mhíleata
military
"Bhí rialtais dhaonlathacha agus mhídhaonlathacha ann sna seascaidí agus sna seachtóidí, agus rialtais
mhíleata a bhí i gcuid acu freisin.
binsí fiosraithe míleata
military tribunals
Trialacha rúnda
=======
Anois is mian le John Ashcroft (an tArd-Aighne) agus Tom Ridge (Stiúrthóir na Slándála Baile) trialacha rúnda agus
binsí fiosraithe míleata a chur ar bun chun daoine a bhfuil an sceimhlitheoireacht curtha ina leith a thriail, rud atá ag teacht salach ar an Bhunreacht, a deir go bhfuil sé de cheart ag gach duine go ndéanfadh a chuid piaraí é a thriail agus go mbeadh deis aige seasamh os comhair a chúiseoirí.
fheachtas míleata
military campaign
Mar sin, bhíothas ag athrú ó
fheachtas míleata go dtí feachtas i bhfad níos sofaisticiúla.
cúnamh míleata
military assistance
Agus lean na Stáit Aontaithe ag tabhairt
cúnamh míleata don Indinéis as sin go dtí 1999.
míleata
military
Déanta na fírinne, chuirfeadh sé scanradh ort an chaoi go bhfuil náisiúnachas na Sasanach chomh dlúite leis an teaghlach ríoga agus le seónna le blas
míleata.
mbothanna earcaíochta míleata
military recruiting booths
Bhí pléascadh i
mbothanna earcaíochta míleata i Manhattan agus sna Bronx agus gortaíodh beirt.
fuascailt mhíleata
military solution
An ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream "
fuascailt mhíleata" a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta?
Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d'fhoilsigh cáipéis dar teideal "Common Sense" i 1978.
ghabháil ceannais míleata
military coup
"
Cén fáth a bhfuil scannáin chomh maith seo ag teacht ón Iaráin, tír a bhfuil droch-chlú uirthi san Iarthar mar gheall ar ré na gcléireach Ioslamach, a thosaigh sa bhliain 1979?
Thosaigh Ré Nua na Scannánaíochta Iaránaí i rith réimeas an tSeá, a fuair a ríchathaoir ar ais i 1953 mar gheall ar
ghabháil ceannais míleata a d'eagraigh an CIA agus seirbhís rúnda na Breataine.
d'eitleáin mhíleata
to military planes
Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt
d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann i mbaol, d'fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
neamh-mhíleata
non-military
Ar an gcéad dul síos, tá an rúidbhealach in Aerfort na Sionainne ar an rúidbhealach
neamh-mhíleata is faide san Eoraip, é dhá mhíle ar fhad.
bhfeachtas míleata
military campaign
De réir an Uasail Cowen, tugtar cead d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile tuirlingt ar an gcoinníoll nach bhfuil na heitleáin armtha nó nach bhfuil aon airm de shaghas ar bith ar bord, nó nach bhfuil siad páirteach i mbailiú eolais nó i
bhfeachtas míleata de shaghas ar bith.
traenáil mhíleata
military training
Ba é siúd an Menzies céanna a rinne
traenáil mhíleata le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
oibríocht mhíleata
military operation
I dtéarmaí míleata, d'áireofaí aon
oibríocht mhíleata sa stát seo sa chatagóir seo.
dlí mhíleata
military law
Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin
dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach.
eitleáin mhíleata
military aircraft
Bhíodh ainmfhocail neodracha sa teanga san am fadó, sular thosaigh
eitleáin mhíleata Mheiriceá ag tuirlingt in Aerfort na Sionainne.
spriocanna míleata
military targets
Dá bharr sin, deir Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur cheart go mbeadh cosc ar bhuamaí crobhainge a úsáid in éadan
spriocanna míleata i gceantracha ina bhfuil cónaí ar dhaoine.
cúrsaí míleata
military matters
"
Ach páirteanna breise fá choinne cad é? Mar a deir feachtasóirí de chuid FEIC, tá baint ag an chuid is mó de ghnó Raytheon le
cúrsaí míleata.
lucht míleata Mheiriceá
America's military
Is é an córas Iridium, a fheidhmítear ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus nach dtugann eolas chomh cruinn céanna ar láthair na bhfón, a úsáideann
lucht míleata Mheiriceá agus is cosúil nár baineadh fóin ón gcóras sin de na hiriseoirí le linn an chogaidh.
