Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
náisiúnaigh nationalist
" Chuir sé síos ar thaithí an phobail náisiúnaigh ar an phóilíneacht ó thuaidh.
méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair the anger of the nationalist community will increase again
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
bunús mór an phobail náisiúnaigh most of the nationalist community
" Is trua gur fágadh an duine seo ina éan scoite, ach is maith an rud é go bhfuil bunús mór an phobail náisiúnaigh ag tabhairt bata is bóthar don dearcadh diúltach atá aige.
náisiúnaigh tríú tíortha third country nationals
" Tá an tAontas Eorpach (AE) ag iarraidh comhbheartas inimirce a fhorbairt ó 1999 nuair a bhronn Conradh Amsterdam cumhacht reachtach ar an Aontas sa ghort seo, is é sin, teacht isteach san AE daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad, nó náisiúnaigh tríú tíortha mar a thugtar orthu go hoifigiúil.