"Nílimid ag iarraidh go mbeadh leithscéal ag éinne steiréitíopa a shamhlú linn," a dúirt Éireannach fir amháin a bhí caochta ar meisce, sail éille ina lámh chlé aige, fidil sa lámh dheas agus leipreachán ina phóca aige.
Bíonn an tiomáint ar meisce mar chúis i gcás an tríú cuid de na timpistí ina maraítear daoine sa tír seo, agus tá fás ag teacht i gcónaí fosta ar an mhéid daoine a bhíonn ag tiomáint agus iad faoi thionchar drugaí.
Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na stoic stárthacha ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le Foinse a léamh – fiú seanchóipeanna den liarlóg.
I ndáiríre ámh, ní raibh baint ag an tagairt a rinne an láithreoir, Jay Leno, leis an rí-rá a tháinig as Gaillimh i mí Meán Fomhair, nuair a cuireadh meisce i leith an Taoisigh agus é i mbun agallaimh ar chlár raidió.
Fear meisce a labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan agus má bhí meisce air féin, ní raibh ar fhear an tí ná ar na daoine eile, scata de mhuintir an bhaile, a thug cead a chinn dó.
Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
Ar ndóigh, nuair a bhain mé an baile amach agus chonaic mé aghaidh chrosta mo mhná chéile, thug mé iarraidh áitiú uirthi nach raibh mé dóigh ar bith ar meisce ach ba léir di go raibh mé ar na cannaí.
An raibh an BBC i mBéal Feirste an oiread sin ar meisce gur chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal faoi mharú Roseanne Mallon, máthair mhór 74 bliana d’aois, go raibh baint ag an ghléas airm lenar maraíodh í le sé cinn de mharuithe eile, go raibh sé mar chuid den lastas a thug an spiaire Briotanach, Brian Nelson, go hÉirinn.