Dá siúlfeá isteach i nduine tré thimpiste ar an tsráid, bheifeá múinte agus ag gáire ar a amscaí agus a bhí tú agus “nach mór an náire mé? Caidé an dóigh ar fhorbair muid mar speiceas ar chor ar bith?” Ach uair amháin a bhíos an duine i mbosca mór crua miotail, glasáilte, sábháilte, iompaíonn sé isteach
ina mhaistín, ag cuardach díoltais do gach drochrud a rinneadh air i gclós na scoile.