Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhóimint neamhbhuan transient moment
" Cuir i gcás go bhfuil tú ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar mhóimint neamhbhuan a fhágann rian ort.
go moilleodh ar feadh meandair that he would delay for a moment
" Ó d'aithin sé duine acu shíl sé go moilleodh ar feadh meandair agus go gcuirfeadh sé ceist air faoin gcos bhocht a bhí ar sliobarna.
dá olcas cúrsaí faoi láthair bad as things are at the moment
" Ní chreidim go nglacfadh an Eaglais leisean mar ábhar sagairt – dá olcas cúrsaí faoi láthair.
móimint uafásach dreadful moment
" Dar leis fosta gur “móimint uafásach” ina shaol a bhí ann gan a bheith ar an fhoireann nuair a bhain Liverpool FC Sraith na Seaimpíní anuraidh.
an córas atá i réim the system at the moment
" Níl an córas atá i réim sásúil agus níl ag éirí leis ó thaobh na peile ná na hiomána.
an dearadh atá acu faoi láthair the design they have at the moment
" Tá rudaí chomh holc sin gur fhógair Airbus, faoin ghrian ag Farnborough, go raibh sé beartaithe acu an dearadh atá acu faoi láthair don A350 a chaitheamh i dtraipisí, agus go dtógfaidís eitleán nua níos fearr, an “A350 XWB” (ciallaíonn XWB “Extra Wide Body”), ina áit.
ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair leaving the party at the moment
" Ba chuid den straitéis fhadtéarmach riamh é agus murar thuig na daoine atá ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair gur cuid den loighic a bhí taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta é go nglacfadh Sinn Féin leis an chóras cirt ó thuaidh, thuig an cheannaireacht é.
go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, that languages with at least a million speakers at the moment will survive,
" ” Deir Krauss go bhfuil gach seans ann go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, cé go ndeir sé go dtiocfadh le brúidiúlacht stáit deireadh a chur le teanga a mbeadh fiú an méid sin cainteoirí aici.
faoi láthair at the moment
" Táim ar ais in íochtar an domhain faoi láthair agus éiríonn sé dorcha ag a sé a chlog.
Faoi láthair, At the moment,
" Faoi láthair, tá tromlach na suíochán sa dá theach ag an rialtas reatha, comhrialtas atá comhdhéanta den Pháirtí Liobrálach agus den Pháirtí Náisiúnta.
faoi láthair, at the moment,
" “Tá cothrom is caoga post lánaimseartha sa chomhlacht faoi láthair,” a deir Mac Murchú, “ach d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh suas le 150 duine amuigh le linn deireadh seachtaine faoi leith ag déanamh taifeadta ar chláracha de chuid an chomhlachta”.
Ach cúpla bomaite ina dhiaidh sin, but a few moments after that
" Ach cúpla bomaite ina dhiaidh sin, deir sé: “Dá mbeinn i m’fhear óg san Afraic Theas aimsir na cinedheighilte, bheinn i mo bhall den ANC.
Tá an ghné sin den chás á fhiosrú ag mo dhlíodóir faoi láthair, that aspect of the case is being looked at by my solicitor at the moment
" Tá an ghné sin den chás á fhiosrú ag mo dhlíodóir faoi láthair, ach is é bun agus barr an scéil ná nach bhfuil Sabine feicthe agam le breis agus ceithre bliana.
faoi láthair. at the moment
" Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí freastal ar Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt ar bhealach nach ndéanann aon cheann de phríomh-mheáin chlóite na Gaeilge faoi láthair.
an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí dá chéile the two candidates really have it in for each other at the moment
" An gcaithfidh siad vóta ar son Barack Obama má bhaineann sé ainmniúchán a pháirtí amach? Go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí dá chéile i láthair na huaire? Ag cur cheist an chiníochais as an áireamh, ámh, cuireann Obama ola ar chroí cheannasaithe a pháirtí.
theastódh uaimse go gclúdófaí gach bomaite I would want that every moment be included
" Bhí mise róghar don chlár – theastódh uaimse go gclúdófaí gach bomaite; gach *nuance*, gach scéal, gach mothúchán, gach eachtra.
