Ach, in ionad é a dheisiú le clocha áitiúla sa dóigh is go mbeadh sé díreach mar a bhí sé arís, bhain an Chomhairle Contae úsáid as gnáthbhloic choincréite, le balla díreach, leadránach, míofar a thógáil ina áit.
Ghearr an breitheamh dhá bhliain charcrach ar Nadezhda Tolokonnikova (22), Maria Alyokhina (24) agus Yekaterina Samutsevich (30) as a n-agóid, a mhair 40 soicind agus dúradh leo, ‘gur diamhasla míofar a bhí ann a bheith ag mallachtú san eaglais’ agus go raibh siad ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar an Eaglais Cheartchreidmheach.
Cé gur chuir cinneadh míofar GM go leor daoine le báiní abhus, bhí sé i gcomhfhios don saol mór le deich mbliana anuas go raibh an comhlacht ag sracadh leis an saol agus laghdú ina sciar den mhargadh le sonrú de réir a chéile.