ospidéal míleata meabhairghalair
military mental hospital
Is cóir a rá, áfach, go raibh an tUasal Holroyd tar éis titim amach leis na daoine os a chionn féin agus go raibh sé tar éis tamall a chaitheamh in
ospidéal míleata meabhairghalair i Netley.
rúin mhíleata
military intentions
Meastar go dtiocfaidh ráiteas ón IRA maidir leis na
rúin mhíleata atá acu.
bhfeachtas míleata
military campaign
Níl an dara suí sa bhuaile ann - caithfidh an IRA, ní hamháin a rá go bhfuil deireadh lena
bhfeachtas míleata, ach caithfidh siad gníomhú de réir a mbriathra.
comhairle mhíleata
military advice
Easaontóir poblachtánach atá in Tohill a d'admhaigh don nuachtán *Lá* gur thug sé "
comhairle mhíleata" don Fhíor-IRA.
i gcroílár na pleanála míleata
in the heart of military planning
Ach céard a thitfeadh amach dá dtarlódh athrú tobann, thar deich mbliana? Sin an cheist a chuir *éminence grise *an Pentagon, Andrew Marshall, fear a bhí
i gcroílár na pleanála míleata san áit ar feadh breis is 30 bliain.
choimhlint mhíleata
military conflict
Is léir go bhfuil glactha ag Sinn Féin agus a lucht tacaíochta leis go bhfuil an
choimhlint mhíleata thart agus go bhfuil glacadh go fonnmhar acu leis an chomhréiteach a cuireadh ar fáil le foirmle Chomhaontú Aoine Chéasta.
spriocanna míleata
military targets
Sa litir, cáineadh moltaí de chuid na Comhdhála a chuirfeadh, dar leo, ar chumas an rialtais inimircigh Éireannacha a dhíbirt ón tír dá léireodh siad tacaíocht don IRA agus d'úsáid arm i gcoinne
spriocanna míleata.
crios bán míleata
white military belt
Fuarthas bairéad de chuid an UVF agus an t-ainm Alan Clair scríofa air, *balaclava* dubh a raibh an suaitheantas "*UVF 1st Liverpool Battalion"* air agus
crios bán míleata agus búcla an UVF air.
stíl mhíleata
military style
Tógadh na ballaí seo idir 1544 agus 1650, agus tá deich n-urdhún ollmhóra ag gobadh amach astu, i
stíl mhíleata na tréimhse sin.
i mbun feachtais mhíleata
engaging in a military campaign
Ach ag an am sin, laistigh de sheacht mbliana, bhí glúin óg eile
i mbun feachtais mhíleata ag iarraidh deireadh a chur le cumhacht na Breataine in Éirinn, feachtas a mhairfeadh 30 bliain agus a bheadh i bhfad níb fhuiltí ná an ceann a chuaigh roimhe.
feachtas míleata
military campaign
“Den chéad uair ó bhí 1922 ann, ghlac an IRA leis nach raibh gá le
feachtas míleata,” a scríobh sé.
ón eite mhíleata
from the military wing
Agus mhaígh sé go raibh an chumhacht i ngluaiseacht na poblachta ag bogadh
ón eite mhíleata go dtí an eite pholaitiúil.
an ghné mhíleata
the military aspect
“Ní fhaca siad iad féin mar oirfidigh fiú, ach mar bhuíon a raibh
an ghné mhíleata, an éide agus an mháirseáil chun tosaigh inti.
don ghné mhíleata
to the military aspect
”Ach bhí daoine eile in Albain a d’aithin gur uirlis aonair a bhí sna píobaí roimh thús áite bheith tugtha
don ghné mhíleata, gur uirlis í a sheinntí ag damhsaí agus gur ghnáthuirlis a bhí inti.
Ridirí míleata
military knights
Ridirí míleata a bhí iontu, agus an dualgas orthu aire a thabhairt do na hothair.
eagraíocht mhíleata
military organisation
Leis an stádas sin a bhaint amach, b’éigean deireadh a chur leis an IRA mar
eagraíocht mhíleata, b’éigean fáil réitithe de na hairm, cinneadh a ghlac ceannaireacht na gluaiseachta blianta ó shin; Perfidious Albion ba chúis leis an mhoilleadóireacht, dar le Sinn Féin, ach tá an lá tagtha.
na feachtais mhíleata éagsúla
the various military campaigns
D’alp Fisk óg an t-eolas uilig fá
na feachtais mhíleata éagsúla.
phríosún míleata
military prison
Bhí mé in ann bheith ag spaisteoireacht timpeall gan a bheith ag troid in aghaidh taoide turasóirí! Tá tionscal na turasóireachta neamhfhorbartha go leor ann – mar shampla, níor tháinig an chéad eagrán de *Lonely Planet Slovenia *amach go dtí 2004!
Bhíodh an brú óige inar fhan mé féin i Ljubljana ina
phríosún míleata tráth, rud a chuireann stair chasta fhoréigneach an chuid sin den Eoraip i gcuimhne duit.
bóthar míleata
military road
Tógadh
bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
bóthar míleata
military road
Tógadh
bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
i mbun a chuid feachtas míleata
engaged in his military campaigns
Ba chuid de bhunábhar inspioráide Ré Rómánsach na hEorpa sna healaíona an saothar seo agus dúradh, fiú amháin, gur ghnách le Napoleon cóip de leabhar MacPherson a bheith ina phóca aige agus é
i mbun a chuid feachtas míleata.
míleata
military
An rud ba mhó a chuir iontas orm ná chomh
míleata is a bhí an mórshiúl.
brúideanna míleata
military brutes
Ní cinedhíothú amháin a bhí mar aidhm ag
brúideanna míleata Milosevic, na gadhair fhiaigh a scaoileadh amach lena chaoinchead chun drochobair Shátain a chur i gcrích.
mháirseáil mhíleata
military march
Bhí áit ar leith curtha in áirithe dó ag Íochtarán na hÉireann le bheith ag amharc ar an
mháirseáil mhíleata.
neart míleata
military might
Ní maith leo ainmneacha a mball a fhógairt, ach tá spriocanna an tionscadail seo sách soiléir: mar a deir siad féin, “Is ar mhaithe leis an domhan agus le Meiriceá go mbeadh Meiriceá i gceannas" agus "tá
neart míleata, fuinneamh taidhleoireachta, agus prionsabal morálta de dhíth chun an cheannasaíocht sin a chur i réim.
fórsaí míleata SAM
US military forces
**D **
Dermot Ahern, An tAire Gnóthaí Eachtracha:
Ba ar ghlantóirí a thit sé a thaispeáint don Aire an rud a bhí ar eolas ag madraí an bhaile ach a bhí á shéanadh scun scan aigesan – is é sin go bhfuil mí-úsáid á baint ag
fórsaí míleata SAM as Aerfort na Sionna.
ar threalamh míleata
on military equipment
An dara scéal ná an ráiteas ba dhéanaí ó Rialtas Cheanada faoin airgead mór atá le caitheamh acu
ar threalamh míleata: $17 billiún dollar ar longa, ar eitleáin, ar héileacaptair agus ar leoraithe, de réir chuntas na seachtaine céanna.
úsáid mhíleata
military use
Ansin ón 17ú haois ar aghaidh, ní raibh
úsáid mhíleata leis an chaisleán a thuilleadh.
an earnáil mhíleata
the military sector
An bhfeicfidh sé solas an lae riamh? Bhuel, braitheann sé sin ar cé acu a mheasann
an earnáil mhíleata sna Stáit Aontaithe go mbeidh an t-eitleán seo de dhíth orthu chun soláthairtí a iompar timpeall an domhain nó nach mbeidh.
murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid.
if it wasn't for the fact that the military needed such a plane.
Ní chuirfí fiú an 747 cáiliúil ar fáil an chéad lá riamh
murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid.
an aicme mhíleata sin
that military class
Sa saothar atá idir lámha agam faoi láthair, agus a dtabharfaidh mé anois *Guernica* mar theideal air, agus sa saothar ealaíne uilig atá déanta agam le blianta beaga anuas, níl ach rud amháin á rá agam: go bhfuil gráin shíoraí agam ar
an aicme mhíleata sin a bhfuil an Spáinn báite acu i lear dobróin agus báis.
foirgnimh thréigthe mhíleata
abandoned military buildings
Ar bharr an South Sutor, feiceann tú go bhfuil
foirgnimh thréigthe mhíleata ar fud na haille, agus taobh thiar de sconsa, tá collaigh fhiáine le feiceáil!
Tá tuilleadh eolais i dtaobh Hugh Miller le fáil sa leabhar The Legend of Hugh Miller, a scríobh Martin Gostwick agus a d'fhoilsigh Cromarty Courthouse i 1993.
ag obair d'aon ghrúpa míleata nó paraimíleata.
working for any military or paramilitary group.
