Leis an scéal a dhéanamh níos casta fós, d'eisigh triúr máistrí sna hospidéil is mó máithreachais sa tír ráiteas ina ndúirt siad gur cheart glacadh le moltaí an rialtais ach go mbeadh gá le reifreann eile le cinntiú go mbeadh cead ginmhilleadh a fháil i gcás faidhbe géinití nó nuair a fhaigheann an gin bás roimh an bhreith.
Ní féidir seirbhís mháithreachais a chur ar fáil do mhuintir Mhuineacháin ina gcontae féin ach táthar breá sásta liúntas saor ó cháin a thabhairt do lucht capall Chill Dara agus na milliúin á saothrú acu cheana féin.