Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foinsí liteartha literary sources
" Cé gur dóigh liom gur chóir i gcónaí aird agus tuiscint a chothú ar shaibhreas nádúrtha na teanga sa Ghaeltacht agus sna foinsí liteartha, sílim gur shaibhrede an teanga muid go léir a bheith níos oscailte d'fhocail ó chanúintí eile seachas "ár gceann féin" agus d'fhocail nuacheaptha de rogha ar fhocail Bhéarla.
seoda litríochta literary jewels
" Is beag an baol go bhfuil dearmad déanta ar leithéidí Thomáis Criomhthain, Mhuiris Uí Shúilleabháin agus Pheig Sayers a thug seoda litríochta dúinn.
saothar liteartha literary work
" Níos deireanaí sa fichiú haois, d'fhoilsigh Breandán Ó hEithir agus scríbhneoirí eile saothar liteartha a choinnigh an t-oileán sa nuacht.
laoch na litríochta the literary hero
" Ar theacht an earraigh gach aon bhliain thig fonn caite ar laoch na litríochta, fonn nach furasta é a cheansú.
chomórtaisí litríochta literary competitions
" "Tá béim faoi leith ar chomórtaisí litríochta le linn na féile i mBaile Átha Cliath.
cruthúchán liteartha literary invention
" Saothar cumadóireachta é, cruthúchán liteartha, réaltacht fhíorúil; réaltacht a bheadh cosúil le réaltacht a bheadh fíor.
gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha that he crossed the threshold of literary reality
" Ó tá a fhios ag an léitheoir gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha ar léamh na n-abairtí tosaigh dó, tuigeann sé go bhfuil sé ag plé anois le domhan a dhéantar a struchtúrú ar bhealach áirithe mar mhaithe le scéal a insint, le téamaí a phlé agus le hipitéisí a chur i gcás.
príomhdhuais liteartha main literary prize
" Is é Uachtarán an Chomuinn a bhíonn ina bhun seo, ag bronnadh gradaim - príomhdhuais liteartha na nGael - ar an té a chum an dán is fearr an bhliain sin.
ár Léirmheastóir Liteartha our Literary Critic
" "Níl ann ach cuid mhór seanchaca!" a mhaíonn ár Léirmheastóir Liteartha, agus leis sin míníonn sé cúis a ghangaide: Dar le Balor an Bhéil Bhinn nach bhfuil ann ach mac leabhair; gur seanuncail leis féin, Dónal Donn an Phinn Nimhe, a scríobh an leabhar bunaidh: *The McGlinchy Commode*.
saothar litríochta literary work
" Leis an teanga chéanna a chuireann lucht a labhartha eolas ar an domhan iomlán ina maireann siad, rud a fhágann an saothar litríochta ina thrasghearradh den iliomad dioscúrsaí a thiteann amach sa teanga.
saothar litríochta literary work
" Leis an teanga chéanna a chuireann lucht a labhartha eolas ar an domhan iomlán ina maireann siad, rud a fhágann an saothar litríochta ina thrasghearradh den iliomad dioscúrsaí a thiteann amach sa teanga.
saothair liteartha literary works
" Roghnaíodh saothair liteartha as gach ré sa dá thír agus iarradh ar na péintéirí agus na peannairí freagairt do na píosaí sin.
oidhreacht liteartha literary heritage
" Tugann an cnuasach léargas cruinn fairsing ar oidhreacht liteartha an dá phobal Gael, ó fhilíocht Sean-Ghaeilge an 6ú haois go dtí filíocht Ghaeilge an 21ú haois.
duais liteartha literary prize
" ” Cailleadh an Ríordánach i 1977 agus scríobh Ó Coileáin beathaisnéis an fhile, *Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar*, a tháinig amach i 1982 agus a bhuaigh duais liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí i 1984.
bronnadh na nduaiseanna liteartha the giving out of the literary prizes
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
comhthéacs litríochta agus polaitiúil literary and political context
" D’éalaigh mé ón dearcadh ‘tréadlach neamhpholaitiúil’, agus chuir mé an comhthéacs litríochta agus polaitiúil isteach.
Laoch na Litríochta the Literary Hero
" Agus cén spórt atá i gceist ag Balor Bladhmannach? Cén spórt eile ach an tOlltoghchán? Chuaigh Laoch na Litríochta chun cainte leis an bheirt is mó le rá de na ceannairí polaitíochta, féachaint cén dearcadh atá acu féin ar an spórt náisiúnta seo, agus cad é a bhí le rá acu faoi na feachtais toghchánaíochta a bheadh dá stiúradh acu féin.
Laoch na Litríochta the Literary Hero
" “Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé: “Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé.
Laoch na Litríochta. the Literary Hero.
" “Chuirfeadh an fhéile sin samhnas ar asal,” a deir Laoch na Litríochta.
feall na haicme liteartha the treachery of the literary class
" Tugann Ní Dhuibhne spíd, uaillmhian agus feall na haicme liteartha chun solais le línte beaga a ghearrann go croí: “*Now she found herself facing Carl Thompson, one of the Irish writers whom she would rather not meet, ever.
os cionn aos dána na tíre, above the literary set of the country,
" Tá Seamus Heaney ann – é ina impire os cionn aos dána na tíre, agus cuireann Ní Dhuibhne síos go beacht ar an mheon bídeach éadmhar sin atá mar chuid d’imeachtaí liteartha na tíre.
breac le tagairtí don litríocht, rife with literary references
" Labhair sé go bríomhar paiseanta, a chuid cainte breac le tagairtí don litríocht, agus is léir go bhfuil dúil a anama sa cheol aige.
saothair liteartha literary works
" Cuireann COIS LIFE saothair liteartha agus taighde ar fáil i nGaeilge.
saothar liteartha den scoth a literary work of excellence
" Is fiú an leabhar a léamh ach ná bí ag súil le saothar liteartha den scoth!
gluaiseacht litríochta a literary movement
" Le linn na 40í, thosaigh gluaiseacht litríochta faoi stiúir Roparz Hemon ag iarraidh litriú agus cultúr na teanga a tharrtháil.
go gcuirtí riocht liteartha ar a literary guise was generally put on
" ’* Cheap Fussell ná féadfaí ár agus imní 1914-1918 a léiriú i gceart le foinsí staire traidisiúnta ós rud é go gcuirtí riocht liteartha ar na foinsí seo, rud a d’athraigh a gcuid ionracais inmheánach trí thimpiste.
d’oidhreacht liteartha the literary inheritance
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
ag iarraidh caidreamh liteartha looking for a literary relationship
" (An eol do dhaoine, cuir i gcás, go bhfuil a dteanga féin acu in Goa agus go raibh na Portaingéalaigh ar a ndícheall á scriosadh? Beidh mé ag iarraidh caidreamh liteartha leis an dream sin a neartú amach anseo le cúnamh Dé.
laoch na litríochta the literary hero
" Bhí a fhios agaibh go raibh Balor calma curata, a chairde, ach an raibh barúil ar bith agaibh díreach cé chomh cróga is atá laoch na litríochta? Bhuel, ag deireadh na míosa seo caite thug sé cuairt neamhoifigiúil ar Bhanríon na hEorpa, Angela Regina Merkel (ARM mar ghiorrúchán) ceannaire neamhthofa na hEorpa.
an teanga liteartha is sine the oldest literary language
" A leochailí atá staid na teanga, an teanga liteartha is sine san Eoraip lasmuigh den Ghréigis atá fós á labhairt - agus í i mbéal báire ag lucht polaitíochta.
tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais L.’s literary talents arose from a feeling of absence
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais.
dá acmhainn liteartha seo greim air both of these literary resources grabbed him
" Rug an dá acmhainn liteartha seo greim air, agus mhúnlaigh Lincoln na téarmai agus na híomhanna éagsúla iontu gan stad gan staonadh le linn a shaoil pholaitiuil.
an dá chur chuige liteartha seo these two literary approaches
" Cumhacht Focail ======= Laoch mór aige Lincoln ab ea Shakespeare ach go háirithe Duncan i Macbeth (‘O my offence is rank!’), agus is féidir nasc a dhéanamh idir an dá chur chuige liteartha seo.
desna seoda liteartha of the literary gems
" Seo cúpla ceann desna seoda liteartha a thug sé fé ndeara, seoda a shoilsíonn na cathanna cultúrtha ba thábhachtaí le linn óige an tSaorstáit nua againn.
iargúltacht (literary) backwater
" Ní raibh stad ná staonadh ón bhfear léannta seo agus é ag iarraidh iargúltacht an corpus liteartha Gaelach ón 19ú aois a dhíbirt.
rinne sé ionsaí ar chur chuige liteartha daingin he attacked the strict literary approach
" Ina leabhar tábhachtach mar gheall ar a dhlúthchara Stephen Mc Kenna, Mo chara Stíofáin (1939), rinne sé ionsaí ar chur chuige liteartha daingin Daniel Corkery a bhí lán go béal le rialacha casta.
Féile liteartha a literary festival
" Féile liteartha a bhfuil baint agam leis, sin é a bhí ann.
Tionchar mór ar chur chuige liteartha a great influence on W’s literary approach
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
stíl an ghaiscigh liteartha seo this literary warrior’s style
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
rannóg liteartha chúng sin this narrow literary sector
" Sa rannóg liteartha chúng sin, rannóg na mbotún, d’fhéadfaí Henry Adams a lua.
duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas the Oireachtas Literary Competition prizes
" Bronnadh duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas sa Cheoláras Náisiúnta ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
shaol nualitríochta new literary world
" Is spéis le Mícheál Ó hAodha fear a bhí i lár shaol nualitríochta agus ceoil na Stát Aontaithe agus a d’fhág a rian ar scríbneoirí ar nós Allen Gisberg, Jack Kerouac, Bob Dylan agus eile, agus ar a saothair.