Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe
=============
A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na *‘white collar unions’*? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.