Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ildaite multicoloured
" Is mór an trua é sin mar gur tír speisialta, thar a bheith ildaite í Guatamala.
ildathach multicoloured
" Tá stíl bhreá, bhríomhar agus ildathach le feiceáil ar an suíomh KartOO.
ildaite multicoloured
" Ceol ildaite a roghnaíonn sé – ceol a bhogann mé ó áit go háit go héasca.
dearadh ildaite multicoloured design
" Spreagann an ráiteas sin an chéad cheist eile: an bhfuil an locht ar an nuachtán féin? An amhlaidh nach bhfuil an táirge maith go leor chun go mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach? Go pearsanta, is breá liom cuid de *Lá Nua*: an dearadh ildaite agus tarraingteach; na colúin pholaitiúla le leithéidí Sheáin Uí Thuairisg; an podchraoladh laethúil, na colúin a scríobhann Conn Ó Muíneacháin ar chúrsaí blagadóireachta agus Idirlín; an deis a thugtar d’iriseoirí óga dála Mheadhbh Ní Eadhra; leideanna gnó Mháirtín Uí Mhuilleoir.
léaráidí áille ildathacha lovely multicoloured diagrams
" Le bheith beacht, bhuaigh Griffin agus a bhean chéile, Marion Mahony, an comórtas de bharr gur chuir na léaráidí áille ildathacha a tharraing sise go mór le hiarratas a fir.
saothar iontach, ildaite wonderful multicoloured work
" " Bhí saothar iontach, ildaite Derek lárnach sa taispeántas ar ndóigh, íomhá dar teideal "Golgotha” ina measc.
snasta ildaite polished, multicoloured
" Léirigh an tAire Ó Cuív, i litir chuig *The Irish Times*, go raibh dul amú iomlán ar Gharret Fitzgerald nuair a scríobh sé go gcaithfear tuarascálacha snasta ildaite a fhoilsiú i nGaeilge.
ildaite multicoloured
" Caitheann gach duine sa treibh, idir fhir agus mhná, brat fada ildaite agus seodra go leor.
is ildaite most multicoloured
" Nuair a bhí mé faoin uisce b’iomaí iasc agus sliogiasc a ghluais thar bráid, gach ceann acu ar na héisc is gile agus is ildaite dá bhfaca mé riamh.
ildaite multicoloured
" Is breá leis scéalta leanúnacha a insint agus pictiúirí stairiúla ildaite a tharraingt.
an scaifte ildaite the multicoloured group
" Bíonn siad ann ina dhiaidh sin, an scaifte ildaite agus buíon na báine chomh maith le dream na duibhe, iad go léir ag amharc go maorga agus go hálainn.
chruthaigh sé culaith lándathannach he created a multicoloured suit
" Sa bhliain 1937 d’oibrigh sé i gcomhpháirt leis an dearthóir Iodálach clúiteach Elsa Schiaparelli ar an ngúna gliomaigh ar baisteadh an ‘Mondrian’ air, gúna taibhseach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Yves Saint Laurent nuair a chruthaigh sé culaith lándathannach sa stíl chéanna i 1965.
In ionad lusanna ildaite instead of multicoloured plants
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.
feileacán ildaite álainn beautiful multicoloured butterfly
" Ainm cuí atá ar an gcarthanacht a léiríonn tréimhsí de shaol an pháiste – ón mbolb beag bídeach go dtí an feileacán ildaite álainn atá tagtha ar an saol - agus ní háille go foirfeacht na broinne.