Sílim féin gurb é an láidreacht is mó atá againn faoi láthair ná an spreagadh, an teacht le chéile agus an tógáil croí a thugann Gaeilgeoirí óga na naíscoile agus na bunscoile don phobal.
Naíscoileanna nua ar an Bhaile Manach, ar an Iúr, i Machaire Fíolta agus i nDoire - sin cuid de na tionscadail a thiocfaidh chun blátha i bhfómhar na bliana seo - mar aon le bunscoil nua ar an Ómaigh agus b'fhéidir scoil eile i nDún Geanainn.
‘Scéal dhá Chathair’ ba ea teideal an phríomhscéil ag Lá Nua (nach maireann) ar 3ú Mí Iúil 2008 faoi theip ar iarracht naíscoil a bhunú i Londain, ach go raibh an rath ar iarracht Learphoill leis an naíonra a bhunú.