Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhí-iompar misconduct
" ) Tá go leor daoine neamhchiontacha curtha chun báis, agus tarlóidh sé sa todhchaí fosta, de bharr mhí-iompar cosantóirí agus póilíní, de bharr nach raibh teacht ag cosantóirí ar chosaint cheart dlí, mar gheall ar chlaontacht fhorleathan ciníoch, bréagaithint, fianaise ó fhinnéithe nach bhféadfaí brath orthu, agus faoistiní a fuarthas leis an lámh láidir.
mí-iompar misconduct
" Le cúig bliana anuas tá Coimisinéir na nGardaí, Pat Byrne, tar éis an-chuid fiosrúchán inmheánach a ordú maidir le mí-iompar de shaghas amháin nó de shaghas eile de chuid na nGardaí.
mí-iompar mór gross misconduct
" Bhí iontas agus fearg orainn faoi seo mar go raibh a fhios againn go mbrisfí muidne as ár bpost dá mba rud é go raibh mí-iompar mór mar seo curtha inár leith.
mí-iompar misconduct
" Ar nós na sagart a chuir deireadh le húsáid an *confetti* ag an séipéal de bharr an tsalachair a chruthaigh sé, tá sé thar am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG) aghaidh a thabhairt ar an mí-iompar is cúis leis na cártaí agus íomhá na gcluichí Gaelacha a ghlanadh.
mhí-iompair misconduct
" Nílim ag cur aon mhí-iompair i leith imreoirí rugbaí ach tá smál na ndrugaí os cionn lucht spóirt ar fud an domhain, go háirithe i gcás na spórt gairmiúil ina bhfuil cumhacht agus láidreacht agus buanseasmhacht lárnach.
mhí-iompar misconduct
" Ar a laghad deich mbliana sular fhoilsigh an Breitheamh Morris a thuarascáil, bhí ceisteanna crua á n-ardú ag daoine éagsúla, gardaí áirithe ina measc, faoi mhí-iompar gardaí i nDún na nGall.
ag cosaint mí-iompair defending misconduct
" Dá bhrí sin, is deacair gan teacht ar an tuairim go bhfuil a fhios go maith ag an Aire agus ag Ceannfort na nGardaí, mar atá a fhios ag *Beo!, *cérbh é an garda, agus nach bhfuil anseo ach sampla eile d’ár nAire Dlí agus Cirt ag cosaint mí-iompair i measc cheannasaíocht an Gharda Síochána.
ag scrúdú mí-iompair examing misconduct
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
ag scrúdú mí-iompair examing misconduct
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
mí-iompar misconduct
"mí-iompar á chur i leith na nGardaí go rialta le roinnt blianta anois, áfach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.