Ach, faraor, bhí gach saghas muiscíte ann freisin; bhí mo chosa bochta ite, deich ngreim bainte as ceann amháin agus dhá cheann déag as an gceann eile.
Ba chuma liom fiú go mbeadh na muiscítí ag déanamh béile díom – ní raibh rud ar bith chun cur isteach ar mo shonas agus ar mo shástacht!
Thit mé i ngrá leis an Maláiv anuraidh, nuair a chaith mé cúpla seachtain ar bhruach Loch na Maláive.