Agus i ndiaidh do mhuintir bhocht na hÉireann dul ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as, agus vótaí a chaitheamh de réir a dtola agus
a méine agus a ndúile, thit mar a bheadh tost ar an tír, agus níor chualathas glór cantalach Chathail Mhic Ceithearnach Coille ag múscailt daoine ar maidin ná glór séimh binn Vincentius Brownius ag cur daoine ina dtámhnéal suain san oíche.