Spreagann an ráiteas sin an chéad cheist eile: an bhfuil an locht ar an nuachtán féin?
An amhlaidh nach bhfuil an táirge maith go leor chun go mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach? Go pearsanta, is breá liom cuid de *Lá Nua*: an dearadh ildaite agus tarraingteach; na colúin pholaitiúla le leithéidí Sheáin Uí Thuairisg; an podchraoladh laethúil, na colúin a scríobhann Conn Ó Muíneacháin ar chúrsaí blagadóireachta agus Idirlín; an deis a thugtar d’iriseoirí óga dála Mheadhbh Ní Eadhra; leideanna gnó Mháirtín Uí Mhuilleoir.