Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mionsonraí the minute details
" Tháinig ríomhphost chugam a chuir isteach go mór orm - bheadh sé róchasta na mionsonraí a mhíniú.
Bhí muileann iontach ag Lillian Lillian was always going a mile a minute (talking non-stop)
" Bhí muileann iontach ag Lillian nuair a thosaigh sí ag caint ar Nigel agus ba chúis mhaíte go leor an teach gan í toiseacht ar phost Nigel sa chathair.
miontuairiscí an chruinnithe the minutes of the meeting
" An tseachtain ina dhiaidh sin fuair mé miontuairiscí an chruinnithe ó rúnaí an phríomhoide, a bhí i láthair ar an 4 Nollaig.
ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne demanding minutes that were truthful and accurate
" Nuair a chuir mé ceist uirthi faoi seo, fuair mé ríomhphost ón leas-phríomhoide ag rá nach raibh tagairt dóibh ann mar nach raibh siad tábhachtach! Bhí fearg orainne faoi na himeachtaí seo, agus tháinig ionadaithe ó UNISON agus ón NATFHE le chéile agus chuir muid ráiteas chuig an phríomhoide ag cáineadh Griffiths agus na mbainisteoiri eile, agus ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne.
miontuairiscí an chruinnithe the minutes of the meeting
" /2003-01/) faoi na maslaí a thug Griffiths, atá ina bhainisteoir sa choláiste, do na hÉireannaigh ag cruinniú den Choiste Sláinte agus Sábháilteachta in Ormskirk and Skelmersdale College, Lancashire, agus an dóigh nach raibh an leas-phríomhoide, Ian Farmer, sásta aon trácht a dhéanamh ar na maslaí i miontuairiscí an chruinnithe.
mhionsonraí minute details
" Bíonn na pictiúir seo suite i seomraí atá lasta go drámatúil ag solas an lae agus bíonn cur síos cruinn déanta ar mhionsonraí an tseomra chomh maith le héadaí an duine.
fá cheann deich mbomaite within ten minutes
" " Rinne Deirdre mar a iarradh uirthi agus bhí sí ag doras an tí ósta fá cheann deich mbomaite.
miontuairiscí na gcruinnithe the minutes of the meetings
" Más cruthú ar bith iad na seisiúin oscailte agus miontuairiscí na gcruinnithe, áfach, ní léir gur cloiseadh an glór seo go rómhinic.
15 nóiméad cáile 15 minutes of fame
" Ach tá do 15 nóiméad cáile thart anois agus tá an t-allas ag rith leat.
ón nóiméad a shaolaítear an páiste from the minute the child is born
" Measann sé gur rud an-deacair é ag tuismitheoirí, mar ón nóiméad a shaolaítear an páiste, bíonn an chuid is mó de na seirbhísí ar fáil trí Bhéarla, is é sin, na seirbhísí sláinte, na seirbhísí tacaíochta speisialta a theastaíonn ón máthair nua, ón leanbh, agus ón teaghlach ar fad.
miontuairiscí an chruinnithe sin the minutes of that meeting
"miontuairiscí an chruinnithe sin againn agus, spéisiúil go leor, is i nGaeilge a scríobhadh iad.
miontuairiscí minutes
" Suimiúil go leor, bhí tagairt do Cholmcille i miontuairiscí Pharlaimint na hAlban ansin le gairid.
ar mhionsonraí on the minute details
" Is cinnte go mbeadh cuimhne cheomhar ag roinnt daoine ar shonraí na trialach agus an dúnmharaithe seo, ach is beag duine a mbeadh cuimhne aige ar mhionsonraí na trialach.
nach maireann ach ar feadh 10 nó 15 nóiméad which only lasts 10 or 15 minutes
" Mar sin, is minic go mbíonn stad acu idir teacht agus imeacht nach maireann ach ar feadh 10 nó 15 nóiméad (stadann eitleáin Ryanair ar feadh 25 nóiméad de ghnáth).
is iomaí nóiméad pléisiúir many's the minute of pleasure
" Tógadh an sráidbhaile timpeall ar ghalfchúrsa, agus is iomaí nóiméad pléisiúir – agus péine – a thug an cúrsa céanna dom.
thar dhaichead nóiméad over forty minutes
" Agus mar chruthú air seo, ní bheidh cead ag aon iomaitheoir dul thar dhaichead nóiméad (ach amháin má bhíonn an t-amhrán brónach).
miontuairiscí minutes
" Baineann Tommy Walsh úsáid as miontuairiscí na heagraíochta agus iad ar fáil, ach ar an drochuair tá na nótaí ón tréimhse idir 1944 agus 1953 caillte.
