Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scannánadóir film maker
" " - *David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne* The Jackdaw Bhí triúr eile in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.
Fear déanta cíoracha comb maker
" Fear déanta cíoracha cuir i gcás, an teaghlach ag gabháilt den cheird chéanna le 15 glúin anuas.
lucht déanta na gcuimhneachán seo the makers of these souvenirs
" " An pisreoga iad na reiligiúin? "Ní hea, ach go bhfuil gaol aisteach idir foinsí an chreidimh agus an tslí ina ndéileálann lucht déanta na gcuimhneachán seo leo.
lucht déanta scannán film-makers
" Bhí scáileáin mhóra ar an bPlatz, ag taispeáint agallamh le haisteoirí agus lucht déanta scannán.
lucht déanta scannán film-makers
" Bhí scáileáin mhóra ar an bPlatz, ag taispeáint agallamh le haisteoirí agus lucht déanta scannán.
lucht déanta scannán film-makers
" Bhí scáileáin mhóra ar an bPlatz, ag taispeáint agallamh le haisteoirí agus lucht déanta scannán.
d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach the makers of the documentary programme 'Tonight' refurbished an old house
" “Seafóid,” a deir siad sin atá i gcoinne an phlean agus, leis sin a chruthú, d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach in Dingle taobh istigh de cheithre seachtainí ar chostas £18,000 (www.
chaibinéadaire cabinet-maker
" Bhí sé ag fáil airgead tirim isteach ina lámh ach i ndiaidh sé mhí d’éirigh sé as an obair agus, ón lá sin go dtí an lá inniu, ní dhearna sé níos mó oibre mar chaibinéadaire.
déantóir uirlisí instrument maker
" Tar éis dó bliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath i ndiaidh an cúrsa a chríochnú i Leitir Fraic, fuair sé deis bheith ag obair leis an déantóir uirlisí Cillian Ó Briain, fear as Baile Átha Cliath a bhfuil gnó aige in aice le Baile an Fheirtéaraigh i gCiarraí.
ón gceardaí uirlisí from the instrument maker
" Ag spochadh as an mbainseó a bhíomar anuraidh nuair a dúirt Dee linn go raibh ceann ceannaithe aici ón gceardaí uirlisí Frank Tate, agus go raibh sí ag súil len é a sheinnt sa seisiún taifeadta a bhí pleanáilte againn do mhí Dheireadh Fómhair.
gheallghlacadóir book-maker
" Ba iad sin na daoine a bhí gléasta in éadaí bréidín, ag déanamh dianstaidéir ar chlár na rásaí agus *The Racing Post*, nach raibh ag ól ach amháin tar éis dóibh a bheith ag amharc ar na rásaí agus a gcuid airgid a bhailiú ón gheallghlacadóir.
déantóir clár faisnéise documentary programme maker
" ” Dialanna an Ríordánaigh Nuair a cailleadh an Ríordánach bhí Ó Coileáin agus Seán Ó Mórdha, déantóir clár faisnéise agus eagarthóir, ag labhairt le Tadhg Ó Ríordáin, deartháir leis an bhfile.
lucht déanta lón cogaidh the makers of munitions
" Agus ar lucht déanta lón cogaidh a bhfuil margadh nua luachmhar aimsithe acu dá gcuid earraí.
a mhaíonn na déantóirí claim the makers
" Ach cé nach bhfuil ach an craoltóir Sky ag craoladh in HD thar satailít faoi láthair, tá go leor daoine ag ceannach teilifíseán mór leathan – teilifíseáin, a mhaíonn na déantóirí, atá “HD Ready”.
déantóir uisce bheatha whiskey maker
" Sa bhliain 2004 fuair sé coimisiún mór ón déantóir uisce bheatha Jameson agus in 2002 rinne sé cártaí Nollag a dhearadh do Thionscadal Pháistí Chernobyl.
déantóir scannán film-maker
" An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá? Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta.
mac mioscaise inteacht some trouble-maker
" ” “Ní fios cé a chum,” a d’fhreagair an t-aire, agus í ag cuimilt sú dá smiog le cúl a doirn, “ach ar nós go leor eile de na dánta atá curtha síos do *ní fios cé a chum*, is *Brit* inteacht a scríobh – mac mioscaise inteacht a bhí ag iarraidh mailís a chothú i measc fheirmeoirí na hÉireann.
lucht déanta an chláir, the makers of the programme,
" Craoladh an clár ar an Déardaoin, 18 Eanáir agus déarfainn go raibh agus go bhfuil lucht déanta an chláir, Telegael, an-sásta leis an fhreagairt a tháinig ó dhaoine a chonaic é ar fud na tíre.
Ba dhéantóir fidleacha é he was a fiddle maker
" Ba dhéantóir fidleacha é siúd agus bhíodh muid go minic ag tabhairt cuairte air agus ar a cheardlann.
de dhéantóirí agus de sheinnteoirí of makers and players
" Bíonn bord moltóirí ann de dhéantóirí agus de sheinnteoirí chun na boghanna is fearr a roghnú.
le ceardlann iomlán agus an déantóir féin! with a whole workshop and the maker himself!
