An oibríonn laissez-faire faoin tuath? Sin an cheist atá á cur ag cuid mhór d'fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster agus iad ag smaoineamh ar rialtais Thatcher/Major, rialtais nach raibh trua ar bith acu do na mianadóirí guail ná don lucht oibre sna monarchana agus sna longchéartaí nuair a chaill siadsan a slí bheatha.