An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga the minute the plane landed in Malaga
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
20 bomaite fiúntach a good twenty minutes
" Fear maith ionaid a bhfuil 20 bomaite fiúntach ann.
bomaite minute
" Tháinig na póilíní orainn agus go tobann d'oir sé domh nár thuig siad mo chuid Fraincise! Tá mé ag déanamh go bhfuil ádh an tosaitheora iontach tábhachtach agus tú ag imirt Boules nó bhí mé iontach maith aige, agus bímse *cat* go maith ag cluichí liathróide go hiondúil! Tá sé tábhachtach dul amach le dath na gréine a fháil más Aixois thú, mar sin, agus bomaite saor agam i rith an lae, d'éalaínn amach doras cúil an stiúideo damhsa agus “ghlacainn grian” mar a deir muintir na háite.
mioneolas minute knowledge
" Díreach mar a shamhlóinn duine a bhfuil mioneolas aige ar chúrsaí fíona bhí sé mínráiteach fiosúil.
mionscrúdú minute study
" Ní féidir a rá go ndéantar mionscrúdú ar chinnidh an rialtais.
mionsonraí minute details
" Pléifidh mé an bhlagadóireacht agus a mionsonraí níos mine amach anseo, ná bíodh aon buairt ort faoi sin! Is fearr an t-ádh ná éirí go moch! Tá muintir na hÉireann loite ó thaobh rogha córais nuachtlitreach leictreonacha.
mionscrúdú minute examination
" Rinne Susperregui, a mhúineann Cumarsáid in Ollscoil Thír na mBascach agus an ghrianghrafadóireacht mar shaincheird aige, mionscrúdú ar an phictiúr agus maíonn sé nach bhfuil tírdhreach an phictiúir ag teacht le tírdhreach Cero Muriano.
gach ré nóiméad every second minute
" Tá cara ollscoile agam a chaitheann gach ré nóiméad dá saol ar Facebook: ag cur maise ar a próifíl, ag breathnú ar ár gcuid grianghraf uilig is ag fógairt don domhan mór céard atá ar bun aici faoi láthair.
bomaite amháin one minute
" Nach muid atá mídhílis? Prionsabal daingean in aghaidh rud éigin bomaite amháin, i do thaidhleoir fána choinne an chéad bhomaite eile! Mar sin féin, níl mé ábalta éirí cleachta leis na dearcaí dearfacha seo a thagann trasna ionas go bhfuil siad prozac-bhreoslaithe.
miontuairisc minute
" I miontuairisc de chruinniú idir feidhmeannaigh shinsireacha na Roinne agus An Bord Snip Nua (8 Aibreáin 2009) agus a scaoileadh chugam tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise, cheistigh Mary Walsh (ón Bhord Snip) an gá a bhí leis na naoi gcinn déag d'eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann maoiniú ón Fhoras.
mionsonraí minute details
" Sé sin, níl san aontú nua seo ach mianta, tá mionsonraí agus plean cuimsitheach in easnamh.
bomaite minute
" Nuair a thosaíonn an obair dhruileála, cosnaíonn gach bomaite suim mhór airgid agus bíonn brú an-mhór, dá chionn sin, ar bhainisteoirí cur in aghaidh aon innealtóir a chuirfeadh locht nó dearmad in iúl.
mionghuairí minute bristles
" Tá leacht tiubh sa chochla agus ar a hurlár tá structúr ilchasta, ar a ghlaotar Orgán Corti, leis na mílte mionghuairí, ribí gruaige a 'léann', nó a bhaineann adhmad as an minicíocht chasta, phróiseáilte.
míne minute, fine
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
bhomaite dheireanach last minute
" ”* Ach dar le cuntas Blair ba dhóbhair gur thit an tóin as na cainteanna ag an bhomaite dheireanach de dheasca cúrsaí teanga.
miontuairiscí minutes
" Léiríonn miontuairiscí den chruinniú comhaireachta ar an 23 Iúil, 1980, gur aithníodh go leor de na fadhbanna rochtana, fuinnimh agus farantóireachta a bhí ag na hoileánaigh.
mionspléachadh minute glance
" Bíodh sin fíor nó ná bíodh, cé nach bhfuil i ngrianghraf ach mionspléachadh ar ábhar nó ar eachtra, is minic a insíonn sé go leor ina thaobh.
mhionchuislí minute veins
" Agus má bhreathnaíonn tú ar sheanléarscáileanna, feicfidh tú líonra traenach sa tír atá chomh tiubh sin go mbreathnaíonn sé mar mhionchuislí duilleoige.
mioneolas minute knowledge
" Tá dhá rud ag teastáil ó réiteoir – tuiscint nádúrtha ar dhaoine agus ar imreoirí agus mioneolas ar na rialacha.
mionbheartais minute policies
" Ag am toghcháin ní bhíonn ann ach na páirtithe polaitíochta ag maíomh gur acusan atá na mionbheartais is feidhmiúla agus an cumas bainistíochta is fearr.
mhionsonraithe minute details
" Maigh gCabraí ====== I mí na Nollaig 2009, d'éirigh Steve Rodford as a phost mar rialtóir Charcair Mhaigh gCabraí i ndiaidh do eochróirí theacht ar a mhionsonraithe pearsanta i gcillín ina raibh cime easaontóra, Brendan McConville.
fiche nóiméad twenty minutes
" Ar feadh nach mór fiche nóiméad, scaoil sé a chuid urchar leis na siopadóirí lena ghunna uathoibríoch.
mioneolas minute knowledge
" Ach sílim go gcothóidh an gréasán oscailteacht i gcúrsaí gnó agus polaitíochta – bíonn daoine ag súil go mbíonn mioneolas a bhaineann le riaradh na gcomhairlí contae nó na gcomhlachtaí móra a bhfuil spéis acu iontu ar fáil ar líne.
Zehn Minuten ten minutes
" Zehn Minuten? Leath an dá shúil air beagán.
deich bomaite siúil ten minutes walk
" Bhí an teach sa Third Avenue iontach fóirsteanach dó mar níl sé ach deich bomaite siúil ón ráschúrsa Aintree.
Léiríonn miontuairiscí cruinnithe comhaireachta cabinet meeting minutes show
" Léiríonn miontuairiscí cruinnithe comhaireachta ón bhliain 1981 go mb’éigean don stát teacht i gcuidiú le linn na bliana sin ar ocht gcomhlacht a fuair deontais ón Údarás nó ó Ghaeltarra roimhe sin.
mioneolas minute information
" Ba thrua gur mar thoradh ar iarratas ó iriseoir faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a thiocfadh mioneolas faoi na haighneachtaí a déanadh chun solais.
aon scagadh déanta any minute study done
" An bhfuil aon scagadh déanta ar an dream sin as tíortha thar lear?** ENíCh: Tá bunús na n-éisteoirí sin sa Bhreatain Mhóir, i Meiriceá agus san Astráil agus tá cuid mhór den trácht a thagann chugainn ón idirlíon as na tíortha sin.
cruinneas ná mionscagadh accuracy nor minute study
" Ní chóir cruinneas ná mionscagadh a iarraidh le linn ceiliúrtha, agus más ea, is iomaí bearna a fheictear i lár ceiliúradh Chrotty freisin.
dian-chuardach a minute search
" D’imigh an madra as amharc agus rith an mháthair ar ais chuig na daoine eile ann ag screadach, *“My God, my God, the dingo’s got my baby!”* Rinneadh dian-chuardach ar an gceantar agus fuarthas éadaí an linbh, ach ní bhfuarthas a corp.
an bhomaite dheireanach the last minute
" Phléigh mé le Jenny é, anseo sa bhaile, agus tharraing mé siar ag an bhomaite dheireanach siocair go bhfaca mé blianta fada amach romham gan oiread is focal amháin Gaeilge i mo shaol.
Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann I dozed a little some ten minutes
"Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann os comhair na tine agus nuair a mhúscail mé, bhí mé ag stanadh ar phictiúr os mo chomhair agus mo mháthair mhór, Julia, a bhí ann.
léiríonn miontuairisc the minute ..... demonstrates
" Bronnadh costaisí ar an Stát agus léiríonn miontuairisc ón 24 Lúnasa, 1982 gur iarr Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit comhairle ón Ard-Aighne, John Murray, ar cheart leanstan anois leis an chás bhunaidh a ghlacadh in éadan an chosantóra.
chuala mé trácht go mion, macánta I heard a minute honest description
" Ach is i gcomhluadar Chastus lá sneachta i mBonn i mbliana an chéad uair a chuala mé trácht go mion, macánta ar an saol a bhí sa DDR – Oirthear na Gearmáine – sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
mioniniúchadh mall réidh slow steady minute inspection
" Lonnú Fada Ceamara ar an Láthair ============== Fear mór an “*show*” seachas an “*tell*” ab ea Simon sa chlár mór le rá eile aige freisin, The Wire, clár fíormhall a dhéanann mioniniúchadh mall réidh ar chliseadh na bhforas sóisialta ba bhunúsacha i mBaltimore.
cláraigh leo in achar cúig bhomaite registered with them in the space of five minutes
" Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht.
Mionscagadh fíorphearsanta a very personal minute examination
" Mionscagadh fíorphearsanta ar riocht na nGiúdach is ea é.
sé bhomaite six minutes
" Ní raibh ach sé bhomaite ag Yelstin chun cinneadh a thabhairt.
mionfhaisnéis minute details
" Bheadh mionfhaisnéis ag na húdaráis faoi na hinimircigh atá ag fanacht san AE gan chead sa tslí seo.
léiríonn miontuairiscí de chruinniú comh-aireachta cabinet meeting minutes show
" *’ Ach léiríonn miontuairiscí de chruinniú comh-aireachta ar an 29 Márta gur deineadh cinneadh an ráiteas seo a athrú agus leagan níba laige a eisiúint: ‘*The Government are examining those recommendations in the plan which are capable of implementation within existing budgetary provisions.
Fíoraíodh mionsonraithe a insinte the minute details of its narration were verified
" Fíoraíodh mionsonraithe a insinte in eagrán léanta Eakin agus Logsdon (1968).
cúig bhomhaite is fiche 25 minutes
" Ina ainneoin sin ní dhearna sé aon stad – ná fuaradh ach oiread – ina chuid cainte gur chaith sé cúig bhomhaite is fiche ag caint faoi mhórán de na daoine a bhí cruinnithe os a chomhair sa halla, agus ag caint faoi féin agus faoina chuid gaiscí polaitiúla.
Arú fan bomaite ah hang on a minute
"Arú fan bomaite anois, a Bheití,” arsa Michael Dee.
na mionsonraí agus na mionmhínithe a sheachaint avoid the minute details and the minute explanations
" Ní chiallaíonn sé sin nach gá don scríbhneoir ach abairtí gearra a scríobh nó go mba cheart dó na mionsonraí agus na mionmhínithe a sheachaint ach go mbeadh feidhm agus riachtanas le chuile fhocal a bhreactar ar phár.
in achar gairid 10 mbomaite in the short space of ten minutes
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.
na sonraí beaga the minute details
" ie/en/blascaod/) ná an t-eolas ar fad faoi conas a mhair muintir na mBlascaod in áit chomh garbh is eascairdiúil: na sonraí beaga faoi obair tí is iascaireachta, faoi chúram ainmhithe agus faoi thograí móra ar nós tógáil curaigh.