Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chumasc mixture
" *Denglisch* (= Deutsch + Englisch) a thugtar ar chumasc ait teanga na nGearmánach "nua-aimseartha".
meascán a mixture
" Bíonn meascán ann don damhsa ar an sean-nós ach is daoine fásta is mó a bhíonn i láthair.
meascán mixture
" Seinneann Kíla ceol nua-chumtha ar fad atá bríomhar, spleodrach, agus a bhfuil meascán ann den cheol traidisiúnta agus den roc-cheol.
meascán mixture
" Tá tá na logainmneacha i Wirral an-suimiúil, mar is meascán iad d'Ioruais, Gaeilge agus Béarla.
meascán mixture
" Tháinig siad i dtír ar an gceol traidisiúnta agus chuireadar meascán i láthair an phobail le gach eisiúint.
meascán mixture
" Táthar ag súil go meallfaidh an meascán breá drámaí atá ar fáil lucht féachana mór chuig an bhféile drámaíochta seo.
meascán mixture
" Tá mise ag iarraidh go mbeidh na cláir sin ann ach go mbeidh meascán i gceist.
meascán canúintí mixture of dialects
" B’fhéidir gurb í mo chuid Gaeilge féin, agus an meascán canúintí atá agam, is cúis leis sin.
meascán neamhghnách uirlisí an unusual mixture of instruments
" Mar mhalairt air sin, b’fhéidir, is breá na dlúthdhioscaí atá eisithe ag daoine mar Chormac Breathnach nó Michael McGoldrick, fear a tógadh i Sasana - bíonn blas nua-aimseartha ar a chuid ceoil agus bíonn meascán neamhghnách uirlisí ag tabhairt tionlacain dó freisin.
meascán mixture
" Canann muid meascán d’amhráin sean-nóis agus amhráin thraidisiúnta Bhéarla agus taitníonn sé sin go mór le daoine.
den mheascán bríomhar seo of this lively mixture
" Anocht, tá sé féin agus a cheol mar chuid lárnach den mheascán bríomhar seo ón tSeapáin, ó Éire agus ó thraidisiún an Ainu.
meascán mór ceoil a big mixture of music
" Sheinn sé meascán mór ceoil – *techno*, ceol damhsa agus, ar ndóigh, “Teenage Kicks” leis na Undertones – agus bhí an scaifte mór a bhí i láthair an-sásta leis sin.
meascán mixture
" Ach sílimse féin nár oibrigh Baile Ghib chomh maith is a d’oibrigh Ráth Cairn cionn is go raibh meascán ann (daoine as áiteanna éagsúla sa tír).
meascán mixture
" Is meascán de thírdhreach na hÉireann, Ghaeltacht na hAlban agus na hAfraice atá i gceist.
meascán ait strange mixture
" Fiú mura bhfuil ach meascán ait de chomhábhair agat sa chuisneoir, is féidir béile a aimsiú go héasca ar an suíomh seo a bhainfidh leas astu ar fad! Tá feabhas mór tagtha ar mo chuid cócaireachta ón uair a d'aimsigh mé an suíomh seo.
Meascán a mixture
" AÓF: Cén saghas amhrán atá ar an albam seo? GB: Meascán – amhráin Ghaeilge agus Bhéarla, cinn ón Tuaisceart agus ón Deisceart, ceann as Albain agus ceann as Meiriceá.
meascán mixture
" B’fhéidir leagan beacht atá caillte ag an aoisghrúpa seo a athbheochan? Nó meascán de gach rud? Ar chóir dúinn Gaeilge mhianaidhme a úsáid ar an teilifís, agus glacadh leis go mbeidh sé deich mbliana eile sula mbeidh naíonáin an lae inniu ina ndéagóirí agus ag súil go mbeidh siad ag caint mar sin? An bhfuil cumhacht ag lucht scripte ár modh cainte a athrú? Tá mo bharúil féin agamsa.
meascán mixture
" Bhí meascán chomh mór sin daoine ag na ceolchoirmeacha go raibh a fhios againn go raibh rud éigin speisialta faoin cheol.
