Ar cheart go gcuirfí na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an
neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.