am na cinniúna the historic moment
" Bíonn ceannaire mór de dhíth in am na cinniúna, duine a bhfuil fís aige, duine a mhothaíonn an ghaoth stairiúil, duine a ghlacfaidh leis an dúshlán mhór mar ghlaoch ó na déithe, duine atá sásta a thodhchaí féin, uaireanta a bheatha féin, a chur i mbaol mhór, agus duine a bhfuil cumas cumarsáide den scoth aige.
thráthúil timely moment
" Bhí sé foighneach, ach nuair a thagadh an uair thráthúil, thapaíodh sé an deis.
thráth moment, time
" Samhain (Sam+fuin) Is mar fhuineadh, nó mar ‘dheireadh’ an tsamhraidh, mar ‘thráth báis’ na bliana a braitheadh an tSamhain riamh anall, agus bítear ag cuimhneamh ar ghnóthaí báis i leath thuaidh an domhain trí chéile, an t-am seo den bhliain.
ar ala na huaire on the spur of the moment
" Tharla ar tharla ar ala na huaire.
sealanna macnaimh thoughtful moments
" Atmasféar bog, ciúin, téagartha, doimhin agus lán le sealanna macnaimh.
bhfíordheireadh final moments
" Ní inseoidh na fíricí loma sin áfach, go raibh críoch a bhí conspóideach agus scannalach araon leis an gcluiche ceannais úd mar go ndearna an réiteoir, Martin Sludden, tuaiplis le cinneadh mícheart, rud a d’admhaigh sé féin níos déanaí, i bhfíordheireadh na himeartha a sciob an chraobh ó Lú agus a bhronn ar an Mhí í, dar le cách.
ar an ala sin at that moment
" Má fhéachann duine ar na pictiúir a tarraingíodh ar an ala sin agus an cluiche díreach thart agus a foilsíodh sna nuachtáin i rith na seachtaine ina dhiaidh sin, feicfidh sé an réiteoir faoi ionsaí agus faoi léigear agus imní agus sceon i súile an fhir bhoicht agus é á thionlacan den pháirc ag an Garda Síochána agus ag maoir.
bhomaite moment
" Ón bhomaite sin ar aghaidh bhí Balor an Breallán smíochta; bhí sé prioctha ag an bheach Shasanach, agus ní raibh sí féin in ann mórán a dhéanamh as bealach de réir Laoch na Cealgaireachta.
am na cinniúna at the decisive moment
" (Sa chás seo, bheadh vóta saor ag gach teachta nuair a bhí an socrú leis an CAI a chíoradh sa Dáil) Is annamh a fhaighimid deis cruth úrnua a chur ar ghléas riartha an stáit, ach seo anois sinn in am na cinniúna.
táim an-tógtha faoi láthair leis I’m very fond at the moment of
" Go pearsanta, táim an-tógtha faoi láthair leis an bhfeidhmchláirín Photosynth ó Microsoft atá ar fáil anois do iOS.
In umar na haimiléise in the gloomiest moments
" Aisteoireacht Éachtach =========== In umar na haimiléise, fiú, aimsíonn Mija laistigh di féin modhúlacht agus samhlaíocht an chailín bhig óig inmhéanaigh nár fhás suas riamh.
ba chor tábhachtach é sin that was a decisive moment
" Níor tuigeadh go forleathan ag an am, ach ba chor tábhachtach é sin i stair mhaoiniú na scoileanna abhus.
níor chóir bomaite breise an extra moment shouldn’t be (missed)
" Ach má bhíonn triúr gasúir óga sa charr atá ar bís faoin ionad campála/ cladaigh/ páirc súgartha, níor chóir bomaite breise a chaitheamh thar mar is gá sa charr.
meandar gearr sin that short moment
" B’fhéidir gur ón traenáil agus ón ullmhúchán rialta ó sheachtain go seachtain a thagann an fíorshásamh agus ní ón meandar gearr sin nuair atá an corn buaite, an chraobh gnóthaithe.
faoi láthair at the moment
" – Tá brón orm mar tá a lán Sínise i mo chloigeann faoi láthair agus tá meirge dá réir ar mo chuid Gaeilge faoi láthair, mar sin, ní féidir liom .
