Tá méadú de sheacht déag faoin gcéad tagtha ar na praghsanna le cúpla mí anuas agus anois tá na bainc sásta morgáistí de chaoga faoin gcéad den ioncam indiúscartha míosúil a thabhairt dá gcuid custaiméirí ar feadh cúig bliana is tríocha.
morgáistí ollmhóra
=======
Ar an drochuair, is minic nach mbíonn muid réalaíoch faoinár gcostais mhaireachtála agus is fíorannamh a chuirtear suim airgid ar leataobh d’éigeandálaí.
Mar gheall ar an méid comhlachtaí a thug morgáistí do cheannaitheoirí tí a raibh fadhbanna creidmheasa acu, agus nach féidir leo na morgáistí úd a íoc anois, tá earnáil na tithíochta ag titim as a chéile agus comhlachtaí baincéireachta ag titim i bhféimheacht dá réir.