Pota Focal Intergaelic
blink | clink | ink | lank | lick
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nasc a link, bond
" Cothaíonn seo nasc idir daoine sa ghrúpa ach má dhírimid rómhór ar cheantar amháin, beidh faillí á déanamh i gceantair eile.
dlúthcheangal pearsanta strong personal link
" Déantar gach rud ar leibhéal beag agus mar sin bíonn dlúthcheangal pearsanta idir na daoine.
go snaidhmfí a shloinne riamh le that his surname would ever be linked with
" Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid: James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern) Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
na nascanna the links
" Ach tá sé éasca do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh a bheith dall ar na nascanna seo.
nasc link
" Arís bhí nasc idir stádas socheacnamaíoch agus leibhéal sláinte.
nascanna links
" Tá siad ag iarraidh na Sé Chontae a athrú ón taobh istigh, nascanna leis an chuid eile d'Éirinn a láidriú, ag baint úsáide as an pholaitíocht lena dhéanamh, le beirt Airí chumasacha sa dá roinn is tábhachtaí ó thuaidh.
nascanna rathúla successful links
" Cad é faoin Fhronta Pan-Náisiúnaíoch? Tá bearna idir an SDLP agus Sinn Féin, tá Bertie Ahern ag obair lámh ar láimh le Tony Blair (agus é ag breathnú ar an chéad olltoghchán eile ó dheas), tá rialtas úr i Meiriceá nach bhfuil chomh tógtha sin fá cheist na hÉireann, ainneoin go raibh siad níos gníomhaí go dtí seo ná mar bhí daoine ag dúil leis (ach ní chuideoidh cás "Thriúr Bogota" le nascanna rathúla le Washington a chothú do Shinn Féin).
nascanna links
" Feicfidh sibh nascanna idir www.
nasc link
" Cothaíonn sé nasc idir pobail Ghaeltachta na tíre agus cuireann seirbhís ar fáil chomh maith do lucht na Gaeilge sa chuid eile den tír agus ar fud an domhain.
dlúthbhaint strong link
" B'iontach an tseachtain í an tseachtain seo caite, *Groundhog Day* ach le suímh éagsúla - mí-úsáid phoiblí pháistí Scoil na Croise Naofa; fíochmhaireacht an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste; buille eacnamaíochta don chomhlacht Shortts; moilleadóireacht an NIO fá stádas shos cogaidh na ndílseoirí agus, anois, dúnmharú iriseora a dhírigh solas geal ar an dlúthbhaint idir paramílitigh dílseacha agus drugaí.
dlúthcheangal strong link
" Tháinig dream i gceannas ar an tír ar theastaigh uathu go mbeadh dlúthcheangal idir a gcreideamh Ioslamach agus an stát.
dlúthcheangal a strong link
"dlúthcheangal déanta acu idir an Ghaeilge agus cúrsaí ceoil traidisiúnta agus cúrsaí spóirt.
ceangal link
" Leis an phróiseas síochána, b'fhéidir go mbeidh Éireannaigh i Sasana a bhfuil ceangal acu le 1916 níos sásta labhairt amach faoi, gan imní a bheith orthu faoi aird an Bhrainse Speisialta nó MI5 a tharraingt orthu féin.
ceangal link, tie
" An bhfuil ceangal láidir agaibh le hÉirinn? Tá an-cheangal againn le hÉirinn, go háirithe le hOideas Gael agus le Liam Ó Cuinneagáin.
nasc link
" Caillimid an nasc leis an nádúr nuair a chaillimid teanga.
nasctha linked
" Tá na rátaí úis athraitheacha nasctha le ráta úis Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE) (3.
nascanna links
" Mar sin, nuair atá suíomh gréasáin á dhearadh is fearr i gcónaí gach eolas tábhachtach (agus fiú amháin na nascanna ó áit amháin ar an suíomh chuig áit eile) a bheith priontáilte go soiléir sa phríomhchuid den téacs ar an leathanach.
nasc link
" Bhí gnáthchuma air seachas go raibh spás páirceála an-mhór os a chomhair, lán le trucailí, agus bhí fál slabhra-nascanna timpeall air.