Bhí dlúthbhaint aige le muintir Bhéal Feirste agus bhí sé ar nós gníomhaire faoi cheilt, ach amháin nach raibh sé
ag obair d'aon ghrúpa míleata nó paraimíleata.
úsáid mhíleata
military use
Ní hamháin go bhfuil
úsáid mhíleata á baint astu le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS).
deachtóireacht mhíleata
a military dictatorship
Dá bhrí sin, cuireadh
deachtóireacht mhíleata in ionad rialtais dhaonlathaigh ar bith a bhí báúil leis na boicht i dtír i ndiaidh tíre, ag tosú leis an mBrasaíl i 1964.
Oilithreacht mhíleata
military pilgrimmage
Oilithreacht mhíleata a bhí ann, agus cionn is gurb ise ardcheannasaí na bhfórsaí cosanta, chuaigh sí in éineacht leo – le súil a choinneáil orthu, mar a déarfadh sí féin.
liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe
the list of military activities that would be permitted
Tá
liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe leathnaithe go mór, ó bhunú na síochána agus gníomhaíocht dhaonna go dtí gníomhaíochtaí míleata de chineál ar bith.
ar chumas míleata a dtíre féin
on the military capability of their own country
Léiríonn Airteagal 28 de Chonradh Liospóin go mbeadh ar gach stát níos mó a chaitheamh
ar chumas míleata a dtíre féin chomh maith le cumas míleata na hEorpa.
bloc cumhachta míleata nua
a new military power block
Is léir go bhfuil cuid de stáit na hEorpa ag iarraidh bogadh i dtreo
bloc cumhachta míleata nua san AE a bheadh neamhspleách ar na Náisiúin Aontaithe.
gníomhaíochtaí míleata
military activities
Tá liosta na n
gníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe leathnaithe go mór, ó bhunú na síochána agus gníomhaíocht dhaonna go dtí
gníomhaíochtaí míleata de chineál ar bith.
de chuid an choláiste mhíleata
of the military college
Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí
de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.
cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata
tax and military matters
Dhírigh siad ar imní an phobail ó thaobh
cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata de.
chomhaontas míleata straitéiseach
strategic military union
Bhí imní ar dhaoine áirithe abhus go ndéanfaí an-dochar don
chomhaontas míleata straitéiseach idir an Astráil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá dá dtabharfaí na trúpaí Astrálacha abhaile in éadan mhianta na Meiriceánach.
ar bhonn míleata
on a military basis
Réiteach Oifig Thuaisceart Éireann? Meastar go ndéarfaidh an CNF nár scoireadh Comhairle na nArm riamh, ach nach bhfuil sé ag feidhmiú
ar bhonn míleata anois.
eite mhíleata
military wing
Déarfaidh Sinn Féin go bhfuil bua acusan mar bhí an t-aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ar cheann de na héilimh ba thábhachtaí leo ó tharla go raibh an seanRUC ina
eite mhíleata de chuid an rialtais Aontachtaigh le leathchéad bliain.
tacaíocht mhór mhíleata
big military support
InfheistíochtChun an infheistíocht ríthábhachtach seo a chosaint, tugann na hIosraelaigh
tacaíocht mhór mhíleata don tSeoirsia.
idirghabháil mhíleata
military intervention
Agus é ag labhairt do Chomhairle Náisiúnta den Iosrael Óg i Nua-Eabhrac i 1999, dúirt an seanadóir ó Arizona gur chóir do na Stáit Aontaithe
idirghabháil mhíleata a dhéanamh ar son Iosrael “even when vital national interests are not at stake.
Gníomhartha cogaíochta
military actions
"
Gníomhartha cogaíochta", chan dúnmharú a bhí sa dá, bhuel, dúnmharú, dar le Richard.
laoch míleata
military hero
Ar cheart an chathair a fhágáil agus dídean a lorg i ndeisceart na tíre nó fanacht i bPáras?
