Sé throid a bhí ar chlár na hoíche agus ba é ‘Laoch an Iarthair’, Annraoi Mac Giolla Chomhaill (Henry Coyle), as Gaoth Sáile i Maigh Eo, a bhí sa chró don phríomhbhabhta ar chlár na hoíche agus é ag tabhairt aghaidh ar Elio Cotena as Napoli na hIodáile, féachaint cé acu a bheadh ina Churadh ar Domhan de chuid Fondúireacht Dornálaíochta an Domhain (WBF) sa
mheánmheáchan éadrom.