Tá go leor eile den bharúil, áfach, gur léiriú é an leacht ar chéim mhuiníneach chun tosaigh ó thaobh cúrsaí ailtireachta de, agus nach bhfuil eagla orainn a bheith difriúil.
"Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga.
Nuair a foilsíodh torthaí an daonáirimh ó thuaidh an mhí seo caite, baineadh geit as náisiúnaithe a bhí ag tuar go muiníneach go dtitfeadh líon na bProtastúnach sna Sé Chontae faoi 50%.
Duine láidir, muiníneach, ábalta agus dírithe ar a cuid oibre is ea í, agus ní dhéarfainn go bhfuil mórán foighne aici le daoine a chuireann a cuid ama amú.
Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?
An fhís chéanna atá agam le fada - pobal forásach nua-aimseartha Gaeilge a bheith ann atá muiníneach as féin i measc chultúir eile na cruinne.
An phríomhaidhm atá agam mar mhúinteoir ná cur ar chumas na bhfoghlaimeoirí an Ghaeilge a úsáid go muiníneach nuair a bhuaileann siad le cainteoirí eile.
ag dul i ngleic go muiníneach leis an dúshlán mór seoconfidently tackling this big challenge
Is í Corcaigh an chathair is lú riamh a ghnóthaigh an teideal gradamach seo "Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa" agus is í, lena sráideanna nuachóirithe don ócáid, atá ag dul i ngleic go muiníneach leis an dúshlán mór seo atá roimpi.
Bhí an-spéis ag an triúr againn sna hOileáin Fharó mar go raibh teanga dá gcuid féin acu nach raibh á labhairt in aon áit eile ar domhan, agus bhí sí á labhairt ag chuile aoisghrúpa ar na hoileáin, agus iad muiníneach aisti.
Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
Is iarthaidhleoir é Rudd agus dúirt sé ag an am go raibh sé muiníneach nach gcuirfeadh ceist an úráiniam isteach ar chúrsaí taidhleoireachta ná ar chúrsaí trádála idir an dá thír.
D’éirigh le Fianna Fáil a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann arís is arís eile go mba é an t-aon pháirtí polaitíochta as a bhféadfaí a bheith muiníneach le bheith i rialtas agus go mba páirtí é a chuir leas fadtéarmach na tíre roimh aon ní eile.
” Ceacht amháin nár fhoghlaim sé, áfach, ná go raibh an ghnólacht shlándála a lig an Moslamach óg ón Nigéir gan chlóchead ar bhord an eitleáin neamh-mhuiníneach.
Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.
a bheith in ann a bheith muiníneachto be able to be confident
Tá ógra na hÉireann fíoracmhainneach agus tá sé tuillte acu a bheith in ann a bheith muiníneach as a bhfuil amach rompu agus a bheith bródúil as a dtír féin.
cur chuige mall muiníneachslow deliberate approach
Luann Campbell eachtraí ilghnéitheacha eile sa leabhar a léiríonn meon tánaisteach Jenkins fé lán seol, an cur chuige mall muiníneach sin a bhí le feiscint agus é i gceannas ar Státchiste na Breataine ó 1967-70 agus ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh ó 1977.
muiníneach faoi na mílte duineconfident about the thousands of people
Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.
Nílim muiníneach go bhfuil an mianach ceart i bpolaiteoirí na hAstráile le cinneadh misniúil a dhéanamh i dtaca le ceist eitice chasta na heotanáise toilteanaí, mar a bhí ina gcomhghleacaithe san Ísiltír, san Eilvéis agus sa Bheilg.