go gcothófaí nasc níos láidre that a stronger link be forged
" Glacadh leis an rún go mbeadh Fianna Fáil ag eagrú ar fud an oileáin, nó go gcothófaí nasc níos láidre leis an SDLP.
nasc foirmeálta formal link
" Da mbeadh nasc foirmeálta ag Fianna Fáil leis an SDLP, d'fhéadfadh an páirtí tuaisceartach troid in éadán Shinn Féin ó thuaidh agus an páirtí deisceartach dul in iomaíocht leo ó dheas.
ag cothú nascanna fostering links
" Thosaigh an Cumann sin ag cothú nascanna leis an eastát náisiúnaíoch agus le heastát eile, Carnany, mar a maraíodh na deartháireacha Quinn.
nasc link
" 3, Bealtaine - Meitheamh 2002) faoin fhoirgneamh An nasc atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál: *The Republic has dispensed generations of rhetoric and pietism about the revival of Irish.
ag nascadh linking
" Cén fáth ar bunaíodh é? Theastaigh uainn cultúir ársa na hÉireann a chur i láthair an tsaoil mhóir sna modhanna is rídhéanaí, ag nascadh an traidisiúin leis an nua-aimsearthacht.
nasc link
"nasc déanta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad le Ráth Cairn agus cuireann siad cúrsaí teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ina gcónaí i bhfoisceacht fiche míle den cheantar.
nasctha linked
" Cé go bhfuil gléasanna leictreonacha ar fud an tí, níl siad nasctha le chéile faoi stiúir ríomhaire lárnaigh go fóill.
ceangal link
"ceangal láidir ag an ghrúpa leis an UDA/UFF ach bhí smaointe úra ó thaobh na ndílseoirí sa cháipéis seo 24 bliain ó shin.
ceangal link
" Níor thuig sí ag an am sin go raibh ceangal aici le hÉirinn, gur ansin a rugadh a sin-seanmháthair.
dlúthcheangal intimate link
" Go deimhin, mar a thaispeánann *So Others Might Live*, tá dlúthcheangal idir stair an FDNY agus stair na nÉireannach i Nua-Eabhrac.
fite fuaite i dteanga eile inextricably linked with another language
" Ansin, chuireas spéis i litríocht na hÉireann agus cé gurbh as Béarla a léigh mé an chuid is mó de na leabhair, ba léir dom go raibh an Béarla a bhí á úsáid fite fuaite i dteanga eile - le teanga dhúchais na tíre.
gaol relationship, link
" Cé go bhfuil bunús le hargóint an Uasail Mullan, creidim féin go bhfuil an scéal níos casta agus go bhféadfadh cás de Róiste a bheith ceangailte leis an eagraíocht mhistéireach Saor Éire agus an gaol a bhí ag airí áirithe i rialtas Fhianna Fáil ag an am leis an eagraíocht chéanna.
nasc link
" Mhaígh sé go raibh nasc idir Glór na nGael agus na Sealadaigh.
Naisc láidre strong links
" Naisc láidre san Ollscoil féin agus lasmuigh.
nasc links
" Tá an méid sin nasc idir Merseyside agus Éire nach bhfuil spás do gach rud sa bhróisiúr seo, mar shampla Séipéal Naomh Nioclás, an áit ar phós Dubhglas de hÍde agus Lucy Kurtz in 1896; Breckfield Road South, áit ar rugadh Piaras Béaslaí in 1881 agus Reilig Walton, áit a bhfuil Robert Noonan, údar *The Ragged Trousered Philanthropists*, curtha.
Scrúdaítear an nasc the link is examined
" Scrúdaítear an nasc idir cultúr na ngunnaí agus gnéithe eile den tsochaí, mar an t-impiriúlachas agus an ciníochas, agus easpa córais mhaith leasa shóisialaigh.
nasc link, tie
" "Bhí mé féin agus cara liom páirteach i gcoimisiún le píosa dealbhóireachta a chruthú chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nasc atá idir Árainn Mhór agus Beaver Island sna Stáit Aontaithe.
nasc link
" TG4 ======= Anois cé nach bhfuil aon bhaint ag an méid sin thuas le cúrsaí spóirt, tá nasc eatarthu mar sin féin.