Tá an t-uafás acu ann faoi láthair they’re in abundance at the moment
" Tá an t-uafás acu ann faoi láthair agus cuireann siad seirbhísí fiúntacha ar fáil, cuirim i gcás, an CSD, an teileachumarsáid, agus taiscéalaíocht mhíleata.
is beag an scéal é faoi láthair it’s not of much concern at the moment
" Ach in ainneoin na tairbhe a bhaintear as an spás, is beag an scéal é faoi láthair, ach amháin nuair atá rud éigin as an ghnáth ar siúl.
faoi láthair a mbeinn an-mheallta aige at the moment which would really entice me
" Níl mórán i litríocht na Rómáinise faoi láthair a mbeinn an-mheallta aige, ach tá traidisiún na Rúise thar a bheith saibhir.
faoi láthair at the moment
" An rud is suntasaí faoin taispeántas, ‘Gan Dídean’, atá le feiceáil i Museo di Roma in Trastevere faoi láthair, ná an solas a lonraíonn ó shúile na ndaoine bochta atá faoi scrúdú ag an ghrianghrafadóir Lee Jeffries.
nach fiú trí mheandar ded’ shaol not worth a few moments of your life
" Cinnte tá roinnt díobh nach fiú trí mheandar ded’ shaol a chur amú ach tá neart gur fiú athbhreathnú orthu arís is arís eile.
i láthair na huaire at the moment
" Tá an chéad fadscannán i mBriotáinis Lann Vras (Kalanna, 2013) ar camchuairt timpeall na Briotáine i láthair na huaire.
ag tástáil cairr i láthair na huaire testing a car at the moment
" Tá mé ag tástáil cairr i láthair na huaire a thaitníonn go mór liom.
i gceannas ag bomaite ar bith in charge at any moment
" Is é an féin a mhaireann atá i gceannas ag bomaite ar bith, ag maireachtáil leis agus ag baint suilt as an tsaol (nó á fhulaingt).
an seal beag sona seo a chaitheamh spend this happy moment
" Léiríonn sé seo an teannas idir an dá fhéin, rud a mhothaím féin agus mé ar saoire nó ag baint suilt as ócáid ar leith – ar chóir dom an seal beag sona seo a chaitheamh ag féachaint fríd an cheamara, le go mbeidh “cuimhní” agam amach anseo, nó ar chóir dom an ceamara a chur síos agus an ócáid a shú isteach go hiomlán.
a shú isteach go hiomlán to capture the moment in its entirety
" Léiríonn sé seo an teannas idir an dá fhéin, rud a mhothaím féin agus mé ar saoire nó ag baint suilt as ócáid ar leith – ar chóir dom an seal beag sona seo a chaitheamh ag féachaint fríd an cheamara, le go mbeidh “cuimhní” agam amach anseo, nó ar chóir dom an ceamara a chur síos agus an ócáid a shú isteach go hiomlán.
faoi láthair at them moment
" Tá cara liom ag taisteal timpeall na hÁise faoi láthair.
an bhomaite dheireanach the last moment
" Ag an bhomaite dheireanach, d’éirigh le hidirghabhálaithe ón AE an dá pháirtí a mhealladh chun cainte agus shínigh siad socrú a chinnteodh go mbeadh toghchán roimh dheireadh na bliana agus go saorfaí na daoine a cuireadh i gcarcair le linn na n-agóidí.
Faoi láthair at the moment
" Faoi láthair tá ceann de na tíortha is mó agus is straitéisí san Eoraip idir dhá cheann na meá.
beagnach ón bhomaite almost from the moment
" Feictear dom go bhfuil sí fós i gcarcair – a bhuí leis na meáin a rinne dúshaothrú uirthi beagnach ón bhomaite a gabhadh í deich mbliana ó shin.
faoi láthair at the moment
" Clarke leis an mac is sine liom faoi láthair.
faoi láthair at the moment
" Tá geilleagar Québec ag streacailt léi faoi láthair chomh maith, le fiacha troma ar an gcúige agus dífhostaíocht go forleathan, go háirithe i measc na n-óg.
faoi láthair at the moment
" Tá na húdaráis idir dhá chomhairle faoi láthair dá bharr agus an chuma ar an scéal nach mbeidh sé de dhánacht iontu capall íocónach na hard-dúiche a dhealú le hurchar anuas as ingearán.
Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe there’s no loving eye like a mother’s at the moment of birth
" Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe.
faoi láthair. at the moment.
" Tá an scannán (i)Kings(/i), a insíonn scéal cairde a chuaigh ar imirce go Londain sna seachtóidí, le feiceáil i bpictiúrlanna in Éirinn faoi láthair.