Cé a thabharfadh ábhar beo, spreagúil, conspóideach ar a leithéid sin de shúlach fuarbhlasta? Cé eile ach an t-eagarthóir tiúchraicneach sin Éamonn Ó Doornail agus a leathbhádóir leathchraiceáilte Leamh Ó Cuinneagáin, an bheirt atá taobh thiar d'iris seo na marbhán.
Chuala mé ina dhiaidh sin gur ghlac sé le cuid mhór seirbhísí eile saor in aisce – lomadh féir agus bearradh gruaige ina measc; agus chuala mé ráfla, cé nach raibh ann ach ráfla, nár íoc sé pingin as tonna aoiligh a fuair sé cúig bliana déag ó shin.