Cad é a bhí mar phríomhscéal acu sin??? Inseoidh mé daoibh: May Mac Ránais ag cothú trioblóide idir Íosa Mhic Ghiolla Mháire agus An Seanadóir Navid Doris ar mhaithe lena leabhar úr a dhíol; scéal a bhí chomh mórchúiseach gur dhíbir sé Géarchéim na hIaráice isteach in aice leis na leathanaigh spóirt.
Dúradh le Lizzie go raibh sé ar a bhealach le faisnéis mhórchúiseach stáit agus bhí sí ag fanacht leis sa chistin, í leath bealaigh fríd bhabhla mór *Coco Pops*.