Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uaisleacht nobility
" Is ionann gairm an mhadaidh rua agus mo ghairm féin, níl ionainn beirt ach lucht glanta na sráideanna, ní bhaineann uaisleacht ar bith le ceachtar againn nó, chomh luath agus a éiríonn muid sotalach, buaileann taomanna ocrais muid agus glacann an nádúr an lámh in uachtar ar an intleacht.
uaisleacht nobility
" " Ag tagairt don uaisleacht agus an tábhacht a bhí ag baint le Sráid Uí Chonaill leis na glúnta, rinne sé comparáid idir é agus an Champs-Elysee i bPáras agus Broadway i Nua-Eabhrac.
a uaisleachta pearsanta féin his own personal nobility
" De bharr a uaisleachta pearsanta féin agus toisc gur duine deas é teastaíonn ó lucht leanta Phádraig go mbuafadh sé i gcónaí.
maithe agus móruaisle gentry and nobility
" Ní dhiúltódh sé dom i mbliana! Ní raibh ann ach mionpheaca! Níor bhain mé amach as a sparán ach an méid a thabharfadh mé chuig cathair cháiliúil sin na beorach cois Loch Michigan, áit a dtéann maithe agus móruaisle shaol na Gaeilge gach samhradh.
uasaicme nobility
" Ba dhuine den uasaicme é Piaras, agus tá iarsmaí a chaisleáin le feiceáil go fóill ag Cuan an Chaoil.
mhóruaisle nobility
" Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís.
uaisle nobility
" Chreid ceannaire an SS go bhfaighidís fianaise ansin faoi fhréamhacha an chine Airígh i measc uaisle na Tibéide.
uaisle nobility
" Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD, ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil.
maorgacht nobility
" Aimsíonn Michael radharcanna a léiríonn maorgacht na timpeallachta agus spreagann sé ár bhfiosracht maidir leis na scéalta agus leis an stair atá faoi cheilt sna seantithe agus sna ballai cloiche a chuireann sé ina chuid pictiúr.
mhaorgacht nobility
" Ach tá a mhaorgacht féin ag baint leis an gheimhreadh.
uasalaicme nobility
" Ach bhí go leor de na scoileanna don uasalaicme Caitliceach, Clongowes agus a leithéid, ag diúltú Gaeilge a chur ar an gcurriculam.
comhartha uaisleachta a sign of nobility
" Bheadh an aontumhacht ina comhartha uaisleachta agus naofachta ag na sagairt.
ríogacht nobility
" Ní thig leat a rá, “ó, tá sé sin mar a bhíodh Johnny Burns nó Johnny hÉirí”, agus bhí ríogacht ag baint leofa chomh maith.
maithe móra nobility
" Bhí an dá thaobh den Fheabhal, an abhainn fhairsing álainn, a shníonn a bealach go réidh trí chroílár chathair Dhoire, dubh le daoine idir Chéad-Airí Tionóil, an Taoiseach, duaiseoir Nobel, maithe móra Choimisiún na hEorpa agus slua ollmhór de mhuintir ghealgháireach na cathrach, iad uilig i láthair ag oscailt oifigiúil an droichid coisithe nua, a bhfuil an t-ainm Droichead na Síochana tugtha ag an phobal air.
uaisleacht nobility
" Bhí uaisleacht sa seomra nach raibh le feiceáil sa seomra feithimh thuas ag an doras.
maorgacht mhór great nobility
" Údar an Luathéirí ==== Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas agus leis an maorgacht mhór a bhí i mo thimpeall an dá lá sin.
gairm uaisleachta a step of nobility
" Cuireann Airteagal a 40, mír 2 fomhír a 1 cosc ar a leithéid de chóras: 'Ní cead don stát gairm uaisleachta a bhronnadh ar aon duine.
uaisleacht mhórálta moral nobility
" Tugann an dialann seo dar scríobhadh i Northhampton sna caogaidí droim láimhe dos na fir léinn sin a deir go bhfuil uaisleacht mhórálta de shaghas éigin ag baint leis an mbochtanas saolta, bochtanas a sheasann mar sciath ós comhair chathú agus thruailliú na gcathracha nua-aimseartha.
mar arduaisle as nobility
" Ar an dea-uair, níor éirigh le Savonarola saothar ealaíne na hAthbheochana ar fad a loisceadh agus ainneoin gur chaill na Medici a ról sa tsochaí mar bhaincéirí, níorbh fhada gur tháinig siad chun tosaigh arís sa saol mar arduaisle.
uasalaicme agus ísealaicme nobility and ignoble classes
" Níor chóir go mbeadh aon uasalaicme agus ísealaicme ann.
maithe na leac the nobility who have gravestones
" Ní feas dúinn, áfach, líon na mílte eile atá caite i gcarn ar a chéile i bhfoisceacht maithe na leac.
ina ríshliocht nobility
" Michael O Gorman a bhunaigh an tAcadamh Leighis in 1780; bhí muintir Lynch ina ríshliocht sa tír ar chúiseanna difriúla ó bhog Patricio Lynch ansin sna 1740í (Ernesto Guevara Lynch nó Che Guevara an duine is clúítí acu inniu).
Dia idir Sinn agus na hUaisle God protect us from the nobility
" Dia idir Sinn agus na hUaisle =========== Aisteach le rá, chuir David Morris, stiúrthóir náisiúnta ar an ARM réamhráite, fáilte roimh an gcinneadh.
ag sodar i ndiaidh na huaisle (the act of) arse-licking the nobility
" Maíonn siad go fíochmhar nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta atá ina ghné lárnach i sochaí na Breataine, an mháthairthír, le sonrú abhus, agus is fuath leo daoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle.
ag ealaíontóirí agus ag an uasalaicme of artists and nobility
" Cuairt Giacometti ar Flórans ============= Thug Giacometti a “chuairt mhór” ar an Iodáil idir 1920-21, turas a bhí coitianta ag ealaíontóirí agus ag an uasalaicme san am, agus chuaigh sé i dteagmháil leis an ealaín chlasaiceach, nuachlasaiceach agus bharócach ansin.
huaisle nobility
" Ba mhór an tóir a bhí ar shaothar John Lavery, arbh as Béal Feirste ó dhúchas dó (1856), nuair a rinne sé an pictiúr seo agus i measc a chuid cliant bhí rítheaghlach na Breataine, polaiteoirí móra agus na huaisle.
cluiche an uasaicme the nobility’s game
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.
ag iompar málaí gailf an uasaicme carrying the nobility’s golf bags
" Sna ‘seanlaethanta’ d’fhoghlaim leithéidí Harry Bradshaw, Christy O'Connor, Eamonn Darcy agus go leor galfairí eile scileanna an ghailf as a stuaim féin – thosaigh go leor acu amach ina gcodaithe agus iad ina ngasúir, ag iompar málaí gailf an uasaicme ar mhaithe le cúpla pingin a thuilleamh, agus chuir siad suim sa chluiche de bharr na taithí sin.
ag moladh a thréine agus a uaisleachta praising his strength and nobility
" Lanslot an Locha ab ainm do dhuine acu, agus tá dánta filíochta anso sa Spáinn féin againn ag moladh a thréine agus a uaisleachta.
ball d’uaisleacht pholaitiúil a member of (Canadian) nobility
" Scoláire, iriseoir agus pearsa teilefíse sa Bhreatain sna hochtóidí is ea Ignatieff, ach ball d’uaisleacht pholaitiúil Cheanada is ea é freisin.