An Maréchal Pétain
Ar cheart muinín a chur sa Maréchal Pétain,
laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda a tháinig i gcomharbacht ar rialtas Reynaud, a dúirt leis an bpobal: C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat.
húdaráis mhíleata
military authorities
Tá ainm an cheannaire charcraithe, Aung San Suu Kyi, comhchiallach ar fud an chuid is mó d’iarthar domhain le Burma, an tír ina bhfuil sí faoi chois ag na
húdaráis mhíleata atá i réim ann ó 1962.
míleata
military
Ceapadh é mar oifigeach traenála ar na bannaí ceol
míleata de bharr a thaithí mar dhrumadóir in Arm na Breataine.
cúrsaí míleata
military affairs
Frainc Reidy, saineolaí
cúrsaí míleata an raidió, a bhí faoi agallamh agus é ag caint faoin gcruinniú a bhí ar siúl i Halla Pobail Chamuis an oíche roimhe sin faoi mhuilte gaoithe atá beartaithe don cheantar.
chaiteachas míleata
military expenditure
Molann siad ardú mór ar
chaiteachas míleata.
réiteach míleata
military settlement
TOM
===
Má bhí cos ar bolg ar léirsitheoirí i Sasana, bhí rudaí i bhfad níos measa sna Sé Chontae, áit a raibh Rialtas Shasana ag iarraidh '
réiteach míleata' ar an fhadhb pholaitiúil ansin.
ceannas míleata
military command
Ghlac na Sóivéidigh
ceannas míleata ar an tír sula raibh deis an ag an bPáirtí Cumannach cur lena chlár athruithe, agus chuireadar fear nua, Gustáv Husák, in áit Dubček, a dhéanfadh de réir thoil Mhoscó.
neart bonn míliteach
plenty of military medals
Bhí a gúna comaoineach ann,
neart bonn míliteach le m’uncail agus grianghraif ag gabháil siar go tús an 20ú haois.
Fhaisnéis Mhíleata na Breataine
of British military intelligence
Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir
Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
dreamanna míleata neamhaitheanta
unknown military groups
Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “
dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo.
eagrú ar bhonn míleata
organize on a military basis
Sa stair a scríobh sé ar stair Arm Saoránach na hÉireann, rinne sé tagairt do rud a dúirt comhbhunaitheoir an Airm sin, Jim Larkin, faoi shampla Edward Carson a leanúint agus
eagrú ar bhonn míleata.
taiscéalaíocht mhíleata
military exploration
Tá an t-uafás acu ann faoi láthair agus cuireann siad seirbhísí fiúntacha ar fáil, cuirim i gcás, an CSD, an teileachumarsáid, agus
taiscéalaíocht mhíleata.
idir thionchar polaitiúil, míleata agus creidimh
including political, military and religious influence
Ní hamháin go bhfuil tionchar na hIaráine ag méadú in aghaidh an lae laistigh den Iaráic –
idir thionchar polaitiúil, míleata agus creidimh, ach dá bhféadfaidís cinntiú go mairfeadh rialtas al-Assad (a bhuíochas sin dóibh siúd – na hIaránaigh) bheadh an tSiria anois ag brath ar an Iaráin fiú níos mó ná mar atá muintir na hIaráice i láthair na huaire.
drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air
a military junta put in to replace him
Anuas air sin, rinne an CIA buíonta frith-Árbenz a armáil is a shlógadh agus faoi lár 1954 bhí Árbenz éirithe as mar uachtarán agus
drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air.
a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne
which ended the military dictatorship of the time
Bhí seisean ag léirsiú don chéad uair ina shaol, ba chuimhin léise na holl-léirsithe ag tús na 1980í
a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne.
rúndacht agus míleatacht
secrecy and military matters
Bhí baint ag Snowden le
rúndacht agus míleatacht as sin amach.
socraigh réim mhíleata chúltaca
organize a military-like backup regime
Éist le mo mholtaí agus má ceannaíonn tú aon ní ón líosta seo ceannaigh tiomántán cúltaca agus
socraigh réim mhíleata chúltaca duit féin! Gabhfaidh tú buíochas liom nuair a shábháilim do leabharlann iTunes gan chaint ar d’aiste críochthéarma.
Tiontaíodh compal míleata
a military area/space was altered
Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
códanna míleata casta na Naitsíoch
difficult Nazi military codes
B’shin a rinne Roy tar éis dó seal ama a chaitheamh i mBletchley Park ag iomrascáil le
códanna míleata casta na Naitsíoch.
ar son an réitigh mhíleata
for a military solution
”*
Níl a fhios agam cén fáth ar roghnaigh Bruton an Piarsach bocht faoina bheith ar son foréigin, nuair a bhí mórán chuile cheannaire ag an am
ar son an réitigh mhíleata.
bhfeachtas míleata
military campaign
Má deir an IRA go luath go bhfuil deireadh lena
bhfeachtas míleata, rachaidh sé seo go mór chun sochair do David Trimble agus dá pháirtí i dtoghchán an Tionóil, dar le Robert McMillen.
eitleáin mhíleata
military aeroplanes
Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean d’
eitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.