“Nuair a chuireann tú í i gcomparáid leis an aos dlí ó dheas atá ag déanamh na múrtha airgid as na binsí fiosrúcháin, is léir gur bean as an ghnáth í.
Déanann na comhlachtaí príobháideacha seo na múrtha airgid agus is leo na foirgnimh a thógann siad! Caithfear £4bn in aghaidh na bliana ar thionscadail PFI go dtí 2012, ar chostais i bhfad níos airde ná mar a bheadh i gceist dá ndéanfaí na tionscadail seo a mhaoiniú ar an ghnáthdhóigh.