" D’fhéadfaí a rá gur shiúil sí isteach le bogha amháin ach gur shiúil sí amach le ceardlann iomlán agus an déantóir féin! ** ** *Is féidir scríobh chuig Noel Burke ag an seoladh burkebows@oceanfree.
Mar bhuarthóir agus mar thógálaí trioblóide an annoyance and as a trouble maker
" Mar bhuarthóir agus mar thógálaí trioblóide agus raice a raibh sé de rún agam an pobal a chur trína chéile ní ba mhoille i mo shaol, bhí sé de dhualgas orm tosú amach i gceart.
scannánóir aitheanta well known film-maker
" Ba é an scannánóir aitheanta Jim Fahey, ar comhfhreagraí é le RTÉ, a stiúir agus a chuir i láthair.
dhéantúsóir maker
" Ach níorbh ann don charr úd ó dhéantúsóir Meiriceánach.
lucht déanta fíona wine makers
" Dála lucht déanta fíona, bíonn blianta níos fearr ná a chéile ag lucht cheist na Gaeilge ach bíodh nach bhfuil 2010 ach ina tús fós, tá an chuma ar an scéal gur bliain den scoth a bheidh ann dóibh siúd a choiméadann beo an traidisiún ársa seo.
scannánaí film maker
" Ba é dúnmharú an scannánaí agus an chriticeora Theo van Gogh ag fear óg Maracach sa bhliain 2004 íosphointe tubaisteach an aighnis go dtí seo, ach inniu féin, ní féidir leat nuachtán a oscailt gan tuairiscí a léamh faoin teannas idir Mhuslamaigh agus an chuid eile den tsochaí.
déantóirí makers
" Dá mbeadh sé chomh feidhmiúil agus bhí na déantóirí ag dúil leis, bheadh an buama a réab tríd an Grand Hotel i mBrighton ag 2:54rn ar an 14 Deireadh Fómhair 1984 ar cheann de na hionsaithe ba mhó tionchar ar stair na hÉireann riamh.
scannánóra film maker
" Má d’fhag an Sóibhéideach sainmharc ar bhealach oibre an scannánóra, iompaíonn Abbas Kiarostami, fear an fhíorama, an aestéiteacht sin ar a cheann.
príomhbheartaí principal policy maker
" Tugadh “príomhbheartaí reachtach de chuid stocairí Iosrael ar Chnoc an Chaipeatóil” (nó Cnoc Washington, más fearr leat) ar iarfheisire, Stephen Solarz, a chabhraigh le tús a chur leis an ngrúpa.
cheardaí scannáin film maker
" Tá Villeneuve an-oilte mar cheardaí scannáin.
lucht déanta beartas policy makers
" ie/news/item/1794/critical-skills-retention-and-development-programme/> faoi easpa scileanna digiteacha sa tír seo ina chuireann siad brú ar lucht déanta beartas féachaint chuige beartais a dhéanamh a mheallfaidh níos mó oibrithe leis na scileanna seo go hÉirinn.
Lucht achrainn ceart críochnaithe real trouble makers
" Lucht achrainn ceart críochnaithe a bhí sna déagóirí seo.
scannánóirí faisnéise documentary film-makers
" Tá Adam Curtis ar dhuine de na scannánóirí faisnéise is fearr dá bhfuil ag saothrú faoi láthair.
chinneadóir the decision maker
" Dúirt an Breitheamh Nial Fennelly go mbeadh sé neamhghnách ag an bpointe seo go ligfí do chinneadóir gan cinneadh dá chuid a mhíniú.
cheardaithe físeáin video makers
" Agus muna dtaitníonn YouTube leat ar fáth éigin, tabhair aird ar Vimeo, atá gleoite agus dírithe ar cheardaithe físeáin in ionad chuile dhuine beo.
déantóirí agus lucht bradaíola makers and pirates
" Cosnaíonn an Pi is daoire $35 agus tá déantóirí agus lucht bradaíola fud fad na cruinne ag dul chun scéine leis na féidireachtaí a thairgeann an tseoid seo dóibh.
déantóir scannán film-maker
" Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoin amhránaíocht, faoina shaol i Meiriceá agus faoin chonspóid idir é féin agus an déantóir scannán Bob Quinn níos luaithe i mbliana.
lucht déanta scannán film-makers
" Féachann Ciara Nic Gabhann ar shaol agus ar shaothar an aonaráin seo a ndeachaigh a chuid pictiúr i bhfeidhm ar go leor daoine, lucht déanta scannán ina measc.
déantóir scannán film-maker
" Tá an déantóir scannán Louis Marcus tar éis saothar a chur ar fáil le beagnach caoga bliain anuas a thugann léargas tábhachtach ar shaol na hÉireann.
déantóir scannán film-maker
" Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh.