Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
duairc morose
" "Inseoidh mé an scéal díreach mar a thagann sé isteach i mo chrúb, gan cur leis ná baint de!" Seo daoibh anois sliocht as dialann dobhartha, doilbhir, duairc an Aire Chráite, Chraiceáilte, Chonfaigh: (nóta ón eagarthóir: Feicfidh sibh leis na lúibíní thíos gurbh éigean dúinn cinsireacht a dhéanamh ar roinnt de na focail dána a tháinig chugainn díreach ón chrúb iomráiteach sin.
gruama morose
" Go minic, nuair a smaoiníonn daoine ar shiopaí ina ndíoltar úrscéalta grafacha seans go mbíonn íomhá ina n-intinn d’fhir óga goiríneacha agus cuma cineál gruama orthu, an saghas duine a bheadh le feiceáil i siopa mar Forbidden Planet i mBaile Átha Cliath.
duairc gruama morose and gloomy
" Saor-Phreispitéireach cartúnach a bhí ann, é duairc gruama lán fuatha do dhaoine nár aontaigh sé leo.
bhundúnaigh morose
" Anois, a Bhaloir, a bhaotháin bhreallánta, bhundúnaigh, sílim gur leor sin mar agallamh, má tá tú ag iarraidh a bheith ar ais ag scríobh do Beo! ar an mhí seo chugainn.
duairc morose
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.
dúlionnach morose
" Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta, dúlionnach agus duairc an mhí seo a chuaigh thart, de thairbhe cainte gan stad gan staonadh faoi dhrochstaid na tíre.