meascán de thosaitheoirí mixture of beginners
" Nuair a thosaíonn na ranganna i mí Mheán Fómhair, bíonn meascán de thosaitheoirí agus de dhaoine ar bheagán taithí i láthair.
meascán mixture
" Déanta as meascán de bhainne gabhair agus bainne bó, tá an bainne galaithe thar teas íseal go dtí go gcomhdhlúthaíonn agus go gcaramalaíonn na siúcraí, agus go bhfágfar saghas ime, nó cáise, atá beagnach inbhealaithe.
meascán mixture
" 2 míle milliún duine) agus tá meascán mór de chultúir is de theangacha inti.
meascán mixture
" Sa tochailt sin, tháinig mé ar mo leigheas féin – meascán mór de nithe difriúla atá róchasta le míniú anseo.
meascán mixture
" Measaim mar sin gur meascán de rudaí a bhíonn i gceist.
meascán mixture
" Tá a rian le feiceáil ansin sa lá inniu i logainmneacha na háite, mar is meascán iad den Lochlannais, Gaeilge agus den Bhéarla.
Meascán de a mixture of
" Meascán de dhathanna gorma agus glasa atá sa mhórsceir agus is léir ón spéir gur órgánach beo mór millteach í.
meascán a mixture
" D’fhéadfaí a rá gur cluiche peile é ar meascán de pheil Ghaelach agus de pheil na hAstráile (Rialacha na hAstráile) atá sa chluiche comhghéillte agus mar sin sin gur meascán den pheil Ghaelach agus den rugbaí atá ann (tá daoine ann a thabharfadh manglam air ach fagaimis sin mar atá sé!).
meascán a mixture
" Níos aistigh fós, níl canúint an deiscirt ar éinne sa chathair seo, ach meascán de Bhéarlaí na gcathracha oirthearacha mar Nua-Eabhrac agus Baile an Tí Mhóir as a dtáinig imircigh an 19ú haois.
meascán den chur chuige chumarsáideach a mixture of the communicative approach
" Bheadh rogha i bhfad níos leithne sa chúrsa úr, ina mbeadh meascán den chur chuige chumarsáideach agus den chur chuige traidisiúnta.
meascán den uisce agus den luaithreach a mixture of water and ash
" Bhaintí úsáid as meascán den uisce agus den luaithreach leis an aghaidh a ní chun na críche seo.
Meascán a mixture
" Meascán den Chaitliceachas, de chreidimh dhúchais na hAmasóine agus ruainne de na creidimh Afra-Bhrasaíleacha atá sna creidimh Santo Daime.
meascán de ghrianghrafadóireacht a mixture of photography
" Is meascán de ghrianghrafadóireacht, péintéireacht agus de fhíseán a mheabhraíonn Cruthú, Scriosadh agus Athchruthú an Domhain.
meascán de ghliceas agus den láimh láidir a mixture of cuteness and violence
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
meascán den dá fhormáid a mixture of the two formats
" San anailís, déanta ag Regina Uí Chollatáin agus Róísín Ní Mhaolchallann, seo iad na torthaí: 17% (duine as gach seisear) ar son nuachtán seachtainiúil ar líne amháin; 43% ar son nuachtán náisiúnta clóite agus 25% ar theastaigh uathu go mbeadh meascán den dá fhormáid curtha ar fáil.
a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha which were based on a mixture of ridiculous racist theories
" Bhí Mengele i mbun a chuid turgnamh aisteach leighis ag an tráth sin, turgnaimh a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha a bhí coitianta i measc “intleachtóirí” áirithe ag an am.
meascán de thuairimí le fáil a mixture of opinions to be found
" Ní Lia Duine ná Tuairim ========== I measc daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an CLG tá meascán de thuairimí le fáil.
meascán mixture
" Tá logainmneacha leithinis Wirral, in aice le Learpholl, an-suimiúil, dar le Tony Birtill, de bhrí go bhfuil meascán den Ioruais, den Ghaeilge agus den Bhéarla le fáil iontu.