Níl aon amhras ach go raibh marbhnaí tuillte acu beirt ach ó tharla gur i ngort cúng na Gaeilge a threabh siad a n-iomairí saothair, ní thiocfadh a bheith ag dréim go mbeadh a leithéid i gclo i nuachtáin náisiúnta an Bhéarla.
Agus tá ’s ag éinne againn atá ar an eolas, nach múchfar an splanc sin go dtí go dtiomáinfidh siad isteach i gcith marfach piléar an luíocháin ‘gabhála’ ar deireadh, i Model ‘A’ Ford, más buan mo chuimhne - cith piléar a réitigh an Texas Ranger Frank Hamer mar bheart díoltais is mar mharbhna comhcheoil dóibh araon.