Ar páipéar, tá cuma an-réasúnta agus ciallmhar ar an smaoineamh, is é sin coiste neamhspleách nach bhfuil beann aige ar choiste contae, coiste cúige nó aon aonad eile den eagraíocht agus a thabharfadh breith neamhspleách, neamhchlaonta ar an iliomad cineálacha conspóide a thagann chun cinn ó am go ham.
Bhí muid ag brath ar bhlagadóirí agus ar chláracha plé éagsúla, ach dá fheabhas an díospóireacht agus na barúlacha spéisiúla a nochtaíodh orthu, ní raibh iontu i ndeireadh ama ach tuairimíocht seachas tuairisceoireacht, údarásach, neamhchlaonta.