nasc link
"nasc láidir trasteorann mar chroí-pháirt den eagraíocht.
nasctha linked
" Baineadh triail as tionscadail eile den chineál seo thar lear, mar shampla ceann sa Bhreatain Bheag a bhí nasctha le Fiontar, agus níor mhair siad ach timpeall dhá bhliain.
nasc ársa ancient link
" Léiríonn ainm an oileáin, Cléire, a nasc ársa le creideamh.
nasc link
" Ta gá mór acu le cláracha raidió ina dteanga féin chun eolas a fháil agus mar nascadh pobail.
ceangal link
" Rinneadh ceangal idir an Ghearmáinis chaighdeánach, áfach, agus forás, oideachas agus clisteacht.
ceangal láidir a strong link
"ceangal láidir aige féin agus ag a mhuintir le cultúr agus teanga na hÉireann.
naisc urraithe sponsored links
" Freisin, tá Google ag giniúint airgid trí naisc urraithe a thaispeáint taobh leis na torthaí ar ghnáthchuardach idirlín.
nasc link
" " Is dhá áit iad Baile an Sceilg agus Cape Cod a bhfuil nasc láidir eatarthu, is cosúil.
nasc link
" Ar an liosta tá ceithre thionscadal a bhaineann leis an mBreatain agus le hÉirinn - nasc bóthair agus iarnróid idir Hull agus Learpholl; feabhsú ar an mbóthar iarainn idir Crewe agus Holyhead; an bóthar iarainn idir Felixstowe agus Nuneaton; agus an nasc bóthair agus iarnróid idir Leatharna agus Corcaigh via Béal Feirste agus Baile Átha Cliath.
dlúthbhaint a strong link
" "Tá an t-uafás oideachais fríd an Bhreatnais againn, ach an bhfuil go leor ann do na páistí sin i ndiaidh am scoile? Tá fadhb eile ann sa mhéid is go bhfuil dlúthbhaint ag an Bhreatnais le hoideachas agus leis an scoil, agus tá sé níos faiseanta a bheith ag labhairt an Bhéarla," dar le hAled.
nasc link
" Ta gá mór acu le cláracha raidió ina dteanga féin chun eolas a fháil agus mar nascadh pobail.
An nasc deireanach the last link
" An nasc deireanach leis an bhfód dúchais anois faoin bhfód céanna.
baint dhíreach direct link
" Cé nach bhfuil baint dhíreach ag an scoil leis an AOH, bheireann an eagraíocht sin cead don scoil áiseanna an fhoirgnimh a úsáid dá gcuid ranganna agus imeachtaí.
nascanna leathanbhanda broadband links
" Ná bac leis an gcaint faoi theileachomhdhálacha físe le cabhair nascanna leathanbhanda - má fhágtar seacht gcinn de ranna rialtais i mBaile Átha Cliath is ansin a bheas an fhíorchumhacht agus is ansin a bheas cuid mhaith de na daoine is cumhachtaí ag iarraidh a bheith.
ceangal link
" Thar na blianta, cruthaíodh ceangal idir Liam agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall.
cruthaíodh ceangal a link was created
" Thar na blianta, cruthaíodh ceangal idir Liam agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall.
ceangailte go dlúth le Batasuna closely linked with Batasuna
" net)), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA) an sléacht láithreach.
nascanna láidre eacnamaíocha strong economic links
" Ar ndóigh, ba ré chrua i stair na tíre í ré an Chumannachais, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go raibh an tSeicslóvaic rathúil mar thír roimh an dara cogadh domhanda, agus nascanna láidre eacnamaíocha aici ar fud iarthar na hEorpa.
aon cheangal díreach a léiriú to show any direct link
" Cé go n-éiríonn le roinnt eolaithe an bhéim ina dtaighde a athrú chun dul in oiriúint don dream atá ag cur airgid ar fáil, tá sé an-deacair ag réalteolaithe aon cheangal díreach a léiriú idir a gcuid oibre agus dearadh ríomhairí nua-aimseartha, mar shampla.
nasc link
" Níos mó nasc a bheith againn le lucht gnó na háite maidir le cur chun cinn na Gaeilge.
