Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd.