Chroch Dinnius suas a threabhsar agus a mhisneach agus labhair amach go neamheaglach, neamh-fhéinchúiseach,
neamhfhuadrach:
“Iad siúd a bhfuil súile acu le hamharc leo, amharcaidís ar laoch seo na Gaeilge Gaelaí; agus iad siúd a bhfuil cluasa acu le héisteacht leo, éistidís le Gaeilge álainn líofa bhinn Chúige Uladh; agus iad siúd a bhfuil béal acu le hithe leis agus sceadamán acu le hól leis, bíodh greim le hithe agus cúpla pionta le hól acu liomsa ar dtús.