dlúthcheangal close link
" Cé as ar tháinig an traidisiún seo ómós a thabhairt don mháthair? Measaim féin go bhfuil dlúthcheangal aige leis an mhórurraim atá le fáil sa tír do Mhaighdean Guadalope, *La Virgin de Guadalope *nó Banríon Mheicsiceo, *La Reina de México*.
gaol aisteach strange link
" " An pisreoga iad na reiligiúin? "Ní hea, ach go bhfuil gaol aisteach idir foinsí an chreidimh agus an tslí ina ndéileálann lucht déanta na gcuimhneachán seo leo.
ceangal link
" Seirbhís chuimhneacháin 15 bliana tar éis na tubaiste a spreag na hiníonacha le ceangal a dhéanamh idir an corp agus a n-athair.
nasc link
" Measaim go bhfuil brí éigin ann, nasc eadrainn féin agus an seansaol.
dlúthbhaint close link
"dlúthbhaint againn le Gaelscoileanna, bunscoil agus meánscoil agus tá comhoibriú iontach ar bun againn leis na daltaí, na tuistí, na hoidí agus boird bhainistíochta.
nasc link
" Ciníochas i mBéal Feirste an téama a bhí ann, agus an nasc idir an ciníochas sin agus an ciníochas a raibh na hÉireannaigh féin thíos leis ar feadh na gcéadta bliain.
nasc link
" " Maoiniú ======= Is é BRL a chuir an chuid is mó den mhaoiniú, timpeall €20,000, ar fáil don fhéile drámaíochta seo, mar gur aithin siad go bhfuil gnaoi ag muintir na háite ar an teanga agus nasc acu léi.
naisc thaistil travel links
" Chomh maith leis sin, is féidir eolas a fháil ar shuímh na n-aerfort iad féin agus ó na naisc thaistil atá acu.
nasc link
" Tá rud neamhchoitianta ansin, is é sin crann tótaim, a dhéanann an nasc le Ceanada a cheiliúradh.
nasc gutháin phone link
" Ag labhairt ag cruinniú de chuid *Stop the War Coalition *i Learpholl trí nasc gutháin, ar an lá a tháinig an scéala báis amach, d'iarr Paul Bigley ar an rialtas stad a chur leis an chogadh chun beatha daoine eile a shábháil.
nasc link
" Is rud an-tábhachtach é, an nasc sin le do dhúchas a chothú.
gaol link
" Déanfaidh *The Knitting Map*, tionscadal suntasach neamhghnách eile a bheidh le feiceáil i gCorcaigh, seanteicneolaíocht (cniotáil) agus nuatheicneolaíocht (satailít) a nascadh le chéile chun an gaol atá ag Éirinn le snáth a léiriú.
nasc link
" Ar deireadh, moladh amháin a bheadh agam faoi na Réaltaí ná go ndéanfaí nasc ar leith idir an scéim agus Corn an Bhóthair Iarainn.
ceangail acadúla academic links
" Láidreachtí: Táimid neamhspleách, solúbtha agus tá cáilíochtaí agus ceangail acadúla againn.
chun naisc a chothú to foster links
" Míníonn **Pádraig Mac Éamoinn**, ar comhairleoir é in earnáil na heitlíochta, cad é go díreach a thiteann amach ag comhdháil bhliantúil a bhíonn ar siúl chun naisc a chothú idir na haerlínte agus na haerfoirt.
ceangail acadúla academic links
" Láidreachtí: Táimid neamhspleách, solúbtha agus tá cáilíochtaí agus ceangail acadúla againn.
naisc link
" Mar sin, cad é an tuairim atá aige faoin bhféiniúlacht Éireannach sa lá atá inniu ann? Nuair a dhein sé *The Irish Condition*, bhí sé an-tógtha le smaointe Joe Lee i leith an naisc idir teanga, féiniúlacht agus rathúnas geilleagrach.
cheangal link
" D’aithin an IRA agus Sinn Féin – amharcaim ar an cheangal idir an dá eagraíocht mar phósadh, ní hionann fear agus a bhean chéile ach is lánúin iad, níl duine amháin i gcónaí freagrach as iompar an duine eile – go raibh féidearthachtaí ann deireadh a chur leis an “streachailt armtha” agus a gcuspóirí a thabhairt chun críche.
