Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
modarálta moderate
" D'éist sé leis an dream modarálta agus thug sé faoi chomhaontas domhanda a chur le chéile go foighneach.
a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe that would moderate the continuous growth in house prices
" Feicfear méadú cinnte ar an líon gnáth-thithe agus tithe sóisialta a thógfar sa stát seo sna blianta romhainn amach, ach is deacair a fheiceáil go bhfuil aon rud sna moltaí seo a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe sa tír.
a mhaolú to make more moderate
" Go deimhin, rinneadh iarrachtaí an chuid seo den bhille a mhaolú.
mheasartha moderate
" Níl éinne ag maíomh gur cheart d’Airí rialtais a bheith ag taisteal i measc na n-eallach nó ar mhuin high nelly mar a bhíodh Oliver J Flanagan sa tseanam, agus táthar i dteideal gach compord gur féidir a thabhairt daofa ar phraghas mheasartha.
mheasartha moderate
" Tráthnóna breá Fómhair a bhí ann, geal agus grianmhar go deimhin, agus gaoth mheasartha aduaidh ag séideadh i dtreo na farraige ón gcnoc anuas.
measartha moderate
" Is léir gur thuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a eisíonn na bannaí ar son an stáit, nach mbeidis in ann bannaí a dhíol ar phraghas measartha nuair a chuir siad ar ceal na ceantanna a bhí le bheith acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.
raon sách measartha a fairly moderate range
" Dhíol sé an chéad ifón le daoine, cuirim i gcás, nuair nach raibh ach raon sách measartha ag an bhfón agus nuair nár sheas an cadhnra ach leath lae.
mheasartha moderate
" Má fhéachaimid ar scéal na hiomána a imrítear don chuid is mó (a) in Éirinn nó i measc Éireannach lasmuigh den tír agus (b) go fairsing i gceantair áirithe agus go tearc i gceantair eile, de réir teoiric na dtosca aiceanta a tháinig an iománaíocht chun cinn i réigiún ina raibh (i) neart den ábhar cuí, fuinseog, ar fáil (ii) aeráid thais, mheasartha agus ithir dhomhain, thorthúil a chuidigh le fás na fuinseoige agus le fás féir ó cheann ceann na bliana geall leis agus (iii) dálaí aimsire a chuidigh le himirt an chluiche ar feadh formhór na bliana.
Déarfainn measaracht a dhéanamh I’d say to be moderate
" ” An bhfuil aon comhairle ag Darach d’imreoirí óga in Éirinn, ó thaobh traenála, aiste bia, dearcaidh agus mar sin de? “Déarfainn measaracht a dhéanamh ar rudaí (bia) – gan foracan a ithe.
a raibh cáil an mheasarthaigh air who had the name of a moderate
" In earrach na bliana seo, le cúnamh an Tea Party, thug sé faoi Richard Lugar, seanadóir Poblachtánach an stáit sin ó 1977 amach, a raibh cáil an mheasarthaigh air.
aontachtaithe measartha moderate unionists
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
measartha moderate (benefit)
" Biseach beagmhaitheasach nó measartha, tá Robert McMillen den tuairim go n-imeoidh tuaisceart Bhéal Feirste ó aithne leis na hathruithe atá ar na bacáin don ag an DUP agus Sinn Féin.