Léirítear i *Ghostship* long taibhsiúil, a rinneadh as fíorlong clúdaithe le péinteanna solasmhara, agus tháinig na sluaite go Cuan Átha Cliath le hamharc air nuair a bhí sé ar taispeáint.
saothar dealbhóireachta agus ealaín suiteálapieces of sculpting and of sited luminous art
Lumière agus Turner
========
I measc buaicpointí na n-imeachtaí ealaíne a bhí le feiceáil sa chathair i rith na bliana bhí Lumiere, taispeántas solais ollmhór a bhunathraigh an chathair le 17 saothar dealbhóireachta agus ealaín suiteála solais a bhí le feiceáil ar fhoirgnimh agus i spásanna poiblí ar fud na háite i mí na Samhna.