cheangal mara sea link
" Chas mé air i 1987 agus mé ag scríobh gné-alt mór don *Irish Post *faoin cheangal mara atá ann idir Learpholl agus Éire, agus go háirithe leis an Inbhear Mór i gCill Mhantáin, áit ar rugadh agus ar tógadh John.
dlúthcheangal a close link
" "Tá dlúthcheangal againn le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus tá sé beartaithe acu an bád a chur ar taispeáint i mBaile Átha Cliath an t-earrach seo chugainn.
ceangal link
" “Ní hamháin gur ón gcontae céanna dúinn,” a deir sé, “ach bhí ceangal ag an triúr againn leis an bparóiste céanna.
cheangal link
" Ba thréimhse sheasc i dtaca le rannpháirtíocht na hÉireann san fhéile na seachtóidí agus na hochtóidí agus ansin rinne Willy Doherty agus Dorothy Cross athcheangal léi i 1993 agus is léir go bhfuil an ceangal sin ag dul ó neart go neart ó shin i leith.
athcheangal a new link
" Ba thréimhse sheasc i dtaca le rannpháirtíocht na hÉireann san fhéile na seachtóidí agus na hochtóidí agus ansin rinne Willy Doherty agus Dorothy Cross athcheangal léi i 1993 agus is léir go bhfuil an ceangal sin ag dul ó neart go neart ó shin i leith.
dlúthcheangal close link
" Bhéarfaidh sin barúil mhaith duit cén cineál grá atá aige don teanga, don Chonradh, agus d’Éirinn, agus an dlúthcheangal atá aige leo.
dlúthcheangal strong link
" Cén fáth a raibh post an mhúinteora chomh híseal sin? Cibé cén chúis atá leis an mharc íseal, is léir go bhfuil dlúthcheangal na laethanta seo idir an mhúinteoireacht agus an rátáil, go háirithe ó tháinig (www.
nasc link
" ie, tá nasc chuig an *“Wall of Shame” *le fáil agus liosta de scoileanna Éireannacha nach bhfuil fáil ar an suíomh ar a ríomhairí.
nasc concréiteach concrete link
" Caithfidh mé a rá gurb é an easpa cód poist in Éirinn, agus an bhaint atá idir seoladh agus eolas áitiúil, ceann de na rudaí is maith liom go mór faoinár dtír; is nasc concréiteach iad na seoltaí mar atá leis an stair, ceangal idir na daoine agus an áit ina bhfuil cónaí orthu, cosaint bheag ar dhíphearsanú shaol an lae inniu.
cheangail stairiúil historic link
" B’ionann sin agus tréas i súile lucht leanúna Man Utd mar, de bharr an “cheangail stairiúil” leis an tír seo, ceapadh go “seasfadh” McManus agus Magnier an fód ar son gnáthlucht leanúna Man United i gcoinne an “namhad” ón taobh amuigh.
ceangal a chothú to make a link
" Más foghlaimeoir thú, ceapaim go bhfuil sé tábhachtach ceangal a chothú leis na daoine eile timpeall a bhfuil Gaeilge acu, nó a bhfuil suim acu sa teanga – tá sé deacair aon teanga a fhoghlaim i d’aonar.
naisc phearsanta personal links
" I ndomhan ina bhfuil fuadar faoi dhaoine agus gan faill acu naisc phearsanta a dhéanamh i gceart, cé gur bhreá leo a leithéid, cuireann seirbhísí déanta coinní ar líne modh ar fáil do dhaoine le teacht ar chéile - agus ní gá dóibh dul chuig na háiteanna a dtéadh daoine roimhe seo (beáir, mar shampla) chun é sin a dhéanamh.
nasc concréiteach concrete link
" Caithfidh mé a rá gurb é an easpa cód poist in Éirinn, agus an bhaint atá idir seoladh agus eolas áitiúil, ceann de na rudaí is maith liom go mór faoinár dtír; is nasc concréiteach iad na seoltaí mar atá leis an stair, ceangal idir na daoine agus an áit ina bhfuil cónaí orthu, cosaint bheag ar dhíphearsanú shaol an lae inniu.
