Gaeilge agus a lapa eile i saol an idirlín aici/aige, ach léiríonn na suíomhanna a ainmníodh i gComórtas Gradaim an Ghreasáin le déanaí agus an buaiteoir, ach go háirithe, nach bhfuil sin fíor.
n-ainmnítí used to be nominated
" Bhíodh sé de nós, mar shampla, go n-ainmnítí gach ball den chomhaireacht ag na dronganna éagsúla, agus ní raibh le déanamh ag an gceannaire ach a bpunann a roghnú.
Ainmníodh was nominated
" =========== Ainmníodh an leabhar seo ar Ghearrliosta Ghradaim Leabhair na Bliana do pháistí a eagraíonn Leabhair Pháistí Éireann agus Bisto.
ainmnithe nominated
" Don chéad uair riamh tá spéis ar leith agam ann: tá mo phodchraoladh, The Rosie View, ainmnithe agus curtha ar aghaidh chuig an mbabhta deireanach moltóireachta.
Ainmníodh í she was nominated
" Ainmníodh í mar Dhornálaí an Chomórtais ag deireadh Chraobhchomórtas an Domhain agus aithníodh mar Dhornálaí an Domhain í in 2008, ach is aisteach nach bhfuil aitheantas níos fairsinge tugtha dá cuid gaisce ina tír dhúchais.
d'ainmnigh nominated
" I gcás breithimh mar Clarence Thomas, a d'ainmnigh George Walker Bush i 1991, tá an chlaontacht sin sách soiléir - sular ainmníodh é, bhí sé ag obair do Monsanto, ollchomhlacht bith-theicneolaíochta talmhaíochta, agus tá a bhean ina ball de ‘Liberty Central’ - meitheal smaointe agus brúghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.
ainmníodh was nominated
" Tá stair ag Duais Turner i gcathair Dhoire cheana féin nó ainmníodh an t-ealaíontóir áitiúil Willie Doherty don duais i 1994 agus 2003 chomh maith le iarchoimeádaí an Orchard Gallery i nDoire, Declan McGonagle, i 1987, atá anois ina stiúrthóir ar an Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh i mBaile Átha Cliath.
d’ainmnigh nominated
" 
Thug Conor Murphy bata agus bóthar do cheathrar ball den bhord i ndiaidh fiosrúcháin ar chúrsaí bronnta conartha agus d’ainmnigh sé ceathrar eile ach ba léir go raibh an eagraíocht mhífheidhmiúil i bhfad sular thit an chéad sneachta.
ainmniú to nominate
" Nuair a toghadh Jimmy Carter mar uachtarán i 1976, deirtear gur theastaigh uaidh Ball a ainmniú mar Rúnaí Stáit, ach chuir cairde Iosrael i Meiricéa deireadh leis an smaoineamh sin.
ainmníodh nominated
" Tá an scéal ag gabháil thart gur ainmníodh Baltimore Maryland as ‘barúnacht’ i gContae Liatroma/Longfoirt sa bhliain 1625 nuair a bronnadh talamh agus teideal, ‘Barún Baltimore’ ar George, ach níl barúntacht den ainm sin ann.
ainmníodh was nominated
" Bhuaigh sé duais ag an bhFéile Scannán in Cannes sa bhliain 2006 agus ainmníodh é don duais Oscar mar an scannán is fearr i dteanga iasachta sa bhliain chéanna.
ainmniú to nominate
" Ar roinnt cúiseanna, rinne Fine Gael éagóir ar an dtír, nuair a dhiúltaigh siad ainmniúchán d’iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox.
seisear ainmnithe six nominated
" Trí chomhalta dhéag a bhí ar an chéad bhord, seachtar tofa agus seisear ainmnithe.
sular ceapadh na baill ainmnithe before the nominated members were appointed
" I meamram a scríobh Rúnaí Príobháideach Aire na Gaeltachta, Seán Aylward, faoin stocaireacht seo, dúradh go raibh an Roinn 'vehemently opposed to the appointment' agus go ndeachaigh Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn, i gcomhairle leis an Taoiseach sular ceapadh na baill ainmnithe.
ainmnithe go díreach directly nominated
" ) - Aon duine dhéag atá ainmnithe go díreach ag an Taoiseach.
ainmníodh tusa you were nominated
" **CF: Agus ainmníodh tusa do ghradam an Irish Times ESB Theatre Award an bhliain sin i 2003 dod ról.
shaothar ainmnithe nominated work
" Ar an 6 Iúil, 1994 nocht Uinsionn sa cholún Tuarascáil go raibh an leathchos eile san uaigh ag Peig Sayers bhocht mar go raibh a dírbheathaisnéis le baint mar shaothar ainmnithe de shiollabas na hArdteiste.
ainmnithe do na gradaim ailtireachta nominated for the architectural awards
" Tá Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar na foirgnimh is suntasaí sa chathair, é ainmnithe do na gradaim ailtireachta *The Stirling Prize* agus *The Venice Biennale*.
ar an gcuntar go mairfeadh sé i gceantar sonraithe on condition that he’d live in a nominated area
" Tar éis naoi mbliana de phianseirbhís fuair an Rianach ‘*ticket of leave*’, a thug cead dó obair a dhéanamh ar an gcuntar go mairfeadh sé i gceantar sonraithe.
ainmnithe de bharr nominated as a result
" Tá an scannánadóir Laure Prouvost ainmnithe de bharr na suiteálacha atmaisféaracha atá cruthaithe aici agus Tino Sehgal de bharr an tsaothair atá seiftithe aige bunaithe ar dhaoine ag bualadh le chéile i suíomhanna institiúideacha.
ainmniú to nominate
" Cá bhfuil Sarah Palin, a raibh cáil dhomhanda uirthi cúig bliana ó shin, agus nach bhfeictear í ar chor ar bith níos mó? Is é taoiseach neamhoifigiúil na gluaiseachta faoi láthair ná Ted Cruz, seanadóir a toghadh anuraidh, nuair a bhuaigh sé ainmniúchán a pháirtí in aghaidh leasghobharnóir Téacsas.
Ainmníodh was nominated
" Ainmníodh an t-albam The Incident ar ghearrliosta ghradam na Grammys sa bhliain 2010, agus bhíomar an-bhróduil as sin.
ainmníodh was nominated
" ‘Is Tír Í Québecois’ ======== Tháinig an crú ar an tairne agus fuair lucht na gceisteanna an freagra a bhí uathu nuair a ainmníodh Pierre-Karl Péladeau mar iarrthóir an Páirtí Québecois roimh an toghchán.
n-ainmneodh would nominated
" *' Lena chois sin, mhaígh an tAire Stáit Mc Ginley go mbeadh gné thofa ann i dtólamh sa mhéid is go n-ainmneodh na Comhairlí Contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéir cúigear ball eile.
ainmnithe nominated
" Bhí Roseanne Smith i láthair nuair a bronnadh Gradaim Ghréasáin na hÉireann an mhí seo caite agus chonaic sí fiúntas mór sna suíomhanna a bhí ainmnithe ann.