gaol link
" Tá cuid de na hathruithe is suntasaí bainteach leis an taobh teicniúil de chúrsaí cumarsáide agus bhí tionchar mór ag na hathruithe, dá bhrí sin, ar chúrsaí spóirt agus ar an ngaol atá idir an gnáthdhuine agus spórt.
ceangal link
" Mar níl déanta acu go dtí seo ach cláir aonair fhaisnéise do TG4, *so* cén chaoi a bhféadfaimis ceathrú milliún punt a thabhairt dóibh chun sraith de chláir a dhéanamh? Dá bhrí sin, an rud a rinne muid ná gur thug muid roinnt airgid do na comhlachtaí Gaeilge, agus ansin thug muid airgead do chomhlachtaí an Bhéarla atá tar éis ceangal a dhéanamh le daoine i saol na Gaeilge agus thug muid airgead do chomhlachtaí Gaeilge atá bunaithe ó dheas agus atá anois lonnaithe ó thuaidh freisin.
dlúthbhaint a close link
" “Tá fadhbanna agamsa le codanna áirithe de phobal na Gaeilge a bhfuil dlúthbhaint acu leis an bpoblachtánachas.
ceangal a chothú to make a link
" Más foghlaimeoir thú, ceapaim go bhfuil sé tábhachtach ceangal a chothú leis na daoine eile timpeall a bhfuil Gaeilge acu, nó a bhfuil suim acu sa teanga – tá sé deacair aon teanga a fhoghlaim i d’aonar.
nasc link
" “Bunús na ndaoine a bhfuil baint acu leis an cheol, go minic ní fheiceann siad nasc idir dul chuig coirm cheoil agus fadmharthain an cheoil.
a nascann which links
" Is í an chéim Máistreacht san Eolaíocht an cháilíocht a aithnítear ar fud an domhain in aon réimse tionscail mar an chéim a nascann oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil.
ceangal link
" ” “Tríd agus tríd, tuigimse ón gceangal atá agam le heagraíochtaí Stáit go dtuigeann siad go mbeidh costas áirithe breise ag baint le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, chomh maith le Béarla, ach suimeanna réasúnta beaga a bheidh i gceist.
ghaoil link, tie
" D’aithin file mór na Gàidhlig, Somhairle Mac Gill-Eain, buaine agus tábhacht an ghaoil idir an dá thír nuair a scríobh sé: *an fhéile, * *an fhéile, * *Nach do reub an cuan, * *Nár réab an fharraige,* *Nach do mhill mìle bliadhna;* *Nár mhill míle bliain;* *Buaidh a’ Ghaidheil buan* *Bua an Ghaeil buan * Focail fháidhiúla, gan amhras, a chuirfeadh spiorad agus samhlaíocht an taispeántais *An Leabhar Mòr - Great Book of Gaelic*, a seoladh i Músaem Uladh, Béal Feirste ag deireadh na míosa seo caite, i gcuimhne duit.
nasc link
" Toradh atá sa taispeántas seo ar nasc idir traidisiúin na Gaeilge in Éirinn agus in Albain a thosaigh mar choincheap a bhí ag Stiúrthóir Phroiseact nan Ealan, Calum MacGill Eain, agus ag an fhile Éireannach agus an té a bhí taobh thiar den *Great Book of Ireland*, Theo Dorgan, nuair a bhuail siad le chéile i 1997 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
a nascann é féin which links itself
" Is éard atá sa PVL ná tocsaín láidir a nascann é féin leis an bhaictéir MRSA.
nasc link
" Go bunúsach, cuireann bogearraí VoIP ar chumas daoine – a bhfuil an trealamh ceart ceangailte acu lena ríomhairí (is é sin cluasáin agus micreafón), chomh maith le nasc leathanbhanda – labhairt lena chéile saor in aisce, is cuma cén áit ar domhan a bhfuil siad.
a nascann which links
" Is í an chéim Máistreacht san Eolaíocht an cháilíocht a aithnítear ar fud an domhain in aon réimse tionscail mar an